Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 19/03/2019, 19 Márta 2019

Na príomhthorthaí

An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027 (CAI). Nocht siad a dtuairimí faoi na bearta dá bhforáiltear in CAI maidir leis an aeráid a phríomhshruthú agus maidir leis an imirce.

Is é an cuspóir comhpháirteach atá acu dréachtbhosca caibidlíochta cuíchóirithe a chur ar fáil do Chomhairle Eorpach mhí an Mheithimh d'fhonn teacht ar chomhaontú ag an gComhairle Eorpach san fhómhar in 2019. Tugann an dréachtbhosca caibidlíochta le chéile na heilimintí sin ar mó an dóchúlacht go mbeidh treoir pholaitiúil ó na ceannairí de dhíth ina leith chun gur féidir leis an gComhairle a seasamh a ghlacadh.

Ina theannta sin, chuir an Uachtaránacht tuarascáil ar dhul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, tuarascáil ina gcuirtear síos ar an méid a baineadh amach sa chaibidlíocht faoi na tograí earnálacha sin a bhaineann le CAI.

Tá an obair ar CAI ag dul aghaidh go cothrom. Sa phlé inniu ar an aeráid a phríomhshruthú agus ar an imirce, tugadh aghaidh ar chuid de phríomhghnéithe CAI atá beartaithe agus is ar an bplé sin a bhunófar plé na gceannairí i mí an Mheithimh. Ag an am céanna amach anseo, cuirfidh na comhthuiscintí maidir leis na tograí earnálacha sin a bhaineann le CAI, ar ar tháinig Uachtaránacht na Rómáine ar an gComhairle le Parlaimint na hEorpa atá ann faoi láthair, le hullmhú agus le cur chun feidhme tráthúil na chéad chlár eile. George Ciamba, Aire Toscaire na Rómáine do Ghnóthaí Eorpacha

Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais

Chomhaontaigh na hairí cur chuige ginearálta páirteach i ndáil leis an Rialachán lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III).

Is cuid é, IPA III, den chreat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027. Tacaíonn sé leis na tairbhithe príomhathchóirithe polaitiúla, institiúideacha, sóisialta agus eacnamaíocha a ghlacadh agus a chur chun feidhme d'fhonn cloí le luachanna an Aontais agus ailíniú, de réir a chéile, le rialacha, caighdeáin agus beartais an Aontais.

Maidir le haon saincheisteanna airgeadais nó cothrománacha a bheidh ag brath ar an gcomhaontú foriomlán maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, ní chumhdaítear na saincheisteanna sin sa téacs comhaontaithe.

Comhairle Eorpach mhí an Mhárta

Chuir an Chomhairle an dlaíóg mhullaigh ar na hullmhúcháin don Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl ar an 21 agus ar an 22 Márta trí dhréachtchonclúidí a phlé.

Díreoidh Comhairle Eorpach an Earraigh ar bhonn eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh a neartú. Chomh maith leis sin, pléifidh ceannairí an Aontais an t-athrú aeráide, an cruinniú mullaigh leis an tSín atá romhainn agus na bealaí a bhféadfar dul i ngleic leis an mbréagaisnéis.

Ag tús an chruinnithe, tabharfaidh ionadaí an Bhallstáit ag a bhfuil Uachtaránacht reatha na Comhairle, forléargas ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na gconclúidí a glacadh roimhe seo ag cruinnithe den Chomhairle Eorpach.

An Seimeastar Eorpach

Scrúdaigh an Chomhairle tuarascáil ón uachtaránacht ina ndéantar achoimre ar an rannchuidiú a rinne foirmíochtaí na Comhairle maidir le pacáiste Sheimeastar Eorpach 2019. Le sé bliana anuas, nach mór, tá geilleagar an Aontais ag fás gan stad. Teastaíonn tuilleadh gníomhaíochta, áfach, chun an geilleagar a chosaint ar an éagobhsaíocht dhomhanda agus ar dhúshláin mheántéarmacha agus fhadtéarmacha.

Thoiligh an Chomhairle freisin dréachtmholadh a chur chuig an gComhairle Eorpach chun iarraidh ar Bhallstáit an limistéir euro beartais a shaothrú ina ndírítear ar bhorradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch in 2019-2020.

Bearta teagmhasacha do Brexit

Ghlac an Chomhairle sraith gníomhartha reachtacha, gan iad a phlé, mar chuid dá hullmhúcháin teagmhais le haghaidh Brexit gan mhargadh.

Is é is aidhm do na gníomhartha sin teorainn a chur leis an damáiste is measa a dhéanfadh Brexit neamhordúil d'earnálacha áirithe, mar a mbainfeadh sé mórshuaitheadh as saoránaigh agus as gnólachtaí.

Is bearta sealadacha iad na bearta sin a bhfuil raon feidhme teoranta acu agus a ghlac an tAontas Eorpach go haontaobhach. Níl sé beartaithe leo, beag ná mór, na buntáistí iomlána a bhaineann le comhaltas san Aontas ná téarmaí aon idirthréimhse a mhacashamhlú, mar a fhoráiltear sa chomhaontú um tharraingt siar. I roinnt réimsí, tá sé de choinníoll leo go ndéanfadh an Ríocht Aontaithe gníomh cómhalartach.

Mí-úsáid sonraí pearsanta a chosc i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa

Ghlac an Chomhairle rialacha nua, gan iad a phlé, chun cosc a chur ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha mí-úsáid a bhaint as sonraí pearsanta i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa.

Leis na rialacha nua, féadfar smachtbhannaí airgeadais a fhorchur ar pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a imríonn tionchar d'aon turas, nó a fhéachann le tionchar a imirt ar thoradh na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa trí leas a bhaint as sáruithe rialacha sonraí pearsanta.

Príomhphointí na Comhairle Gnóthaí Ginearálta ar an 19 Márta 2019

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025