Skip to content

Míniú ar Chreat Windsor

Le Creat Windsor, déantar an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a choigeartú. D’fhormheas an tAontas agus an Ríocht Aontaithe an dá chomhaontú agus tá sé d’aidhm leo teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint.

Achoimre

Mar chuid den chomhaontú um tharraingt siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, tugadh isteach coinníollacha leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann chun go seachnófaí teorainn chrua ar oileán na hÉireann.

Tar éis dúshláin phraiticiúla gan choinne a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail, tháinig an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú maidir le sraith réiteach faoi Chreat Windsor a fhreagraíonn ar na deacrachtaí a bhí ag daoine agus gnólachtaí i dTuaisceart Éireann mar gheall ar Brexit.

Cuirtear na réitigh faoi Chreat Windsor chun feidhme faoi chuimsiú an chomhaontaithe um tharraingt siar. Rinne an tAontas agus an Ríocht Aontaithe Creat Windsor agus an Prótacal a chomhaontú agus a dhaingniú.

Creat Windsor

Cén fáth ar cuireadh Creat Windsor i bhfeidhm?

Ón tús, léirigh an tAontas fíorthuiscint ar dhúshláin phraiticiúla gan choinne a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail, sraith beart saincheaptha a moladh chun a sholúbthacht a mhéadú san áireamh. Is freagairt iad na bearta sonracha sin ar na deacrachtaí a bhí ag daoine agus ag gnólachtaí i dTuaisceart Éireann mar gheall ar Brexit.

Tar éis plé fairsing agus for-rochtain leis na páirithe leasmhara, d’oibrigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe le chéile chun teacht ar réiteach cuimsitheach, leathan agus cinntitheach ar na deacrachtaí praiticiúla sin. Tháinig deireadh leis na hiarrachtaí sin i mí Feabhra 2023, nuair a tháinig an Coimisiún Eorpach agus rialtas na Ríochta Aontaithe ar chomhaontú polaitiúil i bprionsabal, ar a dtugtar Creat Windsor anois.

Thángthas ar réitigh, lena gcinnteofar cinnteacht agus intuarthacht mharthanach do gach pobal i dTuaisceart Éireann, faoi chuimsiú an chomhaontaithe um tharraingt siar, a bhfuil an Prótacal ina dhlúthchuid de.

Cad a chlúdaíonn Creat Windsor?

Cuirtear san áireamh sna réitigh chomhpháirteacha faoi Chreat Windsor, socruithe lena n-urramaítear sláine na Ríochta Aontaithe agus sláine mhargadh aonair an Aontais araon agus lena gcosnaítear gach gné de Chomhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste). Cuimsíonn na socruithe sin:

  • custaim — lena n-éascaítear nósanna imeachta do thrádálaithe iontaofa
  • CBL agus mál — iarmhairtí neamhbheartaithe rialacha CBL agus máil an Aontais a bhfuil feidhm acu i dTuaisceart Éireann a sheachaint
  • agraibhia (rialacha sláintíochta agus grianghraf-sláintíochta) — á dhéanamh níos fusa earraí miondíola a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann
  • cógais — soláthar cógas nua a chinntiú go Tuaisceart Éireann
  • státchabhair — soiléiriú a dhéanamh ar chásanna ina mbíonn státchabhair infheidhme maidir le fóirdheontais a bhfuil fíornasc díreach acu le Tuaisceart Éireann
  • taisteal peataí — taisteal peataí idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór a éascú

Is é is aidhm do na rialacha é a dhéanamh níos fusa réimse earraí a aistriú ón mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann. Ag an am céanna, cuireadh cosaintí i bhfeidhm chun margadh aonair an Aontais a chosaint.

Ról na Comhairle

Ó thaobh na Comhairle de, i mí an Mhárta 2023, ghlac sí dhá chinneadh a bhaineann le Creat Windsor. Thug na cinntí sin an deis don Aontas teacht ar chomhaontú maidir leis na príomh-mhodhnuithe ar an bPrótacal agus teagmháil a dhéanamh ar bhealach níos fusa leis an Ríocht Aontaithe i meithleacha speisialaithe.

I mí na Bealtaine 2023, ghlac an Chomhairle trí rialachán arb é is aidhm dóibh na réitigh chomhpháirteacha a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe a chur chun feidhme.

An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann

Cad é an Prótacal maidir le Tuaisceart Éireann?

Is éard atá sa Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, dá ngairtear an Prótacal maidir le Tuaisceart Éireann de ghnáth, an chuid sin den chomhaontú um tharraingt siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe lena gcinntítear nach mbeidh teorainn chrua ar oileán na hÉireann tar éis don Ríocht Aontaithe an tAontas a fhágáil go foirmiúil an 31 Eanáir 2020.

Cuireadh cúinsí uathúla oileán na hÉireann san áireamh sa phrótacal. Comhaontaíodh é idir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an Ríocht Aontaithe) agus an tAontas Eorpach (an tAontas) mar réiteach seasmhach marthanach a ceapadh chun geilleagar an oileáin ar fad agus gach gné de Chomhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste) a chosaint, agus chun sláine mhargadh aonair an Aontais a choimirciú.

Cé a shínigh an Prótacal maidir le Tuaisceart Éireann?

Thar ceann an Aontais Eorpaigh, shínigh Charles Michel, arb é Uachtarán na Comhairle Eorpaí ag an am, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, é.

Thar ceann na Ríochta Aontaithe, shínigh an Príomh-Aire ag an am, Boris Johnson, é. Mar chuid den chomhaontú níos leithne um tharraingt siar (dá ngairtear comhaontú ‘Brexit’ freisin), dhaingnigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe é, agus thug Pharlaimint na hEorpa a toiliú ina leith.

Cathain a síníodh Prótacal Thuaisceart Éireann?

Rinneadh an comhaontú um tharraingt siar agus an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis a shíniú an 24 Eanáir 2020.

Tá feidhm ag an bprótacal ón 1 Eanáir 2021.

An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Bealtaine 2025