Skip to content
  • An Chomhairle Eorpach
  • Aitheasc
  • 27 Deireadh Fómhair 2015 11:45

Aitheasc a thug an tUachtarán Donald Tusk do Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gComhairle Eorpach is déanaí den 15 Deireadh Fómhair 2015

A Uachtaráin, a Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa,  

Sula dtabharfaidh mé cuntas daoibh ar ar tharla ag an gComhairle Eorpach an 15ú Deireadh Fómhair agus ar na chéad chéimeanna eile a ghlacfar amach anseo, ba mhaith liom an méid seo a rá libh: 

An ghéarchéim, nó b'fhéidir gurbh fhearr an dúshlán a rá, atá amach romhainn anois mar chomhphobal, mar Aontas Eorpach, is é an dúshlán is mó é, b'fhéidir, a bhí romhainn le fada fiannach an lá. Níl aon amhras orm ach go bhféadfadh an dúshlán seo athrú a chur ar an Aontas Eorpach atá tógtha againn. D'fhéadfadh sé scrios a dhéanamh ar eachtraí amhail taisteal gan teorann idir tíortha i limistéar Schengen. Agus rud níos contúirtí fós, d'fhéadfadh sé athrú ó bhonn a chur ar leagan amach polaitiúil na hEorpa. Agus ní athruithe chun feabhais atá i gceist ansin. Is am urghnách é seo, a dteastaíonn bearta urghnácha, íobairtí urghnácha agus dlúthpháirtíocht urghnách uaidh. Domsa, mar Uachtarán ar an gComhairle Eorpach, agus don chuid is mó againn, sílim, tá sé fíorthábhachtach a áirithiú go mbeidh ár mBallstáit agus ár n-institiúidí Eorpacha aontaithe. Le chéile, tiocfaidh muid slán ón ngéarchéim seo. Mura dtiocfaidh, níor mhaith liom cuimhneamh ar an gcás a bheadh ann. 

Ó thús na géarchéime seo, chuir mé béim ar an tábhacht a bhaineann lenár dteorainneacha seachtracha a chosaint. Níl comhaontú ann go fóill maidir leis an gcaoi chun é a dhéanamh i dtéarmaí oibríochtúla, ach ar a laghad tá na ceannairí ar aon tuairim gurb í an chloch is mó ar ár bpaidrín teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint. Ar an drochuair, éireoidh an staid níos measa fós, mar a dúirt mé an uair dheireanach a bhí mé sa seomra tionóil seo. Is éard atá i gceist agam, mar shampla, an rabharta nua teifeach as Aleppo agus as na réigiúin atá faoi ionsaithe buamála ón Rúis sa tSiria, ionsaithe a bhfuil breis agus 100,000 teifeach nua de thoradh orthu.

A chomhaltaí dile, 

Le linn na Comhairle Eorpaí is déanaí, d'fhear na ceannairí fáilte fhaichilleach roimh obair an Choimisiúin Eorpaigh i ndáil le comhaontú leis an Tuirc maidir leis an imirce. Ar an ábhar sin, ba mhaith liom buíochas a ghabháil go pearsanta leis an Leas-Uachtarán Timmermans, atá ag obair go dian ar na sonraí teicniúla. Ba mhaith liom béim a leagan air arís, nach bhfuil ciall ná réasún ag baint le comhaontú leis an Tuirc ach amháin sa chás go gcabhróidh sé leis an taoide imirce chun na hEorpa a thrá. Ní bheidh an comhar sin éasca. Níor cheart dúinn dallamullóg a bheith orainn go bhféadfadh tríú tír ar bith, an Tuirc san áireamh, teacht inár n-áit chun ár dteoireannacha a chosaint.  

Sa mhullach air sin, bhreithnigh na ceannairí san áireamh an obair atá ar siúl chun aon cheann déag de lárphointí mearphróiseála sa Ghréig agus san Iodáil a bhunú ar bhealach a bheidh lánfheidhmiúil faoi dheireadh mhí na Samhna. Tá an spriocdháta sin uaillmhianach agus ní mór dlús suntasach a chur faoi fhoirne agus faoi shócmhainní a thabhairt do Frontex, agus don Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (EASO). I láthair na huaire, níl ag na gníomhaireachtaí Eorpacha ach níos lú ná leath den mhéid acmhainní a theastaíonn uathu. I gás na lárphointí mearphróiseála, tá díospóireacht mhacánta tosaithe againn maidir leis an gcaoi ar cheart go bhfeidhmeoidís. Obair í sin atá fós ar siúl.

Chomh maith leis sin, bhí plé fada againn faoin gcaoi ar féidir ár dteorainneacha a chosaint. Ní mór dúinn deireadh a chur láithreach leis an argóint in aisce seo eatarthu siúd atá i bhfabhar na teoireannacha seachtracha a chosaint agus iad siúd a thacaíonn leis an dlúthpháirtíocht agus leis an oscailteacht. Tá an dá chur chuige sin de dhíth orainn. Ní mór dúinn rialú éifeachtach ar na teorainneacha seachtracha a chur ar bun arís chun an cás ag ár dteorainneacha a bhainistiú. Ní mór stop a chur le trasnú neamhdhleathach teorainneacha, ní mór iarrthóirí tearmainn a chlárú, agus ní mór saoráidí glactha iomchuí a eagrú. Ní stopfar an sreabh imirce leis sin amháin. Ach laghdófar é go suntasach. I dtaca leis sin, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach go bhforbrófar Frontex níos faide ná an sainordú atá aige faoi láthair. Beidh sé in ann idirghabháil a dhéanamh sna géarchéimeanna teorann ar bhealach níos tapúla agus níos diongbháilte. Agus léireofar ceannaireacht maidir le himircigh neamhrialta a chur ar ais. Beidh cuidiú Pharlaimint na hEorpa uainn chun é sin a dhéanamh chomh tapa is féidir. Is é an aidhm atá ann cur ar chumas Frontex teorainneacha na hEorpa a chosaint go hiomlán. Ba mhaith liom an obair mhór atá déanta ag na feisirí cheana maidir le maoiniú a thabhairt do Frontex agus d'EASO araon a thréaslú leo.  

Agus ag an am céanna, ní mór dúinn obair a dhéanamh chun dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a fhorbairt tuilleadh. Is é an chéad chéim ar fad den obair sin na hacmhainní uile atá ag teastáil uathu a chur ar fáil do Frontex agus d'EASO, chomh maith leis an sásra sealadach athlonnaithe a chur chun feidhme chun an t-ualach atá ar na Ballstáit atá buailte a laghdú. 

A chomhaltaí dile, 

Ní géarchéim í seo a bhaineann le teifigh ón tSiria amháin. Coicís ó inniu, tionólfaidh mé cruinniú mullaigh de cheannairí ón Afraic agus ón Eoraip i Vaileite. Le cabhair ónár gcomhpháirtithe san Afraic, is é ár gcuspóir go gcuideoidh an cruinniú mullaigh sin le comhpháirtíocht réadúil a chur ar bun idir an Eoraip agus an Afraic maidir le saincheist na himirce.

Chinn an Chomhairle Eorpach gur mhaith linn bearta nithiúla, oibríochtúla a bhaint amach lena ndíreofaí, ar bhealach cóir, cothrom, ar chur ar ais agus ar athligean isteach a bheadh éifeachtach, ar líonraí coiriúla a bhriseadh agus ar an imirce neamhdhleathach a chosc, mar aon le hiarracht cheart a dhéanamh dul i ngleic le bunchúiseanna na bhfadhbanna agus tacú le forbairt shocheacnamaíoch na hAfraice, agus gealltanas a thabhairt go mbeidh deiseanna ann i gcónaí maidir le himirce dhleathach. 

Féachfaimid an bhféadfaí acmhainní sábháilte, inbhuanaithe a fhorbairt chun glacadh le teifigh sna réigiúin atá buailte, agus deiseanna fadtréimhseacha agus nósanna imeachta leordhóthanacha a chur ar fáil dóibh agus dá dteaghlaigh, lena n-áirítear rochtain a bheith acu ar an oideachas agus ar phoist, go dtí go mbeadh sé indéanta dóibh filleadh ar a dtír tionscnaimh. 

Ar deireadh, iarrfaimid ar na Ballstáit tuilleadh a dhéanamh chun tacú le UNHCR, leis an gClár Domhanda Bia agus le gníomhaireachtaí eile, agus tacú freisin le Ciste Réigiúnach Iontaobhais an Aontais Eorpaigh mar fhreagairt ar an ngéarchéim sa tSiria agus le Ciste Iontaobhais an Aontais don Afraic.     

A Uachtaráin, a chomhaltaí dile, 

Agus ar deireadh, dhíríomar ar cheist na Breataine: Chuir mé na ceannairí ar an eolas faoin réamhphlé a rinneadh idir mo chuid oifigeach agus an Ríocht Aontaithe le cúpla mí anuas. Ba dhíol sásaimh dúinn gur gheall an Príomh-Aire Cameron ábhair shonracha imní na Ríochta Aontaithe a chur i scríbhinn faoi thús mhí na Samhna. 

Go raibh maith agaibh.

 

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024