Skip to content

An choireacht chomhshaoil

Tá an choireacht chomhshaoil ar cheann de na gníomhaíochtaí eagraithe coiriúla is mó brabús ar domhan agus bíonn tionchar mór aici ní hamháin ar an gcomhshaol ach ar shláinte an duine freisin.

Cad í an choireacht chomhshaoil?

I measc na gcionta coireachta comhshaoil tá:

  • dramhaíl a bhailiú, a iompar, a aisghabháil nó a dhiúscairt go míchuí
  • astú nó sileadh neamhdhleathach substaintí san atmaisféar, san uisce nó san ithir
  • marú, scriosadh, sealbhú nó trádáil ainmnithe fiáine nó speiceas plandaí faoi chosaint
  • trádáil neamhdhleathach substaintí a ídíonn an t-ózón

Grafaic faisnéise ina mínítear an choireacht chomhshaoil agus na torthaí ar iarrachtaí an Aontais gcoinne na coireachta comhshaoil.
Comhrac an Aontais i gcoinne na coireachta comhshaoil (Grafaic faisnéise)

Comhrac an Aontais i gcoinne na coireachta comhshaoil (Grafaic faisnéise)

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas chun srian a chur leis an gcoireacht chomhshaoil?

Tá beart déanta ag an Aontas chun líonraí coiriúla a bhfuil baint acu le gach cineál coireachta comhshaoil a chomhrac, ina measc trí rialacha a thabhairt isteach maidir le bainistiú dramhaíola agus maidir le trádáil i bhfiadhúlra agus i bplandaí. Tá na rialacha atá ann cheana maidir le cosaint an chomhshaoil á neartú ag an Aontas freisin tríd an dlí coiriúil.

Tá sé beartaithe ag an Aontas níos mó a dhéanamh, go háirithe trí dhíriú ar na grúpaí coiriúla sin a bhfuil sé de chumas iontu rochtain gan chead a fháil ar struchtúir ghnó dhlíthiúla nó cuideachtaí dá gcuid féin a chur ar bun chun a gcoireanna a éascú.

An 16 Samhain 2023, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le dlí nua de chuid an Aontais.

An 26 Márta 2024, ghlac an Chomhairle an dlí athbhreithnithe seo ón Aontas le smachtbhannaí níos déine agus liosta leathnaithe cionta.

An t-athbhreithniú deireanach: an 26 Márta 2024