"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Cruinniú urghnách den Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 27 Feabhra 2022
Na príomhthorthaí
Ag cruinniú urghnách den Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile an 27 Feabhra, thug na hairí gnóthaí baile dá n-aire an fhreagairt le tabhairt ar a bhfuil ag eascairt as an gcogadh san Úcráin.
Cuirimid in iúl ár n-aontacht agus ár ndlúthpháirtíocht iomlán leis an Úcráin agus lena muintir. Tá tacaíocht pholaitiúil, airgeadais, dhaonnúil agus lóistíochtúil curtha ar fáil ag an Aontas Eorpach agus ag na Ballstáit, agus coinneoidh siad sin ar bun i bhfianaise iompair foghach na Rúise.
Gérald Darmanin, Aire Gnóthaí Baile na Fraince
Tar éis an phlé, chinn an Uachtaránacht socruithe comhtháite an Aontais maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR) a ghníomhachtú chun an staid a fhaireachán, bearta dlúthpháirtíochta a chomhordú agus rannpháirt na ngníomhaithe ábhartha uile a chinntiú. Amárach, Dé Luain 28 Feabhra, tionólfar an chéad chruinniú teicniúil.
Dhírigh na hairí ar na cúig ghné seo a leanas:
Tacaíocht dhaonnúil
An 15 Feabhra, d’iarr an Úcráin cúnamh faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta. Baineann an tacaíocht a chuirfear ar fáil faoin gcreat sin go príomha le cúram sláinte agus soláthairtí leighis, chomh maith le hacmhainneachtaí cóiríochta. Gheall na hairí cúnamh breise agus bhailíochtaigh siad coincheap na tacaíochta lóistíochta chun gur fusa a bheadh sé na soláthairtí sin a thabhairt isteach san Úcráin.
Chomhaontaigh na hairí freisin nach mór gach cúnamh a bheadh de dhíth ar an Moldóiv a chur ar fáil di.
Dídeanaithe a ghlacadh
De bharr an chogaidh san Úcráin, tá daoine ag teacht chun an Aontais Eorpaigh ag lorg dídine. Foráladh maidir le hacmhainneachtaí glactha i roinnt Ballstát, go háirithe iad siúd atá ar theorainn na hÚcráine. Chuir na hairí in iúl go bhfuil siad toilteanach tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit sin faoi chomhordú an Aontais, arna hiarraidh sin dóibh. Déileálfar le hiarratais shonracha faoi chuimsiú IPCR.
Phléigh na hairí freisin an fhéidearthacht sásra cosanta iomchuí sealadach a bhunú chun na náisiúnaigh sin a ghlacadh. Mhol an Coimisiún an sásra a ghníomhachtú dá bhforáiltear le Treoir 2001 maidir le cosaint shealadach. Léiríodh tacaíocht fhorleathan don bheart sin, a chuirfear faoi bhráid na Comhairle CGB gan mhoill.
Bainistiú na dteorainneacha seachtracha
Leis an gcinneadh IPCR a ghníomhachtú, cuirfear ardán dlúthpháirtíochta ar fáil chun na teorainneacha seachtracha a bhainistiú, trí na hionstraimí agus na modhanna go léir atá ar fáil a imscaradh chun leas na mBallstát túslíne.
I gcás ina méadófaí a thuilleadh líon na ndaoine isteach, d’fhéadfaí tacaíocht a thairiscint do thíortha comharsanachta agus a gcúraimí á ndéanamh acu maidir le seiceálacha agus cláruithe ag na teorainneacha. Sa chás sin, d’fhéadfaí ionstraimí Eorpacha a shlógadh chun rannchuidiú leis sin, lena n-áirítear tacaíocht ó Frontex agus Europol. Ba dhíol sásaimh don Uachtaránacht an togra ón gCoimisiún maidir le moltaí a chur chun tosaigh i dtaca le seiceálacha slándála.
Bearta maidir le víosaí
An 25 Feabhra, ghlac an Chomhairle cinneadh an comhaontú maidir le heisiúint víosaí a éascú atá ag an Aontas leis an Rúis a chur ar fionraí go páirteach. As seo amach, ní bheidh taidhleoirí, oifigigh ná lucht gnó eile de chuid na Rúise in ann leas a bhaint as na forálacha éascaithe víosaí lena gceadaítear rochtain phribhléideach ar an Aontas.
Chomhaontaigh na hairí a mbearta náisiúnta agus, go ginearálta, a mbeartas víosaí i leith na Rúise, a chomhordú.
Ina theannta sin, d’iarr an Uachtaránacht ar na Ballstáit gan pasanna arna n-eisiúint ag údaráis na Rúise sna críocha faoi fhorghabháil san Úcráin a aithint. Mhol sé freisin go nglacfaí cur chuige comhordaithe chun deireadh a chur leis an gcleachtas ‘pasanna órga’, ar féidir le ceannairí áirithe Rúiseacha a fháil.
Réamhaíocht ar bhagairtí hibrideacha
Chonacthas le déanaí go bhfuil gníomhaithe atá naimhdeach don Aontas réidh le modhanna nua teannais a úsáid. I gcomhthéacs na staide san Úcráin, d’athbhreithnigh na Ballstáit agus an Coimisiún Eorpach na bearta ullmhachta a glacadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon. D’aontaigh siad nach mór dlús a chur leis an malartú faisnéise agus leis an gcomhordú chun freagairt go mear agus go héifeachtach d’aon iarracht ar dhíchobhsú.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.