Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 04-05/06/2018, 4-5 Meitheamh 2018

Na príomhthorthaí

Ceartas (Dé Luain, 4 Meitheamh)

Treoir maidir le dócmhainneacht, athstruchtúrú agus an dara deis a thabhairt

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta páirteach don treoir maidir le dócmhainneacht, athstruchtúrú agus an dara deis a thabhairt. Cumhdaíonn an comhaontú sin, go háirithe, gnéithe i ndáil le fiacha a ghlanadh, bearta lena méadófar éifeachtúlacht nósanna imeachta agus bailiú sonraí i dtaca leis na nósanna imeachta sin.

Tacóidh an treoir seo, a luaithe a ghlacfar í, le fás agus fostaíocht fud fad an Aontais agus cruthóidh sí cultúr gnó ina mbeidh deis ag fiontraithe tabhairt faoi ghnó arís má theipeann orthu. Tá súil agam, le comhaontú an lae inniu, go réiteofar an bóthar do sheasamh iomlán ón gComhairle níos déanaí i mbliana agus do chomhaontú polaitiúil roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa. Tsetska Tsacheva, Aire Dlí agus Cirt na Bulgáire

R-fhianaise

Phléigh na hairí ceartais agus gnóthaí baile an togra ón gCoimisiún agus dhearbhaigh siad an athuair a thábhachtaí atá sé i gcás mearshásraí éifeachtacha a áirithiú maidir le r-fhianaise a bhailiú agus a úsáid. Maidir lenar tharla le déanaí ar bhonn idirnáisiúnta, go háirithe gur glacadh gníomh CLOUD de chuid na Stát Aontaithe, thacaigh an Chomhairle le cur chuige coiteann ar leibhéal an Aontais agus mhol sí don Choimisiún leanúint leis an teagmháil le húdaráis na Stát Aontaithe agus sainordú caibidlíochta a thíolacadh, roimh shaoire an tsamhraidh más féidir.

Straitéis maidir le r-Cheartas

Thug an Uachtaránacht tuairisc do na hairí faoin dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an Straitéis nua maidir le r-Cheartas 2019-2023 agus i dtaca leis an bPlean Gníomhaíochta a ghabhann léi. Na príomhghnéithe den straitéis nua, atá ag teacht le chéile i láthair na huaire, cuideoidh siad leis an gceartas a nuachóiriú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

Áireofar an méid a leanas sa chreat agus sna prionsabail a comhaontaíodh le haghaidh na dréachtstraitéise agus an phlean gníomhaíochta: inbhuanaitheacht na dtionscadal r-Cheartais a áirithiú, prionsabal na hidir-inoibritheachta idir córais leictreonacha náisiúnta na mBallstát a fhorbairt, agus prionsabal na rannpháirtíochta deonaí i dtionscadal a chaomhnú.

Gnóthaí baile (Dé Máirt, an 5 Meitheamh)

Athchóiriú ar an gcomhchóras Eorpach tearmainn agus ar an athshocrú

Rinne na hairí breithniú ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis na comhaid go léir a bhaineann leis an athchóiriú ar an gcóras tearmainn.

Roimh an gcruinniú den Chomhairle, bhí plé neamhfhoirmiúil ag na hairí maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na freagrachta agus na dlúthpháirtíochta i gcomhthéacs an chomhchórais Eorpaigh tearmainn. Beidh toradh an phlé sin, agus an téacs comhréitigh is déanaí, mar bhunús ag an obair a dhéanfar in oirchill chruinniú na Comhairle Eorpaí ag deireadh mhí an Mheithimh.

Phléigh na hairí freisin, ar bhonn neamhfhoirmiúil, an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn, agus thacaigh siad, a bheag nó a mhór, le liosta Aontais de thríú tíortha sábháilte a chur i dtoll a chéile faoin am a ghlacfar an Rialachán.

Inniu, bhí plé macánta againn maidir le gnéithe bunúsacha den athchóiriú ar an gcóras tearmainn. Níl géarchéim romhainn faoi láthair, faoi mar a bhí in 2015, ach ní mór dúinn a bheidh ullamh ina comhair, ar a shon sin. Leanfaidh ceannairí an Aontais leis an bplé anois, bunaithe ar an obair go léir a rinneadh go dtí seo. Valentin Radev, Aire Gnóthaí Baile na Bulgáire

An cód maidir le víosaí

Phléigh na hairí gnóthaí baile an togra maidir leis an athchóiriú ar an gcód maidir le víosaí, ag díriú go háirithe ar an nasc idir an beartas víosaí agus athligean isteach. Thacaigh formhór na dtoscaireachtaí le códú a dhéanamh ar an nasc idir an beartas víosaí agus athligean isteach agus chuir siad in iúl gur mó lé a bhí acu le dreasachtaí diúltacha. Leanfar leis an obair ar leibhéal na saineolaithe d'fhonn sainordú caibidlíochta a shocrú a luaithe is féidir.

An Imirce

Le linn an lóin, phléigh na hairí an staid mar atá agus an bealach chun cinn i gcás saincheisteanna éagsúla imirce, agus gach bealach as trí bhealach na Meánmhara á gcur san áireamh. Bhreithnigh siad an bealach a bhféadfaí treisiú leis an obair i réimsí éagsúla, lena n-áirítear an tacaíocht atá á tabhairt do ghníomhaireachtaí an Aontais, an urraim is cóir a léiriú i gcónaí don ráiteas ón Aontas agus ón Tuirc, an maoiniú is cóir a chur ar fáil do Chiste Iontaobhais an Aontais Eorpaigh don Afraic agus an tacaíocht atá á tabhairt do chomhpháirtithe na mBalcán Thiar.

Comhar AE i gcoinne na coireachta eagraithe tromchúisí

Rinne na hairí breithniú ar an tionchar atá ag timthriall beartais AE ar an gcoireacht eagraithe tromchúiseach, anois ó tugadh an chéad timthriall beartais de chuid an Aontais chun críche (2014-2017). Dhearbhaigh siad an breisluach a ghabhann leis agus chuir siad i dtreis gur eiseamláir é an ghné ildisciplíneach de, agus gur tionscnamh é ar éirigh thar cionn leis.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025