Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 8/1/2019, 8 Eanáir 2019

Na príomhthorthaí

Tosaíochtaí Uachtaránacht na Rómáine

D'éist an Chomhairle le cur i láthair maidir le tosaíochtaí Uachtaránacht na Rómáine.
Eagraítear na tosaíochtaí ina gceithre cholún:

  • Cóineasú na hEorpa
  • Eoraip níos sábháilte
  • An Eoraip ina gníomhaí níos láidre ar ardán an domhain
  • Eoraip na luachanna coiteanna
Is mór an onóir dom a bheith i mo chathaoirleach ar an gComhairle Gnóthaí Ginearálta agus é an chéad uair don Rómáin Uachtaránacht na Comhairle a bheith aici. Beidh an téarma oifige againn le linn seimeastair fhíordhinimiciúil ina mbeidh Brexit, caibidlíocht maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, an chéim dheireanach den phróiseas machnaimh maidir le todhchaí na hEorpa, agus na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa ar siúl. Ag an tráth seo, táimid ag iarraidh díriú ar Aontas Eorpach níos láidre agus níos comhtháite a fhorbairt. Tá rún daingean againn go mbeidh rath ar an gcéad uachtaránacht ar an gComhairle atá againn. George Ciamba, Aire Toscaire na Rómáine do Ghnóthaí Eorpacha

An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile

Cuireadh na hairí ar an eolas faoi eagrú pléití maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027 sna míonna atá le teacht.

Ag an gcruinniú a bhí acu ar an 13-14 Nollaig 2018, chuir ceannairí an Aontais Eorpaigh fáilte roimh an dianobair ullmhúcháin a rinneadh le linn Uachtaránacht na hOstaire. D'iarr siad ar Uachtaránacht na Rómáine cúrsa a fhorbairt don chéad chéim eile den chaibidlíocht le súil agus go mbainfear comhaontú amach ag an gComhairle Eorpach i bhfómhar 2019.

Chuir an Uachtaránacht in iúl don Chomhairle go bhfuil sé i gceist aici leanúint leis na pléití ar leibhéal theicniúil agus pholaitiúil, agus é mar aidhm aici dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le struchtúr agus ábhar an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile. Ag an tráth céanna, leanfar leis an dianobair maidir leis na tograí éagsúla earnála.

Caithfear an cineál Eoraip atá uainn amach anseo a léiriú i mbuiséad an Aontais. Ní mór go n-áiritheoimid go bhfuil torthaí na caibidlíochta sin cothrom agus go mbeidh siad ag teacht le riachtanais laethúla agus ionchais shaoránaigh an Aontais. Tá rún daingean againn an bonn a ullmhú a bhfuil gá leis chun comhaontú tráthúil maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile a áirithiú. George Ciamba, Aire Toscaire na Rómáine do Ghnóthaí Eorpacha

Gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh in aghaidh na bréagaisnéise

Phléigh na hairí an chaoi chun an bhréagaisnéis a fhreagairt, agus aird faoi leith á tabhairt ar na toghcháin Eorpacha atá ag teacht. Tagann an plé sin i ndiaidh roinnt tionscnamh a bhí ann le déanaí chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis, agus in ndiaidh iarrataí ón gComhairle Eorpach ar fhreagra comhordaithe a fhorbairt.

Ag an gcruinniú a bhí acu ar an 13-14 Nollaig 2018, d’iarr ceannairí an Aontais ar chur chun feidhme pras comhordaithe an Chomhphlean Gníomhaíochta i gcoinne na bréagaisnéise a chuir an Coimisiún agus an tArdionadaí i láthair ar an 5 Nollaig 2018. Phléigh na hairí na gnéithe den Phlean Gníomhaíochta ar cheart aghaidh a thabhairt orthu mar phointe tosaíochta, conas comhleanúnachas idir an ghné inmheánach agus an ghné sheachtrach a áirithiú, agus conas feasacht an phobail ar an tsaincheist a mhéadú.

Is í an bhréagaisnéis ceann de na dúshláin is mó atá os comhair ár ndaonlathas. Le bheith éifeachtach, is gá go ndéantar iarrachtaí coiteanna ina mbeidh an tAontas Eorpach, ardáin ar líne agus an tsochaí shibhialta páirteach. Tá an ghníomhaíocht thar a bheith práinneach roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2019, ach ní mór dúinn freisin straitéis níos fadtéarmaí a fhorbairt, agus lánurraim á tabhairt do na cearta bunúsacha. George Ciamba, Aire Toscaire na Rómáine do Ghnóthaí Eorpacha

Míreanna eile

Rinne an Chomhairle athbhreithniú freisin ar an staid mar atá ó thaobh comhaid reachtacha agus deireadh an timthrialla reachtaíochta buailte linn.

Ag cruinniú neamhfhoirmiúil le linn an lóin, phléigh na hairí cé mar is fearr an Eoraip a chur i láthair na saoránach.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025