Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 09/12/2014, 9 Nollaig 2014

Pléann an Chomhairle gníomhaíocht a leanann as an gcreat aeráide agus fuinnimh 2030

Agus iad ag teacht le chéile an 9 Nollaig, phléigh airí fuinnimh an Aontais an obair atá ag teacht as an gcreat aeráide agus fuinnimh 2030 tar éis chruinniú na Comhairle Eorpaí i mí Dheireadh Fómhair. Ghlac siad freisin Conclúidí maidir le margadh inmheánach fuinnimh an Aontais a chur i gcrích.

Creat 2030

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le creat aeráide agus fuinnimh 2030, mar thoradh ar chruinniú na Comhairle Eorpaigh i mí Dheireadh Fómhair 2014. Sa díospóireacht, díríodh ar an bpróiseas nua rialachais. Tacóidh an próiseas sin le cur chun feidhme an chreata agus cuideoidh sé le háirithiú go mbainfidh an tAontas Eorpach a spriocanna amach sa bheartas fuinnimh.

Ar an mórgóir, measann na h-airí go gcuirfidh an próiseas nua le comhsheasmhacht bheartais aeráide agus fuinnimh an Aontais. Mar sin féin, braitheann siad gur cheart é a choinneáil chomh solúbtha agus is féidir.

Phléigh an Chomhairle freisin táscairí fuinnimh chun faireachán a dhéanamh ar bheartais aeráide agus fuinnimh. Ba léir ón díospóireacht go mbeidh gá le tuilleadh oibre chun cur chuige coiteann a fhorbairt maidir leis sin.

Tá Uachtaránacht nua Laitviach na Comhairle á hullmhú chun tuilleadh plé a dhéanamh ar chreat 2030. 

An margadh inmheánach fuinnimh

Ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir le margadh inmheánach fuinnimh an Aontais a chur i gcrích. Sna Conclúidí, sainaithnítear gníomhaíochtaí tosaíochta a chabhródh chun an margadh inmheánach fuinnimh a chur i gcrích. Dírítear iontu ach go háirithe ar an méid a leanas:

  • glacadh agus cur chun feidhme na gcód líonra
  • cur chun feidhme na dtionscadal leasa choitinn
  • comhar ar leibhéal an Aontais idir lucht riaracháin náisiúnta, údaráis rialála náisiúnta agus oibreoirí gréasán
  • comhtháthú na margaí réigiúnacha, idirnaisc agus comhar trasteorann
  • feasacht agus rannpháirtíocht na dtomhaltóirí a mhéadú

Ábhair eile ar an gclár oibre

Phléigh na hairí na gnéithe fuinnimh den athbhreithniú meántéarmach ar an straitéis 'Eoraip 2020', lena n-áirítear tosaíochtaí nua a d'fhéadfadh a bheith ann.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan díospóireacht, a seasamh ar an gcéad léamh ar an dréacht-Threoir i dtaca le hathrú indíreach maidir le talamhúsáid (ILUC). Is é is aidhm don Treoir, lena leasaítear an Treoir maidir le cáilíocht na mbreoslaí agus Treoir na mbreoslaí in-athnuaite, tús a chur le haistriú go bithbhreoslaí lena laghdófar an gás ceaptha teasa ar bhealach suntasach.

Chuir an Chomhairle agus an Coimisiún na hairí ar an eolas freisin faoi na forbairtí is déanaí i réimse an chaidrimh sheachtraigh i ndáil le fuinneamh.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025