Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 11/12/2018, 11 Nollaig 2018

Na príomhthorthaí

An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) don tréimhse 2021 go 2027. Mhalartaigh na hairí tuairimí ar na príomh-shaincheisteanna a bhí idir lámha acu agus ar amchlár na caibidlíochta. Áiríodh sa phlé a rinne siad dhá dhoiciméad a ullmhaíodh faoi chúram Uachtaránacht na hOstaire - tuarascáil ar dhul chun cinn agus dréachtbhosca caibidlíochta.

Is uirlis é an bosca caibidlíochta a úsáidtear le haghaidh struchtúrú agus chun próiseas caibidlíochta CAI a éascú. Tugann sé le chéile na heilimintí sin ar mó an dóchúlacht go mbeidh treoir pholaitiúil ó na ceannairí de dhíth ina leith chun gur féidir leis an gComhairle a seasamh a ghlacadh. Déantar é a phlé agus a nuashonrú go leanúnach de réir mar a leanann an chaibidlíocht ar aghaidh.

Ba mhaith an rud é go raibh an CAI ar gach aon chlár oibre CGG: thíolaic Uachtaránacht na hOstaire tuarascáil uachtaránachta ar dhul chun cinn agus dréachtbhosca caibidlíochta inniu. Bhí díospóireacht chuiditheach ag na hairí agus roinn siad a dtuairimí lena chéile roimh an gcéad díospóireacht shuntasach a bheidh ag na ceannairí ar an CAI níos déanaí an tseachtain seo. Gernot Blümel, Aire Cónaidhme na hOstaire don Aontas Eorpach, na hEalaíona, an Cultúr agus na Meáin

Comhairle Eorpach mhí na Nollag

Chuir an Chomhairle bailchríoch ar an ullmhúchán don Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl ar an 13-14 Nollaig trí phlé a dhéanamh ar dhréachtchonclúidí a chumhdaíonn:

  • an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile
  • an margadh aonair
  • an imirce
  • an caidreamh seachtrach
  • an t-athrú aeráide
  • an tslándáil agus an chosaint
  • an bhréagaisnéis
  • an comhrac i gcoinne an fhrith-Sheimíteachais, an chiníochais agus na seineafóibe
  • idirphlé agus comhairliúcháin le saoránaigh

Imeachtaí Airteagal 7

Ghairm an Chomhairle éisteacht, faoi Airteagal 7(1) CAE, maidir leis an smacht reachta sa Pholainn. B'ionann módúlachtaí don seisiún sin agus don seisiún a bhí ar siúl mar chuid den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta ar an 26 Meitheamh agus ar an 18 Meán Fómhair 2018.

Mhalartaigh na hairí tuairimí chomh maith ar an nós imeachta faoi Airteagal 7(1) CAE maidir le luachanna an Aontais Eorpaigh a urramú san Ungáir.

Mar chuid den nós imeachta seo, tá a rannchuidiú i scríbhinn tugtha ag an Ungáir don Chomhairle maidir leis na saincheisteanna a tharraing an Pharlaimint anuas. Tá an Coimisiún tar éis a rannchuidiú fíorasach a thabhairt maidir le nósanna imeachta um shárú atá ar feitheamh i gcoinne na hUngáire.

Clár na Comhairle do na 18 mí amach romhainn

D'fhormheas an Chomhairle a clár oibre do na 18 mí amach romhainn, ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020. Bhí an clár ullmhaithe ag Uachtaránachtaí nua na Rómáine, na Fionnlainne agus na Cróite, agus ag an Ardionadaí, Cathaoirleach na Comhairle Gnóthaí Eachtracha.

Ag tús 2019, is é an phríomhthosaíocht a bheidh ann bailchríoch a chur ar na comhaid atá fós gan réiteach ón gClár Oibre Straitéiseach reatha, go háirithe na cinn siúd atá liostaithe sa Dearbhú Comhpháirteach ar thosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2018-19. Nuair a thosóidh an timthriall nua institiúideach, eagróidh na trí hUachtaránacht an obair sa Chomhairle de réir na dtosaíochtaí sa chéad Chlár Oibre Straitéiseach eile, a mheastar go nglacfar é in 2019, agus toradh chruinniú mullaigh Sibiu á chur san áireamh.

Buiséad an Aontais do 2019

D'fhormhuinigh an Chomhairle an comhaontú a baineadh amach le Parlaimint na hEorpa maidir le buiséad an Aontais do 2019 gan phlé. Gealltanais iomlána dar luach €165.8 billiún atá i gceist, agus is méadú 3.2% é seo i gcomparáid le 2018. €148.2 billiún d'íocaíochtaí atá i gceist agus seo méadú 2.4% i gcomparáid le 2018.

Is buiséad téagartha é seo a mhéadaíonn an tacaíocht do thosaíochtaí an Aontais, a áirithíonn breisluach láidir Eorpach agus a choinníonn corrlaigh leordhóthanacha ar eagla go dtiocfadh riachtanais nua aníos an bhliain seo chugainn. Cabhróidh sé le himirce a bhainistiú go héifeachtach, beidh sé chun leas taighdeoirí agus daoine óga, agus tacóidh sé le fás eacnamaíoch ar fud na hEorpa. Hartwig Löger, Aire Airgeadais na hOstaire agus Príomh-idirbheartaí na Comhairle le haghaidh bhuiséad an Aontais do 2019
Na príomhphointí ón gComhairle Gnóthaí Ginearálta sa Bhruiséil ar an 11 Nollaig 2018.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025