- An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 08-09/03/2018, 8-9 Márta 2018
Na príomhthorthaí
Gnóthaí Baile – Déardaoin an 8 Márta
Comhar leis na Balcáin Thiar maidir leis an tslándáil
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le comhair leis na Balcáin Thiar i réimse na slándála inmheánaí agus na frithsceimhlitheoireachta, bunaithe ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Feabhra.
Dhírigh siad ar conas rannpháirtíocht na mBallstát leis na Balcáin Thiar a mhéadú agus ar na réimsí ar cheart obair leantach a dhíriú orthu. Dhírigh na hairí aird freisin ar roinnt bunspriocanna gearrthéarmacha féideartha.
Tá tionchar díreach ag an tslándáil sna Balcáin Thiar ar an tslándáil san Aontas Eorpach. Táimid tiomanta do chomhar níos fearr leis an réigiún chun dul i ngleic le bagairtí ón gcoireacht eagraithe agus ón sceimhlitheoireacht, agus chun slándáil shaoránaigh an Aontais a fheabhsú. Valentin Radev, Aire Gnóthaí Baile na Bulgáire
Cuirfear toradh an phlé seo san áireamh don chruinniú mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar, a thionólfar i Sóifia an 17 Bealtaine. D'fhógair an tUachtaránacht freisin go bhfuil rún aici cruinniú a thionóil i mí an Mheithimh le comhpháirtithe na mBalcán Thiar ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach.
Idir-inoibritheacht
Phlé na hairí na tograí ón gCoimisiún maidir le hidir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh. Is é is aidhm do na tograí sin feabhas a chur ar chuardach agus comparáid na sonraí atá le fáil ar chórais faisnéise an Aontais.
Dhírigh na hairí a n-aird ar an méid seo a leanas: an dtéann na comhpháirteanna idir-inoibritheachta a bheartaítear i ngleic go leordhóthanach leis na riachtanais, ar cheart go gcuirfí comhordú ar fáil ar leibhéal an Aontais chun an chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta a ullmhú, ar cheart aon ghnéithe eile a mheas, agus ar cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar fhéidearthacht ghnéithe eile chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí faisnéise atá fós ann agus chun cur le comhlánú an struchtúir idir-inoibritheachta.
I ndiaidh an phlé sin, leanfar de scrúdú a dhéanamh ar na tograí ar an leibhéal teicniúil.
- Nóta cúlra ón uachtaránacht maidir le hidir-inoibritheacht
- Grafaic faisnéise maidir le hidir-inoibritheacht
Ábhair eile
Le linn an lóin, phlé na hairí an bealach is éifeachtaí chun an t-ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a chomhrac. Leag siad béim ar a thábhachtaí atá an obair leantach ar na bearta éagsúla ata i bhfeidhm agus ar a áirithiú go gcomhlíonann na cuideachtaí móra idirlín a gcuid gealltanas.
Ina theannta sin, cheap an Chomhairle Catherine De Bolle as an mBeilg le bheith ar an gcéad Stiúrthóir Feidhmiúcháin eile ar Europol.
Ceartas – Dé hAoine an 9 Márta
An Treoir maidir le calaois neamhairgid
Chomhaontaigh na hairí seasamh na Comhairle maidir leis an treoir i dtaca le calaois trí mhodhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac. Leis an treoir seo, cuirfear i bhfeidhm creat dlíthiúil atá soiléir, stóinsithe agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de chun calaois trí mhodhanna íocaíochta leictreonacha agus digiteacha, amhail sparáin ar líne, íocaíochtaí móibíleacha, cártaí bainc nó airgeadraí fíorúla, a chomhrac.
Tá méadú ag teacht go gasta ar chalaois le cártaí creidmheasa nó le siopadóireacht ar líne. Ní hamháin go bhfuil calaois á húsáid chun grúpaí coiriúla a mhaoiniú ach déantar dochar léi d'fhorbairt an mhargaidh aonair dhigitigh mar go mbíonn drogall ar na saoránaigh siopadóireacht a dhéanamh ar líne. Ní mór dúinn deireadh a chur leis sin agus teachtaireacht shoiléir a thabhairt do chalaoiseoirí nach mbeidh siad in ann tairbhe a bhaint a thuilleadh as lúba ar lár idir na Ballstáit. Beidh rialacha comhchoiteanna stóinsithe againn anois agus áiritheoimid go gcuirfear pionós ar dhaoine as gníomhaíochtaí calaoiseacha. Tsetska Tsacheva, Aire Dlí agus Cirt na Bulgáire
R-fhianaise
D'athdhearbhaigh na hairí a thábhachtaí atá sé creat dlíthiúil a bhunú don rochtain trasteorann ar r-fhianaise agus spreag siad an Coimisiún a thogra a thabhairt chun críche chomh luath agus is féidir. Gheall an Coimisiún go gcuirfeadh sé i láthair é i mí Aibreáin.
Ina theannta sin, phléigh na hairí forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, sna Stáit Aontaithe agus ag Comhairle na hEorpa go háirithe, agus leag siad béim ar a riachtanaí atá sé na forbairtí sin a chur san áireamh i reachtaíocht an Aontais amach anseo.
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)
Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas maidir le cur chun feidhme rialachán IOPE.
D'athdhearbhaigh na Ballstáit gur mian leo a bheith dlúthpháirteach i mbunú praiticiúil IOPE chomh maith leis an ngá le comhar maith oibre a áirithiú idir IOPE agus comhlachtaí eile amhail Eurojust, OLAF agus Europol. Le linn an phlé, d'fhógair Málta go bhfuil sé de rún aige dul isteach in IOPE.
Beidh sé d'údarás, i ndálaí ar leith, ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, calaois san Aontas agus coireanna eile a mbíonn tionchar acu ar leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Cuimseofar faoi aon scáth amháin iarrachtaí Eorpacha agus náisiúnta i ndáil le forfheidhmiú an dlí chun an chalaois a chomhrac.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 08-09 Márta 2018
- Liosta na míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 08-09 Márta 2018
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, an 08-09 Márta 2018
- Clár táscach
- Cúlra faisnéise
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #JHA
Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025