Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí gnóthaí Eorpacha, 23 Feabhra 2021

Na príomhthorthaí

Físchomhdháil chomhaltaí na Comhairle Eorpaí

D’ullmhaigh na hairí gnóthaí Eorpacha an fhíschomhdháil neamhfhoirmiúil de chomhaltaí na Comhairle Eorpaí an 25-26 Feabhra 2021. Tiocfaidh ceannairí an Aontais le chéile chun plé a dhéanamh ar staid reatha phaindéim COVID-19, ullmhacht le haghaidh bagairtí sláinte, an tslándáil agus an chosaint, agus an caidreamh le Comharsanacht an Deiscirt.

COVID-19 agus an tsláinte

Breithneoidh ceannairí an Aontais an staid eipidéimeolaíoch. Leanfaidh siad de bheith ag obair chun an fhreagairt ar COVID-19 a chomhordú, mar atá údarú, táirgeadh agus dáileadh vacsaíní, agus gluaiseacht daoine.

Beidh malartú tuairimí ag na ceannairí maidir le hathléimneacht an Aontais a neartú i leith bagairtí sláinte.

Ina theannta sin, pléifidh na ceannairí bealaí chun an comhar idirnáisiúnta maidir le cúrsaí sláinte a threisiú.

An tslándáil agus an chosaint

Beidh díospóireacht straitéiseach ag na ceannairí faoi shlándáil agus cosaint na hEorpa.

Athbhreithneoidh ceannairí an Aontais tionscnaimh leantacha maidir le hinfheistíocht sa chosaint, i bhfothú acmhainneachta agus in ullmhacht oibríochtúil. Ina theannta sin, pléifidh siad an obair chun athléimneacht an Aontais a mhéadú, go háirithe i gcoinne cibirionsaithe agus bagairtí hibrideacha.

Comharsanacht an Deiscirt

Beidh plé straitéiseach ag na ceannairí maidir le caidreamh an Aontais le Comharsanacht an Deiscirt. I mí na Nollag 2020, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir leis an gcomhpháirtíocht sin. Chuir na ceannairí i dtábhacht ag an am gur tosaíocht straitéiseach de chuid an Aontais é go mbeadh Comharsanacht an Deiscirt daonlathach, níos cobhsaí, níos glaise agus níos rathúla.

Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Rinne na hairí a marana ar an bplé idirinstitiúideach i ndáil leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.

Ana Paula Zacarias, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Portaingéile
Ní mór don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a bheith ina díospóireacht chuimsitheach idir na Ballstáit agus saoránaigh na hEorpa maidir leis an méid atá ag teastáil chun an tAontas seo againne a thógáil le chéile. Ní mór dúinn é a dhíriú ar mhianta agus ar imní na saoránach seachas ar institiúidí an Aontais. Mar Uachtaránacht na Comhairle, leanfaimid orainn ag déanamh gach ar féidir linn chun an chomhdháil a sheoladh a luaithe is féidir.
Ana Paula Zacarias, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Portaingéile
Ana Paula Zacarias, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Portaingéile

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi na cainteanna is déanaí le hinstitiúidí eile an Aontais, agus gur thángthas ar chomhaontú maidir le seasamh athbhreithnithe ón gComhairle an 3 Feabhra.

Cuimsítear leis an seasamh athbhreithnithe sin togra le haghaidh uachtaránacht choláisteach na dtrí institiúid, arb í uachtaránacht na Comhairle, Uachtarán an Choimisiúin agus Uachtarán na Parlaiminte, ag gníomhú dóibh mar chomhchathaoirleach, a dhéanann ionadaíocht ar an leibhéal is airde.

Faoin togra, bheadh bord feidhmiúcháin ann freisin ar a mbeadh ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún Eorpach, ar bhonn cothrom.

Táthar ag súil go mbeidh an chomhdháil ag feidhmiú i mbliana agus go dtabharfar i gcrích torthaí agus go dtabharfaidh sí na torthaí sin in Earrach na bliana 2022.

An plean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an bplean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach, tar éis don Choimisiún Eorpach cur i láthair tosaigh a dhéanamh an 8 Nollaig 2020.

Ghlac an Coimisiún an tionscnamh seo an 3 Nollaig 2020 lena chinntiú go mbeidh saoránaigh in ann páirt a ghlacadh sa chóras daonlathach trí chinnteoireacht fheasach a dhéanamh saor ó chur isteach neamhdhleathach nó ó chúbláil neamhdhleathach.

An caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe

Rinne na hairí gnóthaí Eorpacha measúnú den chéad uair ar staid an chaidrimh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ó síníodh an Comhaontú Trádála agus Comhair (TCA) i mí na Nollag 2020.

Tháinig an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú, an 24 Nollaig 2020, maidir le TCA agus an Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise a chur i bhfeidhm go sealadach amhail ón 1 Eanáir 2021, ar feitheamh phróiseas daingniúcháin an Aontais agus a theacht i bhfeidhm oifigiúil.

Chinn an tAontas síneadh a iarraidh go dtí an 30 Aibreán 2021 chun dóthain ama a thabhairt chun an t-athbhreithniú dlítheangeolaíoch ar an gcomhaontú a chur i gcrích i ngach ceann de na 24 theanga, sula ndéanfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa é a ghrinnscrúdú. Chun dáta deiridh an chur i bhfeidhm shealadaigh a athrú, ní mór cinneadh a dhéanamh go comhpháirteach sa Chomhairle Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. A luaithe a chomhaontaítear an dáta nua, iarrfaidh an Chomhairle a toiliú ar Pharlaimint na hEorpa. Nuair a dheonófar é sin, beidh an Chomhairle in ann dul ar aghaidh ansin chuig an gcéim dheiridh, agus an cinneadh a ghlacadh maidir le TCA a thabhairt i gcrích.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025