- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (Comhtháthú), 30/11/2018, 30 Samhain 2018
Na príomhthorthaí
An beartas comhtháthaithe tar éis 2020
Phléigh an Chomhairle an pacáiste reachtach maidir leis an mbeartas comhtháthaithe don tréimhse 2021-2027. Príomhbheartas an Aontais is ea an beartas comhtháthaithe le hinfheistiú a dhéanamh i réigiúin agus i gcathracha na hEorpa chun poist a chruthú, chun na bearnaí eacnamaíocha agus sóisialta a líonadh agus chun feabhas a chur ar shaol na ndaoine. Téann breis agus an tríú cuid de bhuiséad an Aontais ar an mbeartas comhtháthaithe.
Dhírigh na hairí ar thrí shaincheist a léirítear i bplépháipéar na hUachtaránachta agus thug siad treoir pholaitiúil ina leith. Thacaigh tromlach na dtoscaireachtaí le moltaí na hUachtaránachta maidir le:
- comhaontú comhpháirtíochta éigeantach
- ré an chlársceidealaithe agus cruth an athbhreithnithe mheántéarma
- comhar críochach
Thug na hairí ar aird freisin an dul chun cinn a rinneadh sa scrúdú ar phacáiste na gcúig rialachán:
- Rialachán na bhForálacha Coiteanna
- an Rialachán maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe
- an Rialachán maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus
- an Rialachán maidir leis an gComhar Críochach Eorpach (Interreg)
- an Rialachán maidir leis an Sásra Trasteorann Eorpach
Is í an treoir pholaitiúil uathusan a bheidh mar bhunús le haghaidh tuilleadh oibre ar leibhéal na saineolaithe.
Tá obair dhíograiseach déanta ag Uachtaránacht na hOstaire ar an bpacáiste comhtháthaithe, ag díriú ar na heilimintí ba mhó a bhí ag teastáil ó na riaracháin náisiúnta agus réigiúnacha chun tosú ag ullmhú don chéad chlárthréimhse eile. Tá áthas orm a rá go bhfuil dul chun cinn suntasach bainte amach san obair sin. Tá an Uachtaránacht tiomanta i gcónaí chun an plé a chur chun cinn go beo chun comhaontú le seasamh na Comhairle maidir le codanna áirithe den phacáiste faoi dheireadh ár dtéarma. Elisabeth Köstinger, Aire Cónaidhme Inbhuanaitheachta agus Turasóireachta na hOstaire agus Uachtarán na Comhairle
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025