Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 08-09/06/2017, 8-9 Meitheamh 2017

Na príomhthorthaí

An ceartas coiriúil sa chibearspás

Phléigh airí dlí agus cirt agus gnóthaí baile an bealach ar aghaidh maidir le r-fhianaise ar bhonn na réiteach praiticiúil a sainaithníodh mar thoradh ar phróiseas saineolaithe an Choimisiúin. Thacaigh siad le cur chun feidhme tapa roinnt beart praiticiúil chun comhar i measc údarás breithiúnach agus le soláthraithe seirbhíse a fheabhsú. Áirítear orthu sin leagan leictreonach atá furasta le húsáid a chruthú den Ordú Imscrúdaithe Eorpach (OIE), pointí teagmhála aonair laistigh d’údarás na mBallstát agus soláthraithe seirbhísí a chruthú chun comhar a éascú, chun sruthlíniú a dhéanamh ar bheartais soláthraithe seirbhísí maidir le nósanna imeachta agus coinníollacha chun rochtain a iarraidh agus chun na foirmeacha a úsáideann Ballstáit chun rochtain a iarraidh ar r-fhianaise a chaighdeánú, i measc nithe eile. Chun feabhas a chur ar an gcomhar le húdaráis SAM, príomhchomhpháirtí ó thaobh na r-fhianaise de, ba cheart an malartú dea-chleachtas agus oiliúint do chleachtóirí a fheabhsú tuilleadh.

Thacaigh tromlach mór acu leis an ngá le machnamh a dhéanamh ar ghníomhaíocht reachtach Aontais maidir le comhar díreach le soláthraithe seirbhísí agus coinníollacha coiteanna agus coimircí íosta Aontais a leagan síos maidir le rochtain ag údaráis ar shonraí ó chóras ríomhaireachta. Chuir an-chuid acu i dtreis nach mór aird chuí a thabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann le cosaint sonraí agus creat den sórt sin á fhorbairt, agus ar an ngá sineirgí a chur san áireamh agus a áirithiú de réir mar is iomchuí leis an bplé atá ar siúl ar an leibhéal idirnáisiúnta. Agus an phráinn a chur roinnt airí in iúl á cur san áireamh, d’fhógair an Coimisiún go bhfuil sé de rún aige togra reachtach a thíolacadh go luath an bhliain seo chugainn.

Chuir an Coimisiún Eorpach na hairí ar an eolas faoin obair a rinneadh sa phróiseas saineolaithe ar chriptiú, a leanfaidh ar aghaidh le linn na míonna atá le teacht. Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin staid mar atá i dtaca le sonraí a choinneáil.

Imircigh ar leanaí iad

Phléigh airí dlí agus cirt na dúshláin reatha a bhaineann leis an méadú i líon na n-imirceach ar leanaí iad atá ag taisteal chuig an Aontas Eorpach agus ag teacht isteach ann. In 2015 agus 2016, bhí 30 faoin gcéad d’iarrthóirí tearmainn san Aontas ina leanaí, an-chuid acu ag taisteal gan a dteaghlaigh.

Glac na hairí conclúidí ón gComhairle chun a athdhearbhú go bhfuil an ceart cosanta ag imircigh ar leanaí iad, i gcomhréir le forálacha ábhartha dhlí an Aontais, lena n-áirítear an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí idirnáisiúnta maidir le cearta an linbh.

“Tá cosaint shonrach de dhíth ar imircigh ar leanaí iad mar tá siad i mbaol mór foréigin, gáinneála ar dhaoine nó dúshaothraithe feadh na mbealaí imirce. Is céad chéim í an díospóireacht seo. Ní mór dúinn anois bogadh ar aghaidh agus áirithiú go nglacaimid, ar an leibhéal náisiúnta, bearta cuí, praiticiúla amhail iad siúd atá molta ag an gCoimisiún sa teachtaireacht uaidh le déanaí.”

Uachtaránacht Mhálta

Saincheisteanna ceartais eile

Ghlac an Chomhairle roinnt cur chuige ginearálta, lena n-áirítear i ndáil leis an treoir maidir le hinneachar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar, i ndáil leis an togra le haghaidh treoir maidir le sciúradh airgid a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil, agus i ndáil le cosaint sonraí ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais.

Ghlac na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe cur chuige ginearálta maidir leis an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle ar bhunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, a bhfuil an ról aige dul i ngleic le coireanna i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh.

Beartas imirce

Mhalartaigh airí tuairimí faoi bheartas imirce, cuireadh béim faoi leith ar an staid mar atá sa Mheánmhuir Láir agus ar chur chun feidhme dhearbhú Mhálta an 3 Feabhra 2017.

Phléigh siad freisin beartas um fhilleadh agus um athligean isteach, inar leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé beartas um fhilleadh an Aontais Eorpaigh a threisiú agus é a dhéanamh níos éifeachtúla. Déardaoin, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le feabhas a chur ar fhilleadh agus ar athligean isteach daoine atá ag fanacht go neamhdhleathach, ina luaitear nach mór smaoineamh ar chomhordú níos láidre idir beartas um fhilleadh agus beartas víosaí.

Athchóiriú a dhéanamh ar an gcomhchóras Eorpach tearmainn

Rinne na hairí machnamh ar an obair a rinneadh go dtí seo maidir leis an athchóiriú ar an gcomhchóras Eorpach tearmainn (CET)agus phléigh siad an bealach chun tosaigh.

Leanann an tAontas de chur lena chur chuige cuimsitheach maidir leis an imirce. Áirítear leis sin dul i ngleic le sreabha imirce, feabhas a chur ar na córais maidir le daoine a chur ar ais nach bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus athchóiriú a dhéanamh ar an gcomhchóras Eorpach tearmainn.

Uachtaránacht Mhálta ar an gComhairle

Córas an Aontais Eorpaigh um fhaisnéis agus údarú taistil

Chomhaontaigh an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir leis an togra le haghaidh chóras an Aontais Eorpaigh um fhaisnéis agus údarú taistil (ETIAS). De bharr an chórais sin, beifear in ann seiceálacha a dhéanamh roimh ré agus, más gá, an t-údarú a dhiúltú do náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó víosa, atá ag iarraidh taisteal chuig limistéar Schengen.

Saincheisteanna eile gnóthaí baile

Mhalartaigh airí tuairimí faoi fheabhas a chur ar mhalartú faisnéise agus ar idir-inoibritheacht na gcóras faisnéise, ar ina leith a ghlac an Chomhairle conclúidí ar an Déardaoin. Leanfar leis an obair ar an ábhar sin le linn uachtaránacht na hEastóine a bheidh ann go luath.

Phléigh na hairí na tograí reachtacha chun feabhas a chur ar chóras faisnéise Schengen (SIS). Dhírigh siad ar thrí phointe, go háirithe: foláirimh choisctheacha i gcomhair leanaí atá i mbaol a bhfuadaigh, foláirimh maidir le daoine agus ábhair i gcomhair seiceálacha fiosrúcháin agus feabhas a chur ar SIS i réimse an chomhair bhreithiúnaigh. Bhí na hairí ar aon intinn, ar an mórchóir, faoin bhféidearthacht foláirimh choisctheacha i gcomhair leanaí atá i mbaol a bhfuadaigh a chur san áireamh, chomh maith le foláirimh maidir le daoine agus ábhair i gcomhair seiceálacha fiosrúcháin. Pléifear an tsaincheist a bhaineann le feabhas a chur ar úsáid SIS i réimse an chomhair bhreithiúnaigh ag céim níos déanaí. Leanfar leis an obair ar an leibhéal teicniúil ar bhonn na treorach sin.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025