Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 08/06/2015, 8 Meitheamh 2015

Na príomhthorthaí

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir leis an staid mar atá agus forbairtí amach anseo i ndáil le cur chun feidhme na Straitéise um Shlándáil Fuinnimh, lena ndíreofar ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh.  

Is é is aidhm don Straitéis um Shlándáil Fuinnimh athléimneacht an Aontais a fhorbairt maidir le suaitheadh agus nithe a chuireann isteach ar na soláthairtí fuinnimh, agus san fhadtéarma a laghdaíonn a spleáchas ar bhreoslaí áirithe, ar sholáthraithe fuinnimh agus ar bhealaí.

Tháinig na hAirí ar chomhaontú go bhfuil bealaí agus foinsí éagsúla soláthair, an comhar réigiúnach, dearadh agus forbairt bonneagair an mhargaidh fuinnimh ina ngnéithe ríthábhachtacha do bheartas fuinnimh an Aontais agus gurb iad na céimeanna is gá chun margadh inmheánach fuinnimh an Aontais a chomhtháthú.

Is céim thábhachtach é comhar réigiúnach chun slándáil fuinnimh atá neartaithe a bhaint amach san Aontas agus ar cheart a chur san áireamh go cuí, dá bhrí sin, nuair atá bearta breise á bhforbairt sa réimse seo. Tá slándáil feabhsaithe fuinnimh ar cheann de na príomhthosaíochtaí san Aontas agus a chuid Ballstát, agus tá tionchar dearfach freisin ag an méid sin chun cabhrú le fás eacnamaíoch a spreagadh agus chun poist a chruthú san Aontas. Dana Reizniece-Ozola, Aire Eacnamaíochta na Laitvia

"Is céim thábhachtach é comhar réigiúnach chun slándáil fuinnimh atá neartaithe a bhaint amach san Aontas agus ar cheart a chur san áireamh go cuí, dá bhrí sin, nuair atá bearta breise á bhforbairt sa réimse seo.  

Tá slándáil feabhsaithe fuinnimh ar cheann de na príomhthosaíochtaí san Aontas agus a chuid Ballstát, agus tá tionchar dearfach freisin ag an méid sin ar an bhfás eacnamaíoch a spreagadh agus chun poist a chruthú san Aontas", a dúirt Aire Eacnamaíochta na Laitvia Dana REIZNIECE-OZOLA.

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le cur chun feidhme Straitéis an Aontais Fuinnimh, lena ndíreofar ar conas fuinneamh inacmhainne inbhuanaithe atá slán a chur ar fáil do thomhaltóirí — idir theaghlaigh agus lucht gnó — agus chun an infheistíocht is gá sa réimse seo a spreagadh.

Chuir an Coimisiún na hAirí ar an eolas maidir leis na forbairtí is déanaí faoin gcaidreamh idirnáisiúnta fuinnimh, go háirithe an t-idirphlé tríthaobhach idir an Úcráin-an Rúis agus an tAontas agus an Comhphobal Fuinnimh.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 1 Iúil 2025