Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 12/11/2018, 12 Samhain 2018

Na príomhthorthaí

An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027.

Nocht na hairí a dtuairimí ar na pointí is tábhachtaí dar leo i dtaobh comhaontú amach anseo i bhfianaise na hoibre a rinneadh go dtí seo.

Beidh a gcuid treorach mar bhunús do phlé breise a bheidh ann idir na Ballstáit ar an leibhéal teicniúil roimh an gComhairle Eorpach i mí na Nollag.

Leanann Uachtaránacht na hOstaire uirthi ag déanamh tréaniarracht chun an obair ar gach gné den chéad bhuiséad fhadtéarmach eile a thabhairt chun cinn, i gcomhréir leis an sainordú a fuarthas ó na ceannairí. Tá rún daingean againn an oiread dul chun cinn agus is féidir a dhéanamh. Gernot Blümel, Aire Cónaidhme na hOstaire don Aontas Eorpach, na hEalaíona, an Cultúr agus na Meáin

Imeachtaí Airteagal 7(1) CAE

Phléigh na hairí staid nós imeachta Airteagal 7(1) CAE maidir leis an Ungáir.

Thug an Coimisiún an Chomhairle cothrom le dáta maidir leis na forbairtí is déanaí i ndáil leis an athchóiriú breithiúnach sa Pholainn.

Comhairle Eorpach mhí na Nollag

Chuir an Chomhairle tús leis an ullmhúchán do chruinniú na Comhairle Eorpaí ar an 13 agus ar an 14 Nollaigtrí phlé a dhéanamh ar dhréachtchlár oibre anótáilte.

Ag an gcruinniú a bheidh acu i mí na Nollag, díreoidh ceannairí an Aontais ar an méid seo a leanas:

  • an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027
  • an staid mar atá ó thaobh margadh aonair lánfheidhmiúil
  • cur chun feidhme an chur chuige chuimsithigh i leith na himirce
  • na hullmhúcháin don chruinniú mullaigh le Léig na Stát Arabach ar an 24-25 Feabhra 2019
  • gníomhaíocht in aghaidh na bréagaisnéise

Muinín in institiúidí poiblí agus sa smacht reachta

Thionóil an Chomhairle an ceathrú hidirphlé bliantúil faoin smacht reachta, inar díríodh ar an muinín atá ann in institiúidí poiblí agus sa smacht reachta. Le rannpháirtíocht Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, Michael O’Flaherty, phléigh na hairí na príomhthosca lena gcinntear leibhéal na muiníne in institiúidí poiblí, agus an ról a fhéadann na meán, an tsochaí shibhialta, an tAontas agus na Ballstáit a imirt chun cabhrú leis an muinín seo a spreagadh.

Ullmhóidh an uachtaránacht conclúidí maidir leis an díospóireacht agus cuirfear iad faoi bhráid chomhlachtaí ábhartha na Comhairle lena marana a dhéanamh orthu.

Tá sé tábhachtach go leanaimid ar aghaidh leis an idirphlé maidir leis an smacht reachta le linn ár nUachtaránachta agus go mbeadh deis ag na hairí tuairimí a mhalartú maidir leis an tsaincheist sin ar leithligh ó chásanna sonracha aonair. Tá topaic na bliana seo, an mhuinín in institiúidí poiblí, ríthábhachtach chun go bhfeidhmeodh ár sochaithe mar is ceart. Gernot Blümel, Aire Cónaidhme na hOstaire don Aontas Eorpach, na hEalaíona, an Cultúr agus na Meáin

Míreanna eile

D'éist na hairí le cur i láthair agus bhí malartú tuairimí acu maidir le clár oibre an Choimisiúin do 2019.

Thíolaic an Coimisiún a phacáiste coimhdeachta a foilsíodh ar an 23 Deireadh Fómhair. Pléifear an pacáiste níos mine ag comhdháil a d'eagraigh uachtaránacht na hOstaire agus a bheidh ar siúl ar an 15-16 Samhain in Bregenz, an Ostair.

Mar chuid den ullmhúchán don chéad Seimeastar Eorpach eile, chuir Uachtaránacht na hOstaire agus Uachtaránacht inteachta na Rómáine treochlár Sheimeastar Eorpach 2019 i láthair.

Video highlights from General Affairs Council on 12 November 2018

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025