Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Físchomhdháil na n-airí teileachumarsáide, 7 Nollaig 2020

Na príomhthorthaí

An Gníomh um Rialachas Sonraí

Ag an bhfíschomhdháil neamhfhoirmiúil, bhí díospóireacht bheartais ag na hairí teileachumarsáide i ndáil leis an togra le haghaidh gníomh um rialachas sonraí a chuir an Coimisiún i láthair an 25 Samhain mar an chéad tionscnamh reachtach faoi straitéis sonraí Eorpach 2020. Is é is aidhm don mhórthogra seo infhaighteacht sonraí lena n-athúsáid thar earnálacha agus thar theorainneacha a chur chun cinn. Táthar ag súil go mbeidh ról lárnach aige maidir le cruthú spásanna comhchoiteanna idir-inoibritheacha sonraí ar fud an Aontais a chumasú agus a threorú in earnálacha straitéiseacha amhail fuinneamh, soghluaisteacht agus sláinte.

Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh na Gearmáine agus cathaoirleach an chruinnithe
Léirigh an plé go bhfuil sonraí níos tábhachtaí ná riamh don tsochaí agus don gheilleagar, chomh maith leis an ngá ríthábhachtach atá ann sonraí a chur ar fáil níos mó. Chuige sin, tá gá le struchtúir agus próisis atá slán agus iontaofa. Fónann an méid sin mar bhunús don rialachas sonraí.
Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh na Gearmáine agus cathaoirleach an chruinnithe
Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh na Gearmáine agus cathaoirleach an chruinnithe

Le linn an phlé, ba dhíol sásaimh i gcoitinne do na hairí gur cumasóir tábhachtach é an togra do gheilleagar sonraí Eorpach atá láidir agus do thuilleadh iomaíochais.

Tríd is tríd, mheas na hairí go raibh sé tábhachtach daoine aonair agus gnólachtaí a spreagadh chun sonraí a roinnt. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach muinín na saoránach agus na ngnólachtaí as an gcomhroinnt sonraí a neartú. Chun coinníollacha a chuireann an mhuinín chun cinn a chruthú, tá sé ríthábhachtach creat reachtach soiléir agus trédhearcach a bheith ann, lena ndéantar an príobháideachas agus an tslándáil a choimirciú.

Leag go leor airí béim ar an ngá atá le cur chuige duine-lárnaithe a bheith ann agus go mbeadh smacht ag na saoránaigh ar a gcuid sonraí.

Leag roinnt toscaireachtaí béim ar a thábhachtaí atá an idir-inoibritheacht chun sonraí a chomhroinnt agus chun éifeachtaí glasála a sheachaint.

Luaigh roinnt airí sreabha sonraí idirnáisiúnta agus an gá atá ann gealltanais trádála an Aontais i ndáil leis sin a urramú agus cothrom na Féinne a chinntiú. Tharraing cuid acu aird ar an gcomhar le comhpháirtithe trádála atá ar aon intinn leo sa réimse seo.

Leis an díospóireacht, cuirfear treoir ar fáil don phlé a bheidh ann amach anseo maidir leis an togra sa Mheitheal um Theileachumarsáid. Luaigh Aire na Portaingéile go mbeadh an gníomh um rialachas sonraí ina ardtosaíocht ag uachtaránacht inteachta na Portaingéile.

Gnó eile

Faoi aon ghnó eile, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi dhearbhú comhpháirteach ó na Ballstáit faoi thionscnamh Eorpach maidir le próiseálaithe agus teicneolaíochtaí leathsheoltóra. Is é is aidhm don dearbhú cumas na hEorpa a neartú chun an chéad ghlúin eile de shliseanna próiseálaí a fhorbairt chun na ceanglais maidir le próiseáil sonraí le haghaidh nascacht slán 5G agus 6G, sár-ríomhairí, intleacht shaorga agus go leor feidhmeanna eile a chomhlíonadh. Tráth a dúnadh an fhíschomhdháil, bhí an dearbhú sínithe ag 17 mBallstát.

Chuir an Uachtaránacht faisnéis ar fáil faoi roinnt tograí reachtacha reatha.

Tá gá le tuilleadh oibre ar an rialachán maidir le r-Phríobháideachas .

Maidir le maolú sealadach ar an treoir i ndáil le r-Phríobháideachas chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac, d’fhormheas Coiste na mBuanionadaithe sainordú caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa an 28 Deireadh Fómhair. Mhínigh an Uachtaránacht go raibh sí fós ag iarraidh an sainchomhad sin a thabhairt chun críche sna seachtainí amach romhainn.

Tá an chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir leis an gclár don Eoraip Dhigiteach agus le Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus líonra de lárionaid chomhordúcháin a chruthú ag an gcéim dheiridh. Glacfaidh ionadaithe rialtais na mBallstát an cinneadh maidir le suíomh an Lárionaid ar imeall an chruinnithe a bheidh ag Coiste na mBuanionadaithe an 9 Nollaig.

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin faoi na conclúidí ón gComhairle maidir le cibearshlándáil feistí ceangailte, a glacadh an 2 Nollaig.

Chuir toscaireacht na Polainne faisnéis ar fáil faoi shaincheist an chreata dhlíthiúil maidir le slándáil gréasán agus faisnéise.

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoina chlár oibre do 2021.

Chuir Uachtaránacht inteachta na Portaingéile a clár oibre don chéad leath de 2021 i láthair.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025