- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 10/12/2019, 10 Nollaig 2019
Príomhthorthaí
An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile
Thionóil an Chomhairle díospóireacht bheartais maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.
Phléigh na hairí an bosca caibidlíochta ina bhfuil figiúiría thíolaic Uachtaránacht na Fionlainne roimh an gComhairle Eorpach i mí na Nollag. Mhol an Uachtaránacht leibhéal foriomlán EUR 1 087 billiún don tréimhse 2021-2027, arb ionann é agus 1.07 % de OIN an Aontais agus 27 dtír ann.
Tá an togra ón bhFionlainn bunaithe ar chomhairliúcháin leis na Ballstáit, agus ar phlé sa Chomhairle agus sa Chomhairle Eorpach. Rinneamar iarracht togra cothrom a dhéanamh ina gcuirtear san áireamh na tosaíochtaí nua agus na réimsí traidisiúnta beartais. Tá deireadh tagtha leis an obair a dhéanann an Uachtaránacht ar an CAI, agus beidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí i gceannas ar an gcaibidlíocht anois. Tytti Tuppurainen, Aire Gnóthaí Eorpacha na Fionlainne
Tá an bosca caibidlíochta mar bhonn leis an gcéim dheiridh den chaibidlíocht maidir le CAI. Áirítear ann na gnéithe uile nach mór do cheannairí an Aontais, ar leibhéal na Comhairle Eorpaí, treoir pholaitiúil a thabhairt agus tosaíocht a shocrú ina leith. Déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí an chaibidlíocht a thabhairt chun cinn anois d'fhonn teacht ar chomhaontú críochnaitheach.
Nósanna imeachta Airteagal 7
Mar chuid de nós imeachta Airteagal 7(1) CAE, thionóil an Chomhairle éisteacht faoin Ungáir. Ar neamhspleáchas na mbreithiúna, ar shaoirse tuairimíochta agus ar shaoirse acadúil san Ungáir a díríodh an éisteacht.
Chuir an Uachtaránacht clabhsúr ar an éisteacht trí chonclúidí nós imeachta a chur i láthair. Ag teacht leis na módúlachtaí caighdeánacha le haghaidh éisteachtaí, ní bhactar le haon mheasúnú ar shubstaint na saincheisteanna ag an gcéim seo.
Bhreathnaigh an Chomhairle freisin ar an staid an smachta reachta sa Pholainn. Thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí do na hairí, lena n-áirítear na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa le déanaí maidir le rialacha na Polainne i ndáil le haois scoir breithiúna agus ionchúisitheoirí poiblí, agus Dlísheomra Araíonachta nua Chúirt Uachtarach na Polainne.
Comhairle Eorpach mhí na Nollag
Lean na hairí leis an ullmhúchán don chruinniú den Chomhairle Eorpach ar an 12-13 Deireadh Fómhair trí dhréachtchonclúidí a phlé.
I gcomhréir leis na conclúidí uaithi i mí an Mheithimh agus i mí Dheireadh Fómhair, meastar go bhfillfidh an Chomhairle Eorpach i mí na Nollag ar shaincheist an athraithe aeráide. Sa chomhthéacs sin, díreoidh na ceannairí go háirithe ar an sprioc maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Meastar freisin go mbeidh plé suntasach ag na ceannairí maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile tar éis don uachtaránacht Bosca Caibidlíochta ina mbeidh figiúirí a chur i láthair.
I bhfianaise a bhfuil tarlaithe, d'fhéadfadh sé go dtabharfadh an Chomhairle Eorpach aghaidh ar shaincheisteanna sonracha a bhaineann leis an mbeartas eachtrach.
Obair reachtach
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na tosaíochtaí don obair reachtach atá ar na bacáin faoin gCoimisiún nua. Ba é an aidhm a bhí leis an bplé ionchur a thabhairt don Choimisiún maidir le hullmhú a chláir oibre do 2020, agus maidir le pleanáil ilbhliantúil.
Foráiltear sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr go mbeidh malartú tuairimí ag institiúidí an Aontais maidir leis na príomhchuspóirí beartais agus na tosaíochtaí don téarma nua nuair a cheapfar Coimisiún nua. Déanfaidh na trí institiúid, ar thionscnamh ón gCoimisiún agus mar is iomchuí, conclúidí comhpháirteacha a dhréachtú a bheidh le síniú ag Uachtaráin na Comhairle, an Choimisiúin agus na Parlaiminte.
Leag na hairí béim ar roinnt tosaíochtaí don tréimhse 2019-2024, amhail an margadh aonair, an ghné shóisialta agus an smacht reachta.
Bagairtí hibrideacha a chomhrac
Ghlac an Chomhairle conclúidí gan phlé, lena leagtar síos tosaíochtaí agus treoirlínte do chomhar an Aontais sa réimse ina ndéantar bagairtí hibrideacha a chomhrac agus an athléimneacht i leith na mbagairtí sin a fheabhsú, ag cur leis an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas. Éilítear sna conclúidí cur chuige cuimsitheach don tslándáil a chur i bhfeidhm sna hearnálacha beartais ábhartha uile ar bhealach níos straitéisí, níos comhordaithe agus níos comhleanúnaí chun bagairtí hibrideacha a chomhrac.
Táimid an-sásta le tiomantas láidir na mBallstát leanúint de na hiarrachtaí atá á ndéanamh acu chun bagairtí hibrideacha a chomhrac agus athléimneacht a fheabhsú. Tá bearta den chineál sin ríthábhachtach chun slándáil chuimsitheach dár saoránaigh a fhorbairt. Cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach go príomha sa réimse seo, tá bagairtí choiteanna os ár gcomhair. Tá sé ríthábhachtach feasacht a chothú agus ár gcuid iarrachtaí ar fud na réimsí beartais a chomhordú. Tytti Tuppurainen, Aire Gnóthaí Eorpacha na Fionlainne
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
Ghlac an Chomhairle conclúidí gan phlé maidir leis an Tuairim ón gCoimisiún faoi iarratas na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach.
Sna conclúidí uaithi, thug an Chomhairle le fios gur díol sásaimh di an Tuairim ón gCoimisiún, agus áitíonn sí ar chomhlachtaí feidhmiúcháin agus reachtacha ar gach leibhéal rialtais aghaidh a thabhairt ar na príomhthosaíochtaí a sainaithníodh sa Tuairim, i gcomhréir le hardmhianta dlisteanacha shaoránaigh na Boisnia agus na Heirseagaivéine dul chun cinn a dhéanamh i dtreo an Aontais Eorpaigh.
An Eoraip Inbhuanaithe faoi 2030
Tá an Chomhairle tar éis tacar conclúidí a ghlacadh gan phlé maidir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a bheith á gcur chun feidhme ag an Aontas agus maidir lena 17 sprioc forbartha inbhuanaithe (SDGanna).
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
- Eleventh meeting of the Accession Conference with Serbia at Ministerial level, Brussels, 10 December 2019
- 10/12/2019
- Bagairtí hibrideacha a chomhrac: Gníomhaíocht chomhpháirteach fheabhsaithe iarrtha ag an gComhairle
- 10/12/2019
- An Eoraip Inbhuanaithe faoi 2030: Conclúidí glactha ag an gComhairle
- 10/12/2019
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Tuairim ón gCoimisiún maidir le hiarratas na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach
- 10/12/2019
- Coiste na Réigiún: Comhaltaí ceaptha ag an gComhairle don téarma 2020-2025
- 10/12/2019
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025