- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 05/03/2015, 5 Márta 2015
Na príomhthorthaí
Is den phráinn é go mbainfí amach margadh inmheánach fuinnimh don Eoraip a bheadh lánfheidhmiúil agus lán-idirnasctha má táimid chun soláthar leanúnach fuinnimh a dhaingniú ar fud na hEorpa.” Dana Reizniece-Ozola, Aire Eacnamaíochta na Laitvia
An tAontas Fuinnimh
Bhí plé ginearálta ag an gComhairle maidir leis an Aontas Fuinnimh, inar díríodh go háirithe ar an tslándáil fuinnimh, ar thabhairt i gcrích an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, ar an éifeachtúlacht fuinnimh ar dhécharbónú an gheilleagair agus ar an iomaíochas.
Cuirfear príomhghnéithe na díospóireachta sin ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí mar ionchur don Chomhairle Eorpach i mí an Mhárta.
Ba é seo a dúirt Aire Eacnamaíochta na Laitvia, Dana Reizniece-Ozola:
“Caithfimid dlús fadréimseach a chur faoinár gcuid beartas más fúinn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann ó thaobh na slándála fuinnimh, an iomaíochais agus ó thaobh geilleagar ísealcharbóin a bhaint amach. Caithfear ábhair imní shaoránaigh an Aontais faoin tslándáil fuinnimh in am seo na géarchéime geopholaitiúla, faoin bhfostaíocht, faoin tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus faoina gcuid billí fuinnimh a chur i gcroílár an bheartais athnuaite seo”.
Bonneagar fuinnimh
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle freisin i ndáil le forbairtí agus tosaíochtaí don bhonneagar fuinnimh, mar mheán chun margadh Eorpach fuinnimh a bheadh lánfheidhmiúil, lán-idirnasctha a bhaint amach.
Bhí aird ar leith ag na hAirí ar an gcomhar réigiúnach, ar mhaoiniú an bhonneagair fuinnimh agus ar bhearta chun deireadh a chur le leithlisiú fuinnimh le go mbeifear in ann an sprioc i ndáil le 10% de na hidirnaisc leictreachais reatha a bhaint amach faoi 2020.
Cuirfear toradh an phlé sin san áireamh, agus é mar ionchur ón gComhairle Fuinnimh, i dtuarascáil sintéise Uachtaránacht na Comhairle faoin straitéis Eoraip 2020.
Ba é seo a dúirt Aire Eacnamaíochta na Laitvia, Dana Reizniece-Ozola: “Is den phráinn é go mbainfí amach margadh inmheánach fuinnimh don Eoraip a bheadh lánfheidhmiúil agus lán-idirnasctha má táimid chun soláthar leanúnach fuinnimh a dhaingniú ar fud na hEorpa. Lena thuilleadh comhair réigiúnaigh, d'fhéadfaí cabhrú go mór le deireadh a chur le leithlisiú agus le sprioc an 10% den idirnascadh leictreachais a bhaint amach faoi 2020”.
Gan gá le plé, ghlac an Chomhairle Rialachán maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Indicative programme, Transport, Telecommunications and Energy Council, 5 March 2015
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, an 5 Márta, 2015
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí reachtacha, an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (ITF), an 5 Márta 2015
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, an 5 Márta 2015
- Coimre chúlra
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025