Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí gnóthaí Eorpacha, 23 Márta 2021

Na príomhthorthaí

Físchomhdháil chomhaltaí na Comhairle Eorpaí

Scrúdaigh na hairí ráiteas don fhíschomhdháil a bheidh ag comhaltaí na Comhairle Eorpaí an 25 agus an 26 Márta. Tiocfaidh ceannairí an Aontais le chéile chun an fhreagairt ar phaindéim COVID-19, an Margadh Aonair, an beartas tionsclaíoch, an claochlú digiteach agus an geilleagar, an staid sa Mheánmhuir Thoir agus an caidreamh leis an Rúis a phlé.

  • COVID-19: Déanfaidh na ceannairí an staid eipidéimeolaíoch agus leathadh na vacsaíní a mheas agus leanfaidh siad ag obair ar mhaithe le freagairt chomhordaithe ar ghéarchéim na paindéime.
  • An margadh aonair, an beartas tionsclaíoch, an claochlú digiteach agus an geilleagar: Pléifidh siad príomhthosaíochtaí an mhargaidh aonair, an beartas tionsclaíoch agus an t-aistriú digiteach. Breathnóidh na ceannairí ar an gCompás Digiteach, lena n-áirítear na spriocanna a leagadh síos do 2030, agus déanfaidh siad athbhreithniú ar an obair maidir leis an gcánachas digiteach. Tabharfaidh siad aghaidh ar thosaíochtaí Sheimeastar Eorpach 2021 agus iarrfar ar na ceannairí an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a fhormhuiniú.
  • An Mheánmhuir Thoir: Pléifidh na ceannairí an staid sa Mheánmhuir Thoir. Meastar go ndéanfaidh an tArdionadaí agus an Coimisiún tuarascáil maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Tuirc a thíolacadh roimh an gcruinniú, i gcomhréir lena raibh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí na Nollag 2020.
  • An Rúis: Pléifidh ceannairí an Aontais an caidreamh leis an Rúis.
Ana Paula Zacarias, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Portaingéile
Is é an rud is tábhachtaí a bhaineann leis an ngníomhaíocht chomhchoiteann chun dul i ngleic leis na paindéimí dlús a chur le táirgeadh, seachadadh agus imscaradh vacsaíní. Ní dhéanfaimid dhá leath dár ndícheall.
Ana Paula Zacarias, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Portaingéile
Ana Paula Zacarias, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Portaingéile

An Seimeastar Eorpach

Scrúdaigh an Chomhairle tuarascáil sintéise ón uachtaránacht maidir leis an ionchur a d'eascair as roinnt físchomhdhálacha neamhfhoirmiúla idir na hairí atá freagrach as gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais, fostaíocht agus gnóthaí sóisialta, an margadh inmheánach agus tionsclaíocht, an comhshaol agus taighde, maidir le Seimeastar Eorpach 2021 agus na pleananna téarnaimh agus athléimneachta.

Tugtar an méid seo a leanas faoi deara sa tuarascáil: de réir na réamhaisnéise geimhridh is déanaí ón gCoimisiún, tá an t-ionchas eacnamaíoch ag brath go mór ar éabhlóid na paindéime agus ar na srianta ar ghníomhaíocht eacnamaíoch chun í a shrianadh agus beidh tacaíocht bheartais ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais ríthábhachtach don téarnamh.

I gcomhthéacs chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, cuirtear i bhfios go láidir sa tuarascáil gur cheart go mbeadh na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta mar an príomhdhoiciméad tagartha ag tionscnaimh bheartais na mBallstát don todhchaí. Ní mór clár náisiúnta na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a chuimsiú sna pleananna sin; ní mór dóibh a bheith i gcomhréir leis na dúshláin agus na tosaíochtaí tírshonracha ábhartha a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus ní mór dóibh a bheith i gcomhréir le cuspóirí beartais an Aontais agus díriú ar na haistrithe glasa agus digiteacha.

Anuas air sin, chomhaontaigh an Chomhairle dréachtmholadh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach.

Chuir an uachtaránacht i láthair treochlár nuashonraithe maidir le Seimeastar Eorpach 2021. Ullmhaíodh an treochlár sin agus aird á tabhairt ar an gcomhthéacs ar leith a d’eascair as paindéim COVID-19 agus ar an ngá atá le coigeartú leanúnach chun an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chomhordú leis an Seimeastar Eorpach.

Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, arb é is aidhm léi go mbeadh na saoránaigh rannpháirteach i ndíospóireacht leathan faoina bhfuil i ndán don Eoraip sna deich mbliana amach romhainn agus dá éis, éifeachtaí phaindéim COVID-19 san áireamh.

Shínigh an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún dearbhú comhpháirteach an 10 Márta ina leagtar amach cuspóirí, struchtúr, raon feidhme agus amscála na Comhdhála.

Tionólfar cruinniú bunaithe Bhord Feidhmiúcháin na Comhdhála an 24 Márta 2021 chun plé a dhéanamh ar réimse saincheisteanna, lena n-áirítear socruithe inmheánacha agus seoladh an ardáin ar líne, chomh maith le pleanáil d’imeachtaí na Comhdhála amach anseo.

Déanfaidh an uachtaránacht reatha agus an dá uachtaránacht a thiocfaidh ina diaidh ionadaíocht thar ceann na Comhairle ar an mBord, agus beidh stádas breathnóra ag na ceithre uachtaránacht atá le teacht ina ndiaidh siúd.

Meastar go gcuirfear tús le gníomhaíochtaí na Comhdhála go luath. Iarrfaidh Uachtaránacht chomhpháirteach na Comhdhála ar an gComhdháil teacht ar chonclúidí faoi earrach na bliana 2022.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025