Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 16/10/2018, 16 Deireadh Fómhair 2018

Na príomhthorthaí

Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair

Chuir an Chomhairle bailchríoch ar an ullmhúchán don Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl ar an 18 Deireadh Fómhair 2018 trí dhréachtchonclúidí a phlé.

Ag an gcruinniú sin, tá sé beartaithe ag ceannairí an Aontais saincheist na himirce a phlé an athuair. Tabharfaidh Seansailéir Chónaidhm na hOstaire, Sebastian Kurz, atá ina ionadaí d'Uachtaránacht na hOstaire ar an gComhairle, tuairisc ar an dul chun cinn atá déanta maidir le hathchóiriú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn.

Glacfaidh an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir leis an tslándáil inmheánach, tar éis dhíospóireacht théamach na gceannairí in Salzburg ar an 20 Meán Fómhair.

Ina theannta sin, pléifidh ceannairí an Aontais an caidreamh seachtrach, lena n-áirítear an chomhpháirtíocht leis an Afraic agus an cruinniú mullaigh, ar gearr uainn anois é, le Léig na nArabach.

Highlights of the General Affairs Council on 16 October 2018, in Luxembourg.

An smacht reachta sa Pholainn

Mar chuid de nós imeachta Airteagal 7(1) CAE, thug an Coimisiún an Chomhairle cothrom le dáta faoina bhfuil tite amach le déanaí maidir le hathchóiriú ar an gceartas sa Pholainn.

Chuir na hairí in iúl an athuair a thábhachtaí atá sé an smacht reachta a urramú i mBallstáit uile an Aontais agus chuir siad i dtreis an gá atá le dul chun cinn nithiúil a bhaint amach.

Fillfidh an Chomhairle ar an gceist sin.

Luachanna an Aontais Eorpaigh a urramú san Ungáir

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas maidir leis na céimeanna nós imeachta is neasa i ndiaidh nós imeachta Airteagal 7(1) CAE a ghníomhachtú don Ungáir.

Tabharfaidh an Coimisiún na fíricí is déanaí don Chomhairle faoi na nósanna imeachta ábhartha maidir le sárú.

Tá sé curtha in iúl ag an Ungáir go bhfuil sí sásta rannchuidiú i scríbhinn i dtaca leis na saincheisteanna a cuireadh i dtogra réasúnaithe na Parlaiminte Eorpaí.

An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile

Thug na hairí éisteacht do mheasúnú ón uachtaránacht maidir le staid na himeartha sa scrúdú ar na tograí ón gCoimisiún i ndáil leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027.

Thug an Chomhairle dá haire an tuarascáil i scríbhinn maidir le staid na himeartha a thíolaic an Uachtaránacht.

Le linn an lóin, phléigh na hairí saincheisteanna a bhain leis an taighde agus an nuálaíocht (Fís Eorpach), mar aon le riarachán poiblí Eorpach, fad a bhaineann sé le chéad bhuiséad fadtéarmach eile an Aontais Eorpaigh.

The MFF is the EU’s long-term budget. It sets the amounts that match the EU’s priorities.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025