An t-aontas fuinnimh
Cuidíonn an t-aontas fuinnimh leis an Aontas a spleáchas ar allmhairí fuinnimh a laghdú. Cinntíonn sé freisin go mbeidh roghanna sa bhreis agus praghsanna níos ísle ag tomhaltóirí an Aontais agus oibríonn sé chun an t-athrú aeráide a chomhrac.
Cuireann fuinneamh an saol ag gluaiseacht. Braitheann geilleagar an Aontais agus folláine mhuintir na hEorpa ar sholáthar fuinnimh cobhsaí agus inacmhainne. Tháinig na Ballstáit ar chomhaontú maidir le rialacha agus spriocanna coiteanna chun soláthar fuinnimh ghlain a chinntiú, faoi straitéis an aontais fuinnimh.
Pleananna náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid (Grafaic faisnéise)
Míniú ar an aontas fuinnimh: rialacha agus spriocanna
Le straitéis an aontas fuinnimh, dírítear ar fhuinneamh inacmhainne, slán agus inbhuanaithe a chinntiú don Eoraip agus dá saoránaigh. Arna cur i láthair ag an gCoimisiún Eorpach in 2015, mar fhreagra ar iarraidh ó cheannairí stáit agus rialtais an Aontais, is ar chúig cholún atá an straitéis bunaithe:
- slándáil fuinnimh
- margadh inmheánach comhtháite fuinnimh
- éifeachtúlacht fuinnimh
- an geilleagair a dhícharbónú
- taighde agus nuálaíocht
In 2016, thíolaic an Coimisiún pacáiste tograí reachtacha ar a dtugtar 'Fuinneamh glan do gach Eorpach' chun an straitéis a bhaint amach. Pléadh na tograí ón gCoimisiún laistigh den Chomhairle, agus i bParlaimint na hEorpa, agus cuireadh tús leis an gcaibidlíocht in 2017. Faoi mhí na Bealtaine 2019, glacadh gach píosa reachtaíochta a bhí sa phacáiste, rud a thug an t-aontas fuinnimh chun críche.
Ba iad clocha míle tábhachtacha an phróisis sin:
- Bealtaine 2019: rialachán agus treoir maidir le leictreachas, rialachán maidir le hullmhacht riosca agus leasú ó bhonn ar an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh
- Nollaig 2018: treoir athbhreithnithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, treoir athbhreithnithe maidir le fuinneamh inathnuaite, agus maidir le rialáil rialachais
- Bealtaine 2018: treoir athbhreithnithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh
Mar chuid den phacáiste, rinne an tAontas athbhreithniú freisin ar spriocanna fuinnimh an Aontais do 2030 mar a leanas:
- éifeachtúlacht fuinnimh 32.5 % sa bhreis ar a laghad trí ídiú fuinnimh a laghdú
- sciar 32 % ar a laghad d'fhoinsí inathnuaite fuinnimh
Athbhreithníodh na spriocanna sin ina dhiaidh sin mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’.
Pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide
Ar bhonn an rialacháin rialachais a tháinig i bhfeidhm i mí na Nollag 2018, tá sé de cheangal ar Bhallstáit an Aontais tuarascáil a thabhairt ar an méid a chuireann siad leis an aontas fuinnimh. Déantar sin trí phleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFAnna), lena gcumhdaítear tréimhse 10 mbliana, agus atá le nuashonrú ar bhonn rialta. Cumhdaítear an tréimhse 2021-2030 leis na chéad PNFAnna.
Cén fáth a bhfuil tábhacht leis an aontas fuinnimh?
Freagraíonn an t-aontas fuinnimh ar na príomhdhúshláin atá os comhair an Aontais i réimse an fhuinnimh. Is iad sin:
- an t-athrú aeráide: tá an tAontas tiomanta a bheith aeráidneodrach faoi 2050, agus tá laghdú na n-astaíochtaí fuinnimh ar cheann de na príomhghníomhaíochtaí
- spleáchas fuinnimh: agus é ar an allmhaireoir fuinnimh is mó ar domhan, ní mór don Aontas a spleáchas ar mhargaí seachtracha a laghdú
- bonneagar atá ag dul in aois: caithfidh an tAontas a mhargaí fuinnimh a chomhtháthú go hiomlán, a bhonneagar fuinnimh a nuachóiriú, agus comhordú ar phraghsanna náisiúnta fuinnimh a chinntiú
A bhuí le haontas fuinnimh a chruthú atá go hiomlán feidhmiúil, neartófar geilleagar an Aontais, a shlándáil fuinnimh, agus a thiomantas don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus tugtar roghanna níos fearr agus praghsanna níos ísle do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí an Aontais ag an am céanna.
Ar thús cadhnaíochta i dtaca leis an athrú aeráide
Tá an tAontas tiomanta a bheith ar thús cadhnaíochta sa chomhrac domhanda i gcoinne an athraithe aeráide. Tá ceannairí an Aontais ag iarraidh an sprioc uaillmhianach maidir leis an Eoraip a bheith aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Agus iad ag comhoibriú le chéile sna blianta amach romhainn, is mian le Ballstáit an Aontais a chinntiú go laghdófar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa an oiread agus is féidir, agus go ndéanfar bearta chun cúiteamh a dhéanamh ar aon astaíochtaí atá fós ann.