Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Cruinniú urghnách den Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 28 Márta 2022

Na príomhthorthaí

Tháinig na hairí le chéile chun tuilleadh comhordaithe a phlé i dtaca le dídeanaithe ón Úcráin a ghlacadh. Ón 24 Feabhra 2022 i leith, tháinig tuairim is 3.8 milliún duine, mná agus leanaí den chuid is mó, chuig an Aontas Eorpach agus iad ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin.

Bhreithnigh na hairí na modhanna tacaíochta ábharach agus airgeadais a cuireadh chun feidhme ó thaobh a leibhéal de agus ó thaobh na solúbthachta de freisin. Phléigh siad riachtanais bhreise airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann chomh maith le bearnaí a d’fhéadfadh a bheith sa tacaíocht arna cur ar fáil ag na gníomhaireachtaí. Leanfar den phlé maidir le riachtanais chúnaimh sa mheántéarma agus san fhadtéarma ar leibhéal na saineolaithe.

Ina theannta sin, thug na hairí aghaidh ar chun feidhme an chinnidh maidir le cosaint shealadach agus chuir siad in iúl go dtacaíonn siad le comhordú breise ar threoir agus ar ghluaiseacht laistigh den Aontas. Go háirithe, d’iarr siad ar an gCoimisiún, le cúnamh ó eu-LISA, dul chun cinn a dhéanamh a luaithe is féidir ar réiteach TF lena gceadófaí cur chuige láraithe uile-Eorpach maidir le dídeanaithe ón Úcráin a chlárú. Leis an gcomhdhlúthú sin, ar leibhéal an Aontais, ar an gclárú i mbunachair sonraí náisiúnta, éascófar cosaint dídeanaithe, go háirithe mionaoisigh neamhthionlactha, agus a ngluaiseachtaí laistigh den Aontas. Chuir na hairí san áireamh freisin smaointe agus tionscadail phíolótacha maidir le comhordú idir na Ballstáit i ndáil le hiompar iarnróid agus bus.

Thug na hairí dá n-aire na gealltanais a tugadh maidir le dídeanaithe a ghlacadh ón Moldóiv, agus 14,500 áit beartaithe cheana féin. Ba dhíol sásaimh dóibh freisin na nósanna imeachta oibríochtúla a d’fhormheas an Coimisiún chun na hoibríochtaí aslonnaithe sin a chur chun feidhme.

Ar deireadh, d’athdhearbhaigh na hairí gur gá leanúint de na rialuithe ar theorainneacha seachtracha a chur i bhfeidhm go docht. Thacaigh siad freisin le slógadh ghréasán an Aontais chun an choireacht thromchúiseach eagraithe a chomhrac (EMPACT) chun an cás a sheachaint ina ndéanfadh coirpigh dúshaothrú ar an staid — amhail trí gháinneáil ar dhaoine, trí chalaois ar líne agus míleithreasú cistí a sainíodh mar thacaíocht do dhídeanaithe, nó trí gháinneáil ar airm.

Ar imeall an chruinnithe a bhí ag an gComhairle, bhí deis ag na hairí plé a dhéanamh, trí bhíthin físchomhdhála, le hAire Gnóthaí Baile na hÚcráine.

Ag deireadh an chruinnithe, thíolaic an Coimisiún plean gníomhaíochta comhpháirteach 10 bpointe, comhordaithe le hUachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, chun freagairtí oibríochtúla ar an staid a dhéanamh.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025