Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Físchomhdháil na n-airí iompair, 8 Nollaig 2020

Na príomhthorthaí

Muirearú bóthair (Eoraifínéad)

Chuir na hairí tús lena bhfíschomhdháil neamhfhoirmiúil le díospóireacht bheartais i ndáil le togra chun rialacha an Aontais maidir le muirearú bóthair a athbhreithniú (an Treoir Eoraifínéid). Is é is aidhm don togra aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna tábhachtacha amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa agus tionchar eile ar an gcomhshaol, brú tráchta agus maoiniú do bhonneagar bóithre.

Sa nóta cúlra uaithi, d'iarr an Uachtaránacht ar na hairí a dtuairimí a chomhroinnt maidir le dhá shaincheist:

  • rogha a d'fhéadfadh a bheith ag na Ballstáit díolúine ón oibleagáid dolaí nó muirir ar úsáideoir a íoc faoi choinníollacha sonracha a thabhairt d'fheithiclí dar uasmhais ualaithe idir 3.5 tonna agus 7.5 tonna;
  • maidir leis an bhféidearthacht atá ann do na Ballstáit marcáil suas ar leith a chur i bhfeidhm ar an muirear bonneagair a thoibhítear ar chodanna sonracha de bhóithre i limistéir a bhfuil brú tráchta mór orthu, ba cheart go mbeadh gá le comhaontú ó na Ballstáit uile dá ndéantar difear (na Ballstáit sin atá mar chuid den chonair sin agus atá taobh leis an gcuid sin den chonair a bhfuil marcáil suas uirthi á cur i bhfeidhm).

Ag deireadh na díospóireachta, tháinig an Uachtaránacht ar an gconclúid gur léiríodh leis an bplé go raibh an Uachtaránacht ar an mbóthar ceart maidir leis an dá shaincheist sin, agus go leanfadh sí ar aghaidh dá réir sin, d'fhonn dréacht-sainordú caibidlíochta a ullmhú don chruinniú a bheidh ag Coiste Buanionadaithe na Comhairle an 18 Nollaig.

Andreas Scheuer, Aire Cónaidhme Iompair agus Bonneagair Dhigitigh na Gearmáine, cathaoirleach an chruinnithe
Beidh ról lárnach ag rialacha nuashonraithe maidir le muirearú bóthair in iarrachtaí an Aontais chun iompar a dhéanamh níos glaise agus níos inbhuanaithe, agus chun na spriocanna maidir le laghdú ar CO₂ a bhaint amach do 2030 in iompar de bhóthar. Is ardtosaíocht d'uachtaránacht na Gearmáine é bogadh ar aghaidh maidir leis an gcomhad seo, agus táim muiníneach go mbeimid in ann teacht ar chomhaontú maidir le seasamh na Comhairle faoi dheireadh ár dtéarma.
Andreas Scheuer, Aire Cónaidhme Iompair agus Bonneagair Dhigitigh na Gearmáine, cathaoirleach an chruinnithe
Andreas Scheuer, Aire Cónaidhme Iompair agus Bonneagair Dhigitigh na Gearmáine, cathaoirleach an chruinnithe

Aerspás Eorpach Aonair

Bhí díospóireacht neamhfhoirmiúil bheartais ag na hairí maidir leis na tograí ón gCoimisiún maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair , a tíolacadh i mí Mheán Fómhair 2020. Is é cuspóir na dtograí feabhas a chur ar bhainistíocht aerspáis na hEorpa agus ar chóras seirbhísí aerloingseoireachta chun acmhainn a mhéadú, cost-éifeachtúlacht a fheabhsú agus feabhas a chur ar chumas an chórais dul in oiriúint d'éagsúlachtaí tráchta, agus ag an am céanna iarracht a dhéanamh lorg CO₂ na heitlíochta a laghdú. D'ullmhaigh an Uachtaránacht plépháipéar ina raibh ceisteanna do na hairí chun an díospóireacht a stiúradh.

Le linn an phlé, chuir na Ballstáit in iúl go dtacaíonn siad le cuspóirí foriomlána an Aerspáis Eorpaigh Aonair, go háirithe maidir leis an gclár oibre digiteach agus spriocanna an mhargaidh ghlais, agus ba dhíol sásaimh dóibh ar an mórgóir an aidhm atá ann an creat dlíthiúil atá ann cheana a shimpliú agus a fheabhsú. Tá an baol ann, áfach, dar le roinnt mhaith airí, go mbeadh ualach breise riaracháin agus costais bhreise i gceist le cuid de na forálacha atá beartaithe.

Mheas roinnt Ballstát nach ndéanann na tograí ceannasacht agus freagracht na mBallstát ar a n-aerspás a urramú go hiomlán agus a ráthú go leordhóthanach i gcomhréir le Coinbhinsiún Chicago agus cineál ceannasach na seirbhísí aerthráchta. Chuir siad i dtábhacht a riachtanaí atá sé prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta a léiriú go hiomlán sna rialacha, mar aon leis na gnéithe míleata, slándála agus cosanta.

Cé gur chuir na Ballstáit in iúl go dtacaíonn siad go láidir le peirspictíocht líonra agus ról Eurocontrol a neartú, chuir roinnt airí in iúl go bhfuil gá le soiléiriú breise maidir le feidhmeanna agus cúraimí bhainisteoir an líonra.

Ba cheart sainiúlachtaí uile na mBallstát éagsúil a chur san áireamh san athchóiriú freisin. I ndáil leis an méid sin, chuir roinnt mhaith airí in iúl go raibh imní orthu maidir le hoiriúnacht na spriocanna uile-Aontais do sheirbhísí críochfoirt agus faoin ról teoranta atá ag na Ballstáit maidir le feidhmíocht a phleanáil agus rátaí aonaid a shocrú.

Ní mór do na Ballstáit na buntáistí a bhaineann leis an togra a shoiléiriú chun rialtóir Eorpach neamhspleách, an Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta (PRB), a bhunú laistigh den Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (EASA).

D'aithin na hairí na héifeachtúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an digiteáil agus cur chuige margaidh ar sholáthar na seirbhísí sonraí tacaíochta. Mar sin féin, ba cheart an deis atá ag na stáit bainistiú aerthráchta comhtháite a choinneáil don eitlíocht shibhialta agus mhíleata a bheith ann i gcónaí.

Chuir roinnt airí in iúl gur cheart riachtanais na ngeallsealbhóirí uile a chur san áireamh leis na rialacha nua agus gur cheart díriú ar na cuspóirí a shaothrú gan ualach riaracháin agus costais nach bhfuil gá leo a chruthú. I ndáil leis an méid sin, ba chúis áiféala do roinnt airí nach meastar tionchar mór COVID-19 ar an tionscal sa togra agus go dtugtar isteach leis athruithe struchtúracha a bhféadfadh tuilleadh ilroinnte agus castachta a chruthú tráth a bhfuil cobhsaíocht ag teastáil ón tionscal chun teacht ar ais.

Mheas na Ballstáit go gcaithfidh tionscal na heitlíochta a chuid astaíochtaí CO₂ a laghdú. Luaigh roinnt toscaireachtaí, áfach, go mbeadh gá le tuilleadh measúnaithe costais is tairbhe i gcás bearta áirithe, amhail modhnú éigeantach muirear ar an leibhéal Eorpach nó ráta aonaid comhchoiteann.

Beidh an díospóireacht bheartais ina treoir thábhachtach le haghaidh tuilleadh oibre ar na tograí reachtacha maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair.

Gnó eile

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi chur chuige soghluaisteachta nua lena gcomhlánófar an straitéis soghluaisteachta chliste inbhuanaithe atá le cur i láthair ag an gCoimisiún Eorpach an 9 Nollaig. Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin faoin staid mar atá i leith tograí reatha maidir le hiompar iarnróid agus an tionchar atá ag COVID-19 ar chearta aerphaisinéirí.

D’athdhearbhaigh toscaireacht Lucsamburg a héileamh ar infheistíocht chomhbheartaithe i síneadh an ghréasáin iarnróid Eorpaigh, agus chuir toscaireacht na Fionlainne na hairí ar an eolas faoi chruinniú ardleibhéil maidir le tiomáint nasctha uathoibrithe. Chuir toscaireacht na hOstaire i láthair dearbhú comhpháirteach a tíolacadh in éineacht leis an mBeilg, leis an Danmhairg, leis an bhFrainc, le Lucsamburg, leis an Ísiltír agus leis an bPortaingéil, ina n-iarrtar ar an gCoimisiún agus ar na geallsealbhóirí uile oibriú chun tionscal na heitlíochta a théarnamh ar bhealach a bheadh freagrach go sóisialta. Chuir toscaireacht na Polainne na hairí ar an eolas faoi ráiteas comhpháirteach ó Ghrúpa Visegrad maidir leis an athbhreithniú a dhéanfar go luath ar na gréasáin thras-Eorpacha iompair (TEN-T).

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin ngéarchéim i leith athraithe ar chriúnna in earnáil na loingseoireachta de dheasca phaindéim COVID-19. Ina theannta sin, thug sé an t-eolas is deireanaí faoin ardán malartaithe d’fhoirmeacha aimsithe aerphaisinéirí, rud a chabhraíonn leis na Ballstáit measúnuithe riosca a dhéanamh ar dhaoine ag teacht isteach agus a chumasaíonn rianú teagmhála i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus d’áitigh sé ar na Ballstáit páirt a ghlacadh sa treoirthionscadal atá á reáchtáil ag EASA.

Chuir Uachtaránacht inteachta na Portaingéile a clár oibre don chéad leath de 2021 i láthair.

Pléadh míreanna uile an chláir oibre den fhíschomhdháil seo i seisiún poiblí.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025