Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 07-08/12/2017, 7-8 Nollaig 2017

Na príomhthorthaí - 7 Nollaig

eu-LISA

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh i ndáil le dréachtrialachán maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA). Leis an rialachán seo, neartófar sainordú eu-LISA, lena n-áirítear trína rannchuidiú le forbairt réiteach teicniúil chun idir-inoibritheacht a bhaint amach, faoi réir togra reachtach maidir le hidir-inoibritheacht a bheidh ann amach anseo.

An fhrithsceimhlitheoireacht

Bhí malartú tuairimí ag na hAirí maidir leis an radacú, ar bhonn na tuarascála eatramhaí ó ghrúpa ardleibhéil an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an radacú. Agus an grúpa frithsceimhlitheoireachta i láthair, phléigh siad freisin deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh tuilleadh comhair idir na húdaráis inniúla a láimhseálann an fhrithsceimhlitheoireacht.

Chun bheith in ann an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus slándáil shaoránaigh an Aontais a fheabhsú ní mór dúinn freagairt ar gach leibhéal. Cuimsítear ansin idir radacú a chosc, comhar idir údaráis dhifriúla a fheabhsú agus rochtain a áirithiú ar na sonraí a theastaíonn uainn chun sceimhlitheoirí a stopadh agus iad ag iarraidh ionsaithe a dhéanamh. Andres Anvelt, Aire Gnóthaí Baile na hEastóine

Sonraí a choinneáil agus a chriptiú

Bhí plé comhpháirteach ag na hairí ceartais agus gnóthaí baile maidir le criptiú ar bhonn na mbeart a thíolaic an Coimisiún Eorpach i mí Dheireadh Fómhair. Ba dhíol sásaimh dóibh na bearta teicniúla a tíolacadh agus thathantaigh siad ar an gCoimisiún leanúint den tsaincheist a scrúdú. Iarradh ar an gCoimisiún tuairisciú ar an dul chun cinn a rinneadh ar chur chun feidhme na mbeart teicniúil atá beartaithe i mí an Mhárta 2018. Bhí airí ag tnúth freisin leis an togra reachtach maidir le r-fhianaise, a bhfuiltear ag súil leis i mí Eanáir.

Phléigh airí sonraí a choinneáil agus thug siad treoir don obair a dhéanfar amach anseo ar leibhéal na saineolaithe. Dhírigh siad ar thrí ghné: comhleanúnachas láidir leis an dréachtrialachán maidir le ríomhphríobháideachas, raon feidhme an chreata maidir le coinneáil sonraí a shrianadh, agus cosaintí láidre a leagan amach le haghaidh rochtain ar shonraí a coinníodh.

Ábhair eile

Bhí plé neamhfhoirmiúil ag na hairí i ndáil leis an limistéar Schengen a threisiú. Thug siad dá n-aire an obair atá déanta cheana agus leag siad béim ar an ngá leanúint ar aghaidh leis an obair ar na tionscnaimh éagsúla atá á ndéanamh chun feabhas a chur ar an rialú ag na teorainneacha seachtracha agus saorghluaiseacht a chaomhnú.

Na príomhthorthaí - 8 Nollaig

An Rialachán maidir le calcadh agus coigistiú

Chomhaontaigh an Chomhairle cur chuige ginearálta i ndáil le dréachtrialachán maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’orduithe calctha agus d’orduithe coigistíochta. Is beart tábhachtach chun dul i ngleic le maoiniú na coireachta, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht, sócmhainní a fhaightear trí ghníomhaíocht choiriúil a chalcadh agus a choigistiú go héifeachtach.

An Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS)

Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir le dhá thogra reachtacha i ndáil le húsáid a bhaint as ECRIS i dtaca le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát (TCN). Is é príomhchuspóir na dréachtreachtaíochta seo sásra éifeachtúil a bhunú ionas go mbeidh teacht ar fhaisnéis taifid choiriúil faoi náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a ciontaíodh san Aontas, ionas nach n-éireoidh leo éalú ón dlí.

Cúrsaí teaghlaigh agus freagracht tuismitheoireachta

Phléigh na hairí an t-athbhreithniú ar rialachán IIa na Bruiséile (mar a ghairtear air) (rialachán maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forfheidhmiú cinntí i gcúrsaí teaghlaigh agus i gcúrsaí freagrachta tuismitheoirí, agus maidir leFuadach Idirnáisiúnta Leanaí). Bhíothas ar aon fhocal gur cheart deireadh a chur leis an exequatur maidir leis na cinntí sin atá fanta i dtaca le freagracht tuismitheoireachta agus luadh freisin a thábhachtaí a bhí na coimircí oiriúnacha sa réimse seo.

Is iomaí sin teaghlach a dhéanann cónaí thar theorainneacha agus is den tábhacht go n-aithneofaí an réaltacht sin sa reachtaíocht agus go gcosnófaí leas an linbh léi. Pléadh inniu an chaoi a ndearnadh cinneadh maidir le freagracht tuismitheoireachta i mBallstát amháin agus go bhféadfaí amhlaidh a dhéanamh níos scafánta sna Ballstáit uile, rud a sheachnódh nós imeachta ní ba liopasta agus ní ba chostasaí. Urmas Reinsalu, Aire Dlí agus Cirt na hEastóine

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025