- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 10-11/12/2015, 10-11 Nollaig 2015
Na príomhthorthaí
Teileachumarsáid, an 11 Nollaig
Tá nascacht ríthábhachtach do ghnólachtaí, ach do shaoránaigh freisin ina saol laethúil. Ní mór don Eoraip na gréasáin is fearr a bheith aici agus a ról a imirt chun na seirbhísí is nuálaí a fhorbairt." Xavier Bettel,Príomh-Aire Lucsamburg agus an tAire Cumarsáide agus do na Meáin.
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le saincheisteanna lárnacha i ndáil leis an athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar rialacha teileachumarsáide an Aontais. Phléigh na hAirí na bealaí is fearr chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh an creat rialála a bheidh ann amach anseo, fabhrach don infheistíocht, don iomaíochas agus don nuálaíocht. Tá líonraí ardluais cumarsáide agus rochtain ardluais ar an idirlíon thar a bheith tábhachtach do gheilleagar na hEorpa agus do shaoránaigh, lena n-áirítear i limistéir tuaithe. Ba cheart go n-áiritheofaí cothrom na Féinne, leis na rialacha a bheidh ann amach anseo, do sholáthraithe seirbhíse mar aon le leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí. Le linn na díospóireachta, bhí deis ag na hAirí a dtuairimí a chur in iúl sula nglacann an Coimisiún a chuid tograí, a bhfuiltear ag súil leo in 2016 mar chuid den straitéis don mhargadh aonair digiteach.
Chuir an Uachtaránacht na hAirí ar an eolas faoin gcomhaontú neamhfhoirmiúil ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa i dtaca leis an dréacht-treoir maidir le slándáil na gcóras líonra agus faisnéise ar an 7 Nollaig 2015. Tá sé mar rún aici an téacs comhaontaithe a thíolacadh le go mbeidh na Ballstáit in ann é a fhormheas ag Coiste na mBuanionadaithe ar an 18 Nollaig.
Fairis sin, thíolaic an Uachtaránacht tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis na rialacha atá beartaithe ionas gur fearr an rochtain a bheidh ar shuímh ghréasáin na hearnála poiblí. Tá sé i gceist aici sainordú caibidlíochta a iarraidh ar an 18 Nollaig. Chuirfeadh sé sin ar chumas na huachtaránachta nua tús a chur le cainteanna le Parlaimint na hEorpa go luath in 2016.
Iompar, an 10 Nollaig
Táimid chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin Eorpacha nach mór réiteach Eorpach a fháil orthu. An aidhm chomhroinnte atá againn, poist agus coinníollacha ar ardchaighdeán a áirithiú sa réimse tábhachtach seo den mhargadh inmheánach" François BAUSCH, Aire Forbartha Inbhuanaithe agus Bonneagair Lucsamburg,
Bhí díospóireacht bheartais ag na hAirí maidir le gnéithe sóisialta a bhaineann le hiompar de bhóthar. D’aontaigh siad gur gá dul i ngleic leis na difríochtaí atá ann i gcónaí sna léirmhínithe náisiúnta lena bhféadfaí an margadh aonair a ilroinnt. Chuir siad béim freisin ar an ngá atá le cur chun feidhme ceart agus forfheidhmiú leordhóthanach (amhail tuilleadh seiceálacha ar bhóithre) sula bhféadfaí dul chun cinn breise a dhéanamh maidir le léirscaoileadh an mhargaidh. Leag na hAirí béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le comhar níos dlúithe chun dul i ngleic leis an gcalaois. D'iarr roinnt mhaith Ballstát ar an gCoimisiún ról lárnach a bheith aige maidir leis an gcomhar sin a chur ar bun.
Is é an aidhm a bhí leis an díospóireacht sin an deis a thabhairt do na Ballstáit a gcuid tuairimí a leagan amach agus ionchur a sholáthar don Choimisiún agus a dtionscnaimh nua á n-ullmhú aige do 2016.
Faoi “aon ghnó eile”, thíolaic an Coimisiún a straitéis nua eitlíochta.
Le linn an lóin oibre a bhí acu, thug na hAirí aghaidh ar shaincheist na sábháilteachta ar bhóithre. Phléigh siad an gá atá le cosaint níos fearr a áirithiú do choisithe agus do rothaithe, agus iarracht bhreise a dhéanamh chun líon na ndaoine a gortaíodh go dona i dtionóiscí bóthair a laghdú.
Ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh, gan é a phlé, maidir le treoracha i ndáil le sábháilteacht iarnróid agus idir-inoibritheacht, agus rialachán maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid (ERA). Is éard atá sna trí ghníomh reachtacha seo colún teicniúil an cheathrú pacáiste iarnróid.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- An toradh a bhí ar chruinniú na Comhairle
- Clár oibre táscach, an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 10-11 Nollaig 2015
- Provisional agenda, Transport, Telecommunications and Energy Council, 10-11 December 2015
- List of A items, legislative deliberations, Transport, Telecommunications and Energy Council, 10-11 December 2015
- List of A items, non-legislative activities, Transport, Telecommunications and Energy Council, 10-11 December 2015
- Background brief (Transport)
- Background brief (Telecommunications)
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025