an Ríocht Aontaithe
Is comhpháirtithe straitéiseacha iad an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bhfuil luachanna coiteanna acu agus a fhéachann leis an gcomhar a neartú i réimsí leasa choitinn chun freastal ar riachtanais a saoránach.
Comhpháirtíocht straitéiseach
Is iar-bhallstát de chuid an aontais í an Ríocht Aontaithe a d’fhág an tAontas an 31 Eanáir 2020, tar éis di a bheith ina ball den Aontas ar feadh 47 mbliana.
Cé go bhfuil an caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe á rialú cheana féin le sraith comhaontuithe cuimsitheacha, 5 bliana tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, ag an gcéad chruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a tionóladh an 19 Bealtaine 2025, tháinig an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú maidir le comhpháirtíocht straitéiseach. Tá sé beartaithe anois go n-oibreoidh an dá cheann acu le chéile ar ábhair dhomhanda agus go ndéanfaidh siad comhar a dhoimhniú maidir le go leor saincheisteanna déthaobhacha, ar mhaithe leis na saoránaigh agus ar mhaithe leis an leas coiteann.
D’athdhearbhaigh an dá thaobh freisin go bhfuil an comhaontú um tharraingt siar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear Creat Windsor, agus an Comhaontú Trádála agus Comhairmar bhonn taca leis an gcomhpháirtíocht. Is iad na comhaontuithe sin an bhunchloch i gcónaí, agus áiritheoidh an dá thaobh go gcuirfear chun feidhme go hiomlán, go tráthúil agus go dílis iad.
Rinne an cruinniú mullaigh an caidreamh a chobhsú agus, ina dhiaidh sin, gheall an Coimisiún Eorpach agus an Ríocht Aontaithe go n-oibreoidís ar chomhaontuithe amach anseo, lena n-áirítear maidir le fuinneamh, rialacha agraibhia, an aeráid, teagmhálacha duine le duine, imirce agus forfheidhmiú an dlí.
An tslándáil agus an chosaint
Tá an fhreagracht chéanna ar an Ríocht Aontaithe agus ar an Aontas as slándáil na hEorpa, agus tá dlúthnasc idir a ndúshláin agus a leasanna slándála faoi seach.
Ag cruinniú mullaigh an 19 Bealtaine 2025, tháinig an dá thaobh ar chomhaontú maidir le comhpháirtíocht slándála agus cosanta arb é is aidhm di comhar a bhunú ar fud raon leathan réimsí mar shampla:
- saincheisteanna slándála réigiúnacha
- cothú na síochána agus bainistiú géarchéime, lena n-áirítear comhar agus rannpháirtíocht fhéideartha na Ríochta Aontaithe in oibríochtaí Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) an Aontais
- an tslándáil mhuirí
- tionscnaimh, beartais agus ionstraimí
- an tslándáil spáis
- cibircheisteanna
- bagairtí hibrideacha agus athléimneacht an bhonneagair chriticiúil
- ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis
- neamhleathadh, dí-armáil agus gnáth-arm
- fothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe
- oiliúint agus oideachas
- comhar i dtríú tíortha agus i bhfóraim iltaobhacha
I bhfianaise ghlacadh na hionstraime airgeadais SAFE (Gníomhaíocht Slándála don Eoraip), tá gealltanas tugtha ag an Ríocht Aontaithe agus ag an gCoimisiún Eorpach féachaint go pras ar na féidearthachtaí le haghaidh tuilleadh comhair.
I gcás na Ríochta Aontaithe agus na mBallstát sin de chuid an Aontais ar comhghuaillithe ECAT iad, gurb é ECAT bunchloch a gcosanta comhchoitinne i gcónaí.
Tosaíochtaí domhanda
Is comhpháirtithe atá ar aon intinn iad an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ag a bhfuil luachanna coiteanna, a thacaíonn leis an iltaobhachas agus le hord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus a chuireann chun cinn na cobhsaíochta agus an rathúnais ar fud an domhain.
Ag an gcruinniú mullaigh an 19 Bealtaine 2025, d’eisigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ráiteas comhpháirteach roinnt tosaíochtaí domhanda, lena n-áirítear:
- sos cogaidh iomlán neamhchoinníollach agus cainteanna fiúntacha ar mhaithe le fíorshíocháin arb é is aidhm dóibh deireadh a chur le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus síocháin chuimsitheach chóir mharthanach a athbhunú
- sos cogaidh buan láithreach in Gaza, na gialla uile a scaoileadh saor, agus rochtain gan bhac ar chabhair dhaonnúil do Gaza
- An Iaráin/an tSiria
Leag na ceannairí béim freisin ar a thábhachtaí atá sé trádáil shaor, inbhuanaithe, chothrom agus oscailte a choinneáil, d’athdhearbhaigh siad a dtiomantas do na Balcáin Thiar agus mhol siad comhaontú na hIndia agus na Pacastáine deireadh a chur leis an gcogaíocht.
Féach freisin
Comhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe
Comhaontuithe tar éis Brexit
Míniú ar Chreat Windsor
An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Bealtaine 2025