"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 19/11/2019, 19 Samhain 2019
Príomhthorthaí
An smacht reachta san Aontas a neartú
Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar an idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta agus phléigh sí tacar conclúidí maidir leis an tsaincheist sin. In éagmais comhthoil maidir leis an téacs, chinn an Uachtaránacht conclúidí ón Uachtaránacht a eisiúint. Tháinig sí ar an gconclúid gur thacaigh 26 toscaireacht leis an téacs nó nár chuir siad ina choinne.
Moltar sna conclúidí go ndéanfaí an plé téamach reatha atá mar chuid d'idirphlé na Comhairle maidir leis an smacht reachta a fhorbairt ina dhíospóireacht bhliantúil níos ginearálta maidir le staid an smachta reachta laistigh den Aontas, lena gcumhdófar na Ballstáit uile agus lena ngabhfar treochtaí dearfacha agus diúltacha. Aontaíonn na Ballstáit a thacaíonn leis na conclúidí freisin go bhféadfadh an measúnú bliantúil sin úsáid a bhaint as tuarascálacha bliantúla nua an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta, agus iarrann siad ar an gCoimisiún dlúthpháirt a thabhairt do na Ballstáit ina n-ullmhúchán.
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle freisin le Michael O'Flaherty, Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, maidir leis na naisc idir an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha.
Chuir an tUasal O'Flaherty in iúl go láidir gur dlúthchuid den smacht reachta san Aontas Eorpach iad na cearta bunúsacha agus gur cheart go mbeadh gach gníomhaíocht sa réimse sin bunaithe ar fhianaise, d'fhonn oibiachtúlacht, neamh-idirdhealú agus cóir chomhionann na mBallstát uile a áirithiú.
Tá an smacht reachta, cearta bunúsacha agus an daonlathas doscartha óna chéile. Is ar scáth a chéile a mhaireann siad. Mar uachtaránacht na Comhairle, táimid ag déanamh ár seacht ndícheall chun an bonn luacha comhchoiteann sin a chaomhnú agus a neartú. Cad a d'fhéadfadh a bheith níos tábhachtaí? Thacaigh tromlach mór na mBallstát leis na conclúidí ón Uachtaránacht. Tá dóchas agus muinín againn gur treoir úsáideach le haghaidh tuilleadh oibre a bheidh iontu.
Tytti Tuppurainen, Aire Gnóthaí Eorpacha na Fionlainne
An méadú
Phléigh an Chomhairle an staid reatha maidir le méadú agus an próiseas cobhsaíochta agus comhlachais i bhfianaise Chomhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair.
Dhírigh an plé ar bhealaí ina bhféadfaí an chéad phlé eile ag an gComhairle Eorpach in earrach na bliana seo chugainn a éascú, tráth a bhfillfear ar shaincheist an mhéadaithe.
Ag deireadh an phlé, thug an Uachtaránacht dá haire tiomantas comhpháirteach na mBallstát do pheirspictíocht Eorpach na mBalcán Thiar agus don rannpháirtíocht leanúnach leis an réigiún. Thug an Uachtaránacht dá haire freisin comhthuiscint ar a úsáidí atá sé scrúdú a dhéanamh ar éifeachtacht an phróisis caibidlíochta aontachais, agus ar a úsáidí atá sé tuilleadh nuashonraithe a dhéanamh ar dhul chun cinn an athchóirithe.
An chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile
Rinne an Chomhairle a marana ar staid na himeartha maidir leis an obair ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027. Chuir an Uachtaránacht in iúl go bhfuil sé i gceist aici an bosca caibidlíochta iomlán ina mbeidh figiúirí a thíolacadh ag deireadh mhí na Samhna do chéim dheiridh na caibidlíochta. Ag an gcruinniú a bheidh ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta i mí na Nollag, bheadh díospóireacht ag na hairí maidir leis an mbosca caibidlíochta roimh an gComhairle Eorpach.
Comhairle Eorpach mhí na Nollag
Mar thús leis an obair ullmhúcháin do Chomhairle Eorpach an 12-13 Nollaig 2019, scrúdaigh na hairí dréachtchlár oibre anótáilte.
I gcomhréir leis na conclúidí uaithi i mí an Mheithimh, meastar go bhfillfidh an Chomhairle Eorpach ar shaincheist an athraithe aeráide i mí na Nollag. Sa chomhthéacs sin, díreoidh na ceannairí go háirithe ar an sprioc maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Is é an aidhm atá ann bailchríoch a chur go luath in 2020 ar an treoir maidir le straitéis fhadtéarmach an Aontais a ghlacadh agus a chur faoi bhráid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide.
Meastar freisin go mbeidh plé suntasach ag na ceannairí maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile tar éis don uachtaránacht bosca caibidlíochta ina mbeidh figiúirí a chur i láthair.
I bhfianaise a bhfuil tarlaithe, d'fhéadfadh sé go dtabharfadh an Chomhairle Eorpach aghaidh ar shaincheisteanna sonracha beartais eachtraigh.
Na haigéin agus na farraigí
Ghlac an Chomhairle, gan phlé, conclúidí maidir leis na haigéin agus na farraigí, agus chuir sí i bhfios go láidir go bhfuil an t-athrú aeráide ina bhagairt dhíreach eiseach ar bheatha na n-aigéan agus na bhfarraigí ar fud an domhain. Iarrann sí go ndéanfaí níos mó gníomhaíochta beartais ar gach leibhéal rialtais chun éiceachórais mhuirí agus chósta a chosaint.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.