Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 19/02/2019, 19 Feabhra 2019

Na príomhthorthaí

An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile

Thíolaic an Uachtaránacht an staid na himeartha i dtaca le caibidlíocht faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027 agus leag sí amach an clár oibre sealadach as seo go dtí mí Aibreáin. Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le heagrú na hoibre amach anseo.

Tá mar chuspóir comhpháirteach ann Dréachtbhosca Caibidlíochta cuíchóirithe a chur ar fáil do Chomhairle Eorpach mhí an Mheithimh, d'fhonn teacht ar chomhaontú ag Comhairle Eorpach an fhómhair 2019.

Tugann an Dréachtbhosca Caibidlíochta le chéile na heilimintí sin ar mó an dóchúlacht go mbeidh treoir pholaitiúil ó na ceannairí de dhíth ina leith chun gur féidir leis an gComhairle a seasamh a ghlacadh. Is uirlis é chun an chaibidlíocht maidir le CAI a struchtúrú agus a éascú. Déantar an Dréachtbhosca Caibidlíochta a phlé agus a nuachóiriú go leanúnach nuair is gá sin, de réir mar a leanann an chaibidlíocht ar aghaidh.

Táimid ag obair go dian chun a áirithiú go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh ar an gcaibidlíocht maidir leis an gcéad CAI eile. Ag plé an lae inniu fuaireamar an t-aiseolas a theastaíonn uainn chun leanúint den obair seo agus chun a áirithiú go mbeidh bonn maith ag ár gceannairí dá bplé maidir leis na saincheisteanna is tábhachtaí i mí an Mheithimh. George Ciamba, Aire Toscaire na Rómáine do Ghnóthaí Eorpacha

Comhairle Eorpach mhí an Mhárta

Chuir an Chomhairle tús leis an ullmhúchán don chruinniú a bheidh ag an gComhairle Eorpach ar an 21 agus ar an 22 Márta trí dhréachtchlár oibre anótáilte a phlé.

Ag an gcruinniú a bheidh acu i mí an Mhárta, díreoidh ceannairí an Aontais ar na hábhair seo a leanas:

  • Poist, fás agus iomaíochas: pléifidh siad forbairt an Mhargaidh Aonair, Aontas na Margaí Caipitil, an bheartais thionsclaíoch agus an bheartais dhigitigh Eorpaigh amach anseo, mar ullmhúchán don chéad Chlár Oibre Straitéiseach eile; Meastar go dtabharfaidh siad aghaidh freisin ar na tosaíochtaí do Sheimeastar Eorpach 2019 agus iarrfar orthu an Moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a fhormhuiniú
  • An t-athrú aeráide: cuirfidh siad treoir ar fáil maidir leis an treo foriomlán agus na tosaíochtaí polaitiúla agus aghaidh á tabhairt ar an athrú aeráide, ionas go mbeidh ar chumas an Aontais straitéis fhadtéarmach a thíolacadh faoin mbliain 2020 i gcomhréir le Comhaontú Pháras
  • An caidreamh seachtrach: ullmhóidh siad an cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSín a bheidh ar siúl ar an 9 Aibreán 2019 agus pléifidh siad ábhair eile i réimse an chaidrimh sheachtraigh i bhfianaise a dtarlóidh
  • Míreanna eile: déanfaidh siad athbhreithniú freisin ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus leis an ngá le sláine dhaonlathach na dtoghchán Eorpach agus náisiúnta ar fud an Aontais a chosaint

Towards a sustainable Europe by 2030 [I dtreo Eoraip inbhuanaithe faoi 2030]

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis na céimeanna atá le glacadh chun Eoraip inbhuanaithe a áirithiú faoi 2030. Bhí an plé seo bunaithe ar pháipéar machnaimh ón gCoimisiún dar teideal Towards a sustainable Europe by 2030 [I dtreo Eoraip inbhuanaithe faoi 2030], a tíolacadh ar an 30 Eanáir.

Phléigh na hairí na háiseanna is tábhachtaí don aistriú i dtreo Eoraip inbhuanaithe agus nocht siad a dtuairimí maidir leis na trí chás a leag an Coimisiún amach sa pháipéar machnaimh uaidh. Leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé gníomhú chun tacú le forbairt inbhuanaithe ar bhealach comhleanúnach go hintíre, go réigiúnach agus ar fud an domhain chun cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe ó na Náisiún Aontaithe a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.

Plé é sin a fhónfaidh d'ullmhú na gConclúidí ón gComhairle, ina mbeidh freagairt na Comhairle ar pháipéar machnaimh an Choimisiúin agus cuirfidh sé le hullmhúchán na seisiún den Fhóram Polaitiúil Ardleibhéil maidir leis an bhForbairt Inbhuanaithe, a bheidh ar siúl i mí Iúil agus mí Mheán Fómhair 2019.

TTáTá sé tábhachtach go leagfadh an tAontas amach na céimeanna is gá a dhéanamh chun Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme. Ní mór dúinn tionchar domhanda bhearta intíre an Aontais a chur san áireamh. Ba chéim thábhachtach é plé an lae inniu sa treo sin. Leanfaimid den obair dhian ar an tsaincheist seo le linn na hUachtaránachta s'againne. George Ciamba, Aire Toscaire na Rómáine do Ghnóthaí Eorpacha

Imeachtaí Airteagal 7

Maidir leis an bPolainn, mheas na Ballstáit gur forbairt dhearfach a bhí sna hathruithe reachtacha is déanaí maidir le dlí na Cúirte Uachtaraí, agus molann siad d'údaráis na Polainne aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a d'ardaigh an Coimisiún atá fós gan réiteach.

Maidir leis an Ungáir, bhí malartú tuairimí ag na Ballstáit maidir le staid na himeartha.

Tiocfaidh an Chomhairle ar ais chuig na nósanna imeachta Airteagal 7(1) CAE, ag cur san áireamh na tuairimí a chuir na Ballstáit in iúl.

Toghcháin shaora chóra

Ghlac an Chomhairle, gan plé, conclúidí maidir le toghcháin Eorpacha a bheidh saor agus cóir a áirithiú.

Cumhdaíonn na conclúidí roinnt gníomhaíochtaí neamhreachtacha atá le déanamh d'fhonn dul i ngleic le feachtais bréagaisnéise ó laistigh agus lasmuigh den tAontas agus an chibearshlándáil a mhéadú roimh na toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine 2019.

An caidreamh idir an tAontas agus an Eilvéis

Ghlac an Chomhairle, gan phlé, conclúidí maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise.

Sna conclúidí déantar measúnú ar fhorbairt agus ar staid fhoriomlán an chaidrimh idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise ó glacadh conclúidí ina leith i mí Feabhra 2017.

Na príomhphointí ón gComhairle Gnóthaí Ginearálta sa Bhruiséil ar an 19 Feabhra 2019.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025