- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Comhdháil na Náisiún Aontaithe i bPáras maidir leis an athrú aeráide, 30/11-12/12/2015, 30 Samhain - 12 Nollaig 2015
I bPáras, ón 30 Samhain go dtí an 12 Nollaig, óstaíodh an 21ú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe (COP 21) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus an 11ú seisiún de chruinniú na bpáirtithe i bPrótacal Kyoto (CMP 11).
Ar an 12 Nollaig, tháinig na páirtithe ar chomhaontú nua domhanda maidir leis an athrú aeráide. Toradh cothrom atá sa chomhaontú agus tá plean gníomhaíochta ann chun an téamh domhanda a choinneáil 'go mór' faoi bhun 2°C.
Dúirt Carole Dieschbourg, Aire Comhshaoil Lucsamburg, atá i mbun Uachtaránacht ar an gComhairle, an méid seo a leanas: "Bímis bródúil asainn féin inniu. Tá an chéad chomhaontú aeráide riamh, atá uilíoch agus ceangailteach ó thaobh dlí, leagtha síos againn inniu agus, leis an gcomhaontú sin, cuireadh an saol mór ar bhealach a leasa chun an t-athrú contúirteach aeráide a sheachaint. Is treochlár é do shaol níos fearr, níos córa agus níos inbhuanaithe. Rinne an tAontas a theanndícheall chun go mbeadh an comhaontú sin chomh láidir agus is féidir. Eadránaí rathúil a bhí ionainn le linn na caibidlíochta sin. Ná déanaimis dearmad, áfach, nach bhfuil sa mhéid a comhaontaíodh i bPáras ach an tús agus go bhfuil turas fada romhainn fós. I dteannta na ngeallsealbhóirí go léir - eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), an lucht gnó agus gach saoránach - beidh an fhreagracht orainn anois an comhaontú sin a chur i ngníomh."
Bhí Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, i láthair, in éineacht le 150 ceannaire eile, ag an oscailt oifigiúil ar an 30 Samhain 2015. Ghlac an Chomhairle seasamh caibidlíochta go foirmiúil don chomhdháil i mí Mheán Fómhair na bliana seo.
Príomheilimintí chomhaontú nua Pháras:
- an sprioc fadtéarmach: d’aontaigh na rialtais an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarracht a dhéanamh teorainn de 1.5°C a chur leis
- an rannchuidiú: roimh Chomhdháil Pháras agus lena linn, thíolaic na tíortha pleananna náisiúnta cuimsitheacha gníomhaíochta maidir leis an athrú aeráide chun a gcuid astaíochtaí a laghdú
- uaillmhian: d'aontaigh na rialtais go gcuirfidh siad in iúl gach cúig bliana an méid a dhéanfaidh siad chun spriocanna uaillmhianacha a leagan síos
- trédhearcacht: ghlac siad freisin le tuairisciú dá chéile agus don phobal maidir leis an dul chun cinn a bheidh á dhéanamh acu chun a gcuid spriocanna a chur chun feidhme, chun trédhearcacht agus maoirseacht a áirithiú
- dlúthpháirtíocht: leanfaidh an tAontas agus tíortha forbartha eile de mhaoiniú don aeráid a chur ar fáil chun cúnamh a thabhairt do thíortha atá i mbéal forbartha astaíochtaí a laghdú agus chun an teacht aniar a chothú i leith thionchair an athraithe aeráide
Forbairt ar sheasamh an Aontais maidir leis an athrú aeráide
Tuilleadh eolais faoi ghníomhaíochtaí na Comhairle maidir leis an athrú aeráide.
Comhaontú nua domhanda maidir leis an athrú aeráide bainte amach i bPáras.
Ghlac an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais conclúidí maidir le maoiniú i ndáil leis an athrú aeráide.
Ghlac an Chomhairle Comhshaoil Conclúidí lena mbunaítear seasamh an Aontais do Chomhdháil na Náisiún Aontaithe i bPáras maidir leis an athrú aeráide.
Thíolaic an tAontas a rannchuidiú beartaithe arna chinneadh go náisiúnta (INDC) do rúnaíocht Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC).
Tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú maidir le Creat 2030 i gcomhair beartais aeráide agus fuinnimh don Aontas.
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025