Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Físchomhdháil na n-airí fuinnimh, 14 Nollaig 2020

Na príomhthorthaí

Thionóil airí fuinnimh an Aontais comhdháil neamhfhoirmiúil chun comhtháthú córais fuinnimh san Aontas a phlé. Ina theannta sin, fuair siad nuashonrú ón gCoimisiún ar an gcaidreamh seachtrach fuinnimh agus ar roinnt nithe eile.

Comhtháthú córais fuinnimh

Ionas go mbeidh an Eoraip aeráidneodrach faoi 2050, ní mór di a córas fuinnimh a athrú ó bhonn go córas fuinnimh comhtháite ina mbeidh sciar ard fuinnimh inathnuaite agus feabhsuithe suntasacha ar an éifeachtúlacht fuinnimh. Le linn na físchomhdhála, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le tosaíochtaí na mBallstát i bhfianaise an athbhreithnithe a dhéanfar go luath ar reachtaíocht fuinnimh na hEorpa.

Phléigh na hairí na bearta beartais a mheasann siad a bheith ina dtosaíochtaí agus na dúshláin atá á dtuar acu agus creat rialála an Aontais á nuashonrú acu chun comhtháthú an chórais fuinnimh a éascú. Bhí malartú tuairimí ag na hairí freisin maidir leis an ailíniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar spriocanna fuinnimh an Aontais do 2030 le huaillmhian aeráide níos airde do 2030.

Nithe eile

Chuir an Coimisiún eolas i láthair maidir leis na forbairtí is déanaí i réimse an chaidrimh fuinnimh sheachtraigh.

Chuir toscaireacht na Liotuáine na hairí ar an eolas maidir le coimisiúnú stáisiún núicléach Ostravets sa Bhealarúis agus maidir lena chomhleanúnachas le cur chun feidhme na moltaí maidir le sábháilteacht núicléach.

Chuir Uachtaránacht inteachta na Portaingéile a clár oibre don chéad leath de 2021 i láthair.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025