Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 26/05/2016, 26 Bealtaine 2016

Príomhphointí - Teileachumarsáid

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir le togra ina mbeartaítear an banda minicíochta 700 MHza shannadh don leathanbhanda gan sreang. Meastar go rachfar i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa sa bhfómhar. Is é is cuspóir don dréachtchinneadh an bhearna dhigiteach a líonadh agus úsáid éifeachtach seirbhísí nuálacha a cheadú. Agus ag an am céanna déanfar leanúnachas na ngnáthsheirbhísí teilifíse a chosaint leis an dréachthinneadh sin.

Rinneamar dul chun cinn inniu i dtaca le nascacht a fheabhsú san Aontas Eorpach. In éagmais aon nascachta ní bheidh aon mhargadh aonair digiteach ann inar féidir le tomhaltóirí agus cuideachtaí idirghníomhú le chéile. D’aontaíomar maidir le leathnú a dhéanamh ar an speictream atá ar fáil don leathanbhanda móibíleach. Thugamar treoir freisin maidir le nuachóiriú na rialacha teileachumarsáide. Trí bhíthin na rialacha sin caithfear na dreasachtaí cearta a chur ar fáil chun infheistíocht i líonraí agus iomaíocht le haghaidh seirbhísí a sholáthraítear ar na líonraí sin a spreagadh”. Is mar sin a labhair Henk Kamp, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha na hÍsiltíre agus cathaoirleach an chruinnithe

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle freisin maidir le saincheisteanna lárnacha i ndáil leis an athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar rialacha teileachumarsáide an Aontais. Is é an aidhm a bhí leis an díospóireacht ionchur a sholáthar le haghaidh tograí reachtacha a ullmhóidh an Coimisiún in 2016 faoin straitéis maidir leis an margadh aonair digiteach.

D’aontaigh na hairí le linn na díospóireachta gur cheart go ndéanfaí athbhreithniú ar na rialacha reatha maidir le rochtain oibreoirí ar líonraí d’fhonn an infheistíocht a mhéadú agus an iomaíocht a chosaint ar fud an Aontais agus chun rialacha a bheidh oiriúnach don uile shórt limistéir san Aontas a bhunú. Chuir siad i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na Ballstáit in ann speictrim a chur in oiriúint do dhálaí náisiúnta agus é á aithint acu gur gá leanúint den chomhar agus na cleachtais is fearr a chomhroinnt. I ndáil leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann seirbhísí cumarsáide de mhuin an idirlína rialáil, d’iarr na hairí go mbeadh cur chuige cás-ar-chás ann agus measadh dóibh gur le reachtaíocht chothrománach ab fhearr a d’fhéadfaí cosaint tomhaltóirí a fhriotháil.

Rinne an uachtaránacht tuairisciú maidir leis an margadh ar na chéadrialacha uile-Aontais faoi inrochtaineacht na suíomh gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleacha fhormhuiniú. Rinne na mBallstát an comhaontú neamhfhoirmiúil a dhaingniú ar an 25 Bealtaine. Chuir an na hairí ar an eolas freisin maidir leis an dréacht-treoir faoin tslándáil líonra agus faisnéisear ghlac an Chomhairle a seasamh ina leith ar an gcéad léamh ar an 17 Bealtaine. A luaithe a dhearbhóidh Parlaimint na hEorpa iad, tharlódh go dtiocfadh an dá shraith rialacha i bhfeidhm (inrochtaineacht agus slándáil) sa dara leath den bhliain.

Ina theannta sin, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin obair i dtaobh na bhforbairtí is déanaí maidir le rialachas idirlín agus chuir sé in iúl an rún daingean atá aige leanúint d’ionadaíocht a dhéanamh ar leas an Aontais agus a chuid Ballstát.

Faoi dheoidh, chuir uachtaránacht nua na Slóvaice a clár oibre teileachumarsáide i láthair.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025