"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Físchomhdháil chomhaltaí na Comhairle Eorpaí, 21 Eanáir 2021
Na príomhthorthaí
An 21 Eanáir 2021, bhí plé físchomhdhála ag cinn stáit nó rialtais an Aontais maidir le comhordú na freagartha ar phaindéim COVID-19. Roinn siad dea-chleachtais agus mhalartaigh siad tuairimí maidir le tástáil, vacsaíniú agus athraitheacha nua den víreas a bhrath.
Thug na ceannairí dá n-aire a thromchúisí atá an staid, go háirithe i bhfianaise na n-athraitheacha nua. Léirigh siad go raibh siad meáite ar leathadh an víris a theorannú trí bhearta comhchosúla a ghlacadh i measc na mBallstát agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé an acmhainneacht maidir le seicheamhú a mhéadú.
Tástáil
Ba dhíol sásaimh do na ceannairí gur ghlac an Chomhairle moladh níos luaithe sa lá, trí nós imeachta i scríbhinn, maidir le comhchreat chun mearthástálacha antaiginí a úsáid, a bhailíochtú agus a neartú agus maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do thorthaí tástála COVID-19.
Phléigh na ceannairí a thábhachtaí atá sé teorainneacha a choinneáil ar oscailt chun feidhmiú mhargadh aonair an Aontais a áirithiú.
Níor cheart aon chosc neamh-idirdhealaitheach ar thaisteal a fhorchur. D’fhéadfadh sé, mar sin féin, go mbeadh gá le bearta lena gcuirfí srian le taisteal nach bhfuil riachtanach san Aontas chun leathadh an víris a shrianadh.
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
D’admhaigh na ceannairí go bhféadfadh sé go mbeadh ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar a moltaí maidir le taisteal neamhriachtanach isteach san Aontas i bhfianaise na rioscaí a bhaineann le hathraitheacha nua den víreas.
Vacsaíniú
Chuir na ceannairí in iúl go bhfuil siad toilteanach dlús a chur leis an vacsaíniú agus chuir siad chun suntais nach mór gealltanais a thug cuideachtaí ar sheachadtaí a urramú.
D’athdhearbhaigh na ceannairí an gá atá le dianleanúint ar phróiseas an vacsaínithe. Scrúdófar na modhanna uile is féidir chun soláthar tapa a áirithiú, lena n-áirítear dáileadh luath chun moilleanna a sheachaint.
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Deimhnithe vacsaíne
D’aontaigh comhaltaí na Comhairle Eorpaí go n-oibreoidís ar chineál caighdeánaithe, idir-inoibritheach de chruthúnas ar vacsaíniú chun críocha leighis.
Measaimid gur cheart dúinn bheith in ann teacht ar chomhaontú maidir le gnéithe comhchoiteanna le háireamh i ndeimhnithe chun críocha leighis. Agus ag céim níos déanaí is féidir linn a fheiceáil cé na dálaí inar féidir na deimhnithe sin a úsáid.
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
An dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta
Agus cás a dhéanamh acu gur cheart caitheamh le vacsaíní mar leas coiteann domhanda, d’athdhearbhaigh na ceannairí a ndlúthpháirtíocht le tríú tíortha. Chuir siad chun suntais an tábhacht a bhaineann le tionscnamh Covax agus Foireann na hEorpa. Chomhaontaigh comhaltaí na Comhairle Eorpaí gur cheart tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil a luaithe is féidir.
Na hábhair eile a pléadh
Alexei Navalny
Cháin ceannairí an Aontais go raibh polaiteoir freasúra na Rúise á choinneáil, fear a gabhadh nuair a d’fhill sé ar Mhoscó an 17 Eanáir.
Iarraimid ar an Rúis an tUasal Navalny a scaoileadh saor láithreach. Ní mór a chearta a urramú go hiomlán agus gan choinníoll.
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
An 19 Eanáir, d’eisigh an Coimisiún Eorpach teachtaireacht inar leagadh amach moltaí maidir le réimse beart atá le déanamh chun an phaindéim a shrianadh agus feidhmiú Mhargadh Aonair an Aontais á chaomhnú ag an am céanna.
Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle Eorpach an 10 agus an 11 Nollaig, ghlac na ceannairí conclúidí maidir le COVID-19. Ba dhíol sásaimh dóibh na fógraí dearfacha faoi vacsaíní éifeachtacha a fhorbairt, agus faoi na comhaontuithe comhchoiteanna réamhcheannaigh a thug an Coimisiún i gcrích. Chuir siad chun suntais, ina theannta sin, a thábhachtaí atá na hullmhúcháin do vacsaíní a imscaradh agus a dháileadh ar bhealach tráthúil lena chinntiú go gcuirfear ar fáil in am trátha agus ar bhealach comhordaithe iad. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl freisin nach gciallaíonn teacht na vacsaíní go bhfuil deireadh leis an bpaindéim, agus d’iarr sí go leanfaí leis na hiarrachtaí leathadh an víris a chomhrac.
Cuireadh tús le vacsaíniú i gcoinne COVID-19 ar fud an Aontais an 27 Nollaig. Táthar ag seoladh vacsaíní chuig na Ballstáit go léir ag an am céanna agus de réir na gcoinníollacha céanna.
Go dtí seo, tá údarú margaíochta coinníollach tugtha ag an Aontas do dhá vacsaín COVID-19, tar éis don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach measúnuithe dearfacha a dhéanamh orthu. Comhaontuithe daingnithe againn do cheithre vacsaín eile.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.