"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 11 Bealtaine 2021
Na príomhthorthaí
Comhordú an Aontais maidir le COVID-19
Phléigh an Chomhairle staid na himeartha i dtaca le comhordú an Aontais maidir le COVID-19 le béim ar an bhfeachtas vacsaínithe, ar an obair leanúnach ar dheimhnithe digiteacha glasa, agus ar an staid eipidéimeolaíoch agus ar na srianta taistil.
An 3 Bealtaine, thionóil an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún an chéad chruinniú tríthaobhach maidir leis an deimhniú glas digiteach, a bhfuil sé mar aidhm leis an tsaorghluaiseacht a éascú. Thabharfaí an chaibidlíocht sin chun críche i mí an Mheithimh. Beidh an dara cruinniú tríthaobhach ar siúl an 11 Bealtaine.
Tá an obair theicniúil leanúnach maidir le deimhnithe digiteacha idir-inoibritheacha COVID-19 mar chuid den ullmhúchán do chur chuige coiteann chun deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta. Tá obair ar siúl freisin maidir leis an athbhreithniú ar an Moladh ón gComhairle maidir le taisteal ó thríú tíortha.
Tá an chaibidlíocht faoin Deimhniú Glas Digiteach ag dul chun cinn de mheon cuiditheach. Tá súil againn go mbeimid in ann teacht ar chomhaontú idirinstitiúideach go luath. Chuideodh sin go mór leis an Eoraip a chur ag gluaiseacht arís.
Ana Paula Zacarias, Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha na Portaingéile
Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach an 24 agus an 25 Bealtaine 2021
Dʼullmhaigh an Chomhairle don chruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl an 24 agus an 25 Bealtaine 2021.
Tiocfaidh ceannairí an Aontais le chéile sa Bhruiséil chun freagairt an Aontais ar COVID-19 a chomhordú, agus chun na forbairtí is déanaí a phlé.
Díreoidh na Cinn Stáit nó Rialtais ar an athrú aeráide freisin, ag eascairt as na conclúidí ón gComhairle Eorpach ó mhí na Nollag 2020.
Tabharfaidh ceannairí an Aontais aghaidh ar an gcaidreamh seachtrach le díospóireacht straitéiseach faoin Rúis. Sa ráiteas ó chomhaltaí na Comhairle Eorpaí an 25 Márta, foráladh go dtionólfaí díospóireacht straitéiseach ʽag cruinniú den Chomhairle Eorpach a bheidh ann amach anseo. Ar deireadh, déanfaidh an Chomhairle Eorpach athbhreithniú ar chur chun feidhme Chomhaontú Trádála agus Comhair an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe.
Chuir an uachtaránacht na hAirí Gnóthaí Eorpacha ar an eolas faoi staid na himeartha agus faoi na chéad chéimeanna eile i dtaca leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, tar éis imeacht foirmiúil tionscnaimh an 9 Bealtaine in Strasbourg.
Díreach roimh an imeacht foirmiúil sin, tháinig Bord Feidhmiúcháin na Comhdhála le chéile den cheathrú huair chun an chaibidil atá fágtha de na Rialacha Nós Imeachta, a bhaineann le Seisiún Iomlánach na Comhdhála, a phlé agus a chomhaontú. Leis sin, tugadh na Rialacha Nós Imeachta chun críche go hiomlán tar éis do chead a bheith tugtha ag an mBord, an 22 Aibreán seo caite, don dá roinn eile de Rialacha Nós Imeachta na Comhdhála, go háirithe maidir le rannpháirtíocht na saoránach agus modhanna oibre an Bhoird. An uair sin, cuireadh an Bord ar an eolas freisin faoi na módúlachtaí praiticiúla maidir le painéil na Saoránach Eorpach a eagrú.
An 19 Aibreán, seoladh ardán digiteach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, lenarbh fhéidir tús a chur leis an gcomhrá le saoránaigh ar fud na hEorpa. Tá roinnt smaointe agus imeachtaí postáilte ar an ardán cheana féin.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.