- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí gnóthaí Eorpacha, 18 Eanáir 2021
Na príomhthorthaí
Clár Oibre Uachtaránacht na Portaingéile
Chuir Uachtaránacht na Portaingéile na tosaíochtaí atá aici don sé mhí atá amach romhainn i láthair.
Trí phríomhthosaíocht atá leagtha amach ag an bPortaingéil dá huachtaránacht:
- téarnamh bunaithe ar na haistrithe aeráide agus digiteacha a chur chun cinn;
- colún Eorpach na gceart sóisialta a chur chun feidhme mar phríomhghné chun aeráid chothrom chuimsitheach agus aistriú digiteach a chinntiú;
- neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa a neartú agus leanúint de bheith oscailte don domhan mór.
Ré an tseachadta: ar mhaithe le téarnamh cothrom, glas agus digiteach”; is é sin an mana atá againn don chéad sheimeastar eile. Is mithid bogadh ó chomhaontú go gníomhaíocht agus na hionstraimí nua – amhail na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta – a chur ar bun. Táimid dírithe ar théarnamh eacnamaíoch, atá inbhuanaithe cuimsitheach ó thaobh na sochaí de, a bheidh faoi stiúir na n-aistrithe glas agus digiteach, a bhaint amach. Ana Paula Zacarias, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Portaingéile
Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa
Rinne airí an Aontais a marana ar staid an phlé idirinstitiúidigh i ndáil leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.
Is mian leis na Ballstáit go spreagfadh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa saoránaigh le bheith páirteach i ndíospóireacht leathan faoina bhfuil i ndán don Eoraip sna deich mbliana amach romhainn agus dá éis, lena n-áirítear todhchaí na hEorpa i bhfianaise phaindéim COVID-19.
Táimid ag obair chun an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a chur ar bun. Ba mhaith linn go mbeadh próiseas cuimsitheach ann agus go nglacfadh saoránaigh páirt mhór sa phróiseas sin. Leanfaimid den chaibidlíocht idirinstitiúideach chun teacht ar chomhaontú maidir le Dearbhú Comhpháirteach. Tá rún daingean againn i gcónaí an Chomhdháil a sheoladh le linn Uachtaránacht na Portaingéile. Ana Paula Zacarias, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Portaingéile
Comhordú COVID-19
D’ullmhaigh na hairí físchomhdháil na gceannairí maidir le comhordú COVID-19 a bheidh ar siúl an 21 Eanáir 2021. Le linn an phlé, díríodh ar leathadh amach vacsaíní, i measc nithe eile, trí seachtaine tar éis thús an chláir vacsaínithe.
Táimid ag obair ar bhealaí chun an comhordú a neartú, an trédhearcacht maidir le seachadtaí vacsaíní a mhéadú agus tacú le pleananna vacsaínithe, dea-chleachtais a mhalartú maidir le tástáil agus leanúint de cheannaireacht idirnáisiúnta agus dlúthpháirtíocht a léiriú lenár gcomharsana. Ní mór dúinn leanúint dár n-iarrachtaí comhchoiteanna a chur chun cinn ionas go mbeidh ár saoránaigh slán. Ana Paula Zacarias, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Portaingéile
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025