"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí gnóthaí Eorpacha, 20 Aibreán 2021
Na príomhthorthaí
Idirphlé Bliantúil maidir leis an Smacht Reachta
Faoi chuimsiú an Idirphlé bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta, bhí plé tírshonrach ag na hairí maidir le forbairtí sa smacht reachta i gcúig Bhallstát: An Ghearmáin, Éire, an Ghréig, an Spáinn agus an Fhrainc.
Ba é sin an dara plé tírshonrach a tharla ag an gComhairle, tar éis an phlé a bhí ann i mí na Samhna seo caite, inar díríodh ar an staid sa Bheilg, sa Bhulgáir, sa tSeicia, sa Danmhairg agus san Eastóin. Is cuid de chur chuige neartaithe, níos struchtúrtha é an cleachtadh, lena ndírítear ar an smacht reachta a fheabhsú a thuilleadh i ngach Ballstát, faoi chuimsiú na gconclúidí a ghlac an Chomhairle in 2014 lenar bunaíodh an t-idirphlé.
Is é cuspóir foriomlán an chleachtais seo an Smacht Reachta san Aontas Eorpach a fheabhsú a thuilleadh, lena n-áirítear: córais cheartais neamhspleácha a neartú, creataí éifeachtacha frithéillithe a chur ar bun lena gcothaítear trédhearcacht agus cuntasacht, bunú coimircí d’iolrachas na meán, saincheisteanna eile a bhaineann le seiceálacha agus cothromaíochtaí agus lena dtugtar na saoránaigh níos gaire don phróiseas cinnteoireachta. Leis sin, beifear in ann plé oscailte, cuiditheach a dhéanamh ar an staid maidir leis an Smacht Reachta i ngach Ballstát.
Ana Paula Zacarias, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Portaingéile
An caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe
I bhfianaise na n-imeachtaí is déanaí, rinne na hairí gnóthaí Eorpacha measúnú ar staid na himeartha maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.
An 3 Márta 2021 chuir rialtas na Ríochta Aontaithe in iúl go raibh sé ar intinn aige moill aontaobhach a chur ar chur i bhfeidhm iomlán an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann. An 15 Márta sheol an tAontas Eorpach litir fógra fhoirmiúil chuig an Ríocht Aontaithe maidir le forálacha substainteacha an phrótacail agus an oibleagáid chun gníomhú de mheon macánta a shárú, chomh maith le litir pholaitiúil inar iarradh ar rialtas na Ríochta Aontaithe an méid sin a cheartú. Ag an am céanna, tá teagmháil leanúnach ar siúl idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar an leibhéal teicniúil chun teacht ar réitigh phragmatacha thapa faoi chuimsiú an phrótacail. An 16 Aibreán 2021, thionóil Leas-Uachtarán an Choimisiúin Maroš Šefčovič cruinniú neamhfhoirmiúil leis an Tiarna David Frost mar chuid d’iarrachtaí foriomlána an Aontais teacht ar réitigh chomhpháirteacha.
I mí na Nollag 2020, tháinig idirbheartaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe ar chomhaontú maidir le comhaontú trádála agus comhair (TCA) agus ar chomhaontú maidir le slándáil faisnéise, atá á gcur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2021. An 23 Feabhra 2021, chinn Comhairle Comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe síneadh a chur leis an gcur i bhfeidhm sealadach go dtí an 30 Aibreán 2021 le go mbeidh dóthain ama ann chun an t-athbhreithniú dlítheangeolaíoch ar na comhaontuithe a chur i gcrích. An 26 Feabhra 2021, d’iarr an Chomhairle toiliú ó Pharlaimint na hEorpa maidir lena cinneadh i dtaca leis na comhaontuithe a thabhairt i gcrích.
Rinne na hAirí Gnóthaí Eorpacha a marana ar phaindéim COVID-19 agus freagairt an Aontais, lena n-áirítear staid na himeartha maidir le vacsaíní, an obair leanúnach ar dheimhnithe digiteacha glasa, agus an staid eipidéimeolaíoch agus na srianta taistil.
An 14 Aibreán, d’fhormheas ambasadóirí an Aontais sainordú don Chomhairle dul i mbun caibidlíochta leis an bParlaimint maidir leis an deimhniú glas digiteach, arb é is aidhm dó saorghluaiseacht shábháilte daoine laistigh den Aontas a éascú le linn phaindéim COVID-19. Tá sé beartaithe go dtarlóidh an chaibidlíocht faoi chuimsiú an ghnáthnós imeachta reachtaigh i mí na Bealtaine, d'fhonn í a thabhairt chun críche i mí an Mheithimh. Tá an obair theicniúil leanúnach maidir le deimhnithe digiteacha idir-inoibritheacha COVID-19 mar chuid den ullmhúchán do chur chuige coiteann chun deireadh a chur le srianta de réir a chéile. Mar sin féin, mar gheall ar an staid thromchúiseach eipidéimeolaíoch, coinneofar na bearta reatha, lena n-áirítear na bearta maidir le taisteal nach bhfuil riachtanach, i bhfeidhm go ceann tamaill.
Méadú agus an próiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais
Roinn an Uachtaránacht staid na himeartha maidir le Méadú agus maidir leis an bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais agus maidir lena bhfuil ar intinn aici sna míonna atá le teacht.
I measc na n-ábhar tábhachtach sa réimse sin tá staid na caibidlíochta maidir le Rialachán IPA III, an plé leanúnach maidir le cur i bhfeidhm mhodheolaíocht athbhreithnithe an mhéadaithe i leith Mhontainéagró agus na Seirbia, agus eagrú comhdhálacha idir-rialtasacha (IGCanna) le tíortha is iarrthóirí sna Balcáin Thiar.
Chuir an Uachtaránacht na hAirí Gnóthaí Eorpacha ar an eolas faoi staid na himeartha maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, tar éis an chéad dá chruinniú de Bhord Feidhmiúcháin na Comhdhála.
Is é is aidhm don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa saoránaigh a bheith páirteach i ndíospóireacht leathan faoina bhfuil i ndán don Eoraip sna deich mbliana amach romhainn agus dá éis, lena n-áirítear todhchaí na hEorpa i bhfianaise phaindéim COVID-19.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.