- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 16 Samhain 2015 11:30
Seirbhísí íocaíochta leictreonacha: Glacann an Chomhairle rialacha nuashonraithe
Ghlac an Chomhairle Treoir lena ndírítear ar an margadh uile-Eorpach d'íocaíochtaí leictreonacha a fhorbairt tuilleadh ar an 16 Samhain 2015.
Leis an Treoir sin, ionchorpraítear agus aisghairtear Treoir 2007/64/CE, arb í an bunús dlí í chun margadh aonair uile-Eorpach a chruthú do sheirbhísí íocaíochtaí.
Leis an Treoir athbhreithnithe, cuirtear na rialacha in oiriúint do sheirbhísí nuálacha íocaíochta atá ag teacht chun cinn, íocaíochtaí idirlín agus íocaíochtaí ar an bhfón póca san áireamh. Dírítear leis an Treoir ar thimpeallacht níos sláine a chinntiú d'íocaíochtaí, go háirithe dóibh siúd a bhaineann úsáid as cianbhealaí.
Athruithe ar ríomhthráchtáil
Ó glacadh an bhun-Treoir i ndáil le seirbhísí íocaíochta in 2007, tá bealaí íocaíochta tagtha chun cinn i réimse na ríomhthráchtála. De ghnáth, cruthaítear "droichead" idir láithreán gréasáin an díoltóra agus ardán ar líne baincéireachta an íocóra chun go bhféadfar íocaíochtaí idirlín a thionscnamh ar bhonn aistriú creidmheasa. Cumhdófar na seirbhísí sin anois leis an Treoir. Leis na seirbhísí sin, beidh an soláthraí seirbhísí tionscanta íocaíochta (nach mbíonn seilbh aige ar chistí an úsáideora riamh) in ann a dhearbhú don íocaí go mbeidh fáil ar na cistí riachtanacha d'idirbheart shonrach íocaíochta i gcuntas an chustaiméara agus gur cuireadh tús leis an íocaíocht.
Bunaítear córas rialála lena gcumhdófar gníomhaíochtaí na seirbhísí faisnéise cuntais freisin. Leis na seirbhísí sin, mar shampla, cuirtear faisnéis chomhiomlánaithe ar líne ar fáil d'úsáideoir na seirbhíse íocaíochta maidir le cuntais íocaíochta atá i seilbh soláthraithe eile seirbhísí íocaíochta. Ar an dóigh sin, is féidir le húsáideoir na seirbhíse íocaíochta léargas a fháil ar a staid airgeadais tráth ar bith, laistigh de thimpeallacht shlán.
Sláníocaíochtaí idirlín
Ag an am céanna, leis an Treoir seo, neartófar bearta slándála maidir le híocaíochtaí idirlín agus maidir leis an úsáid a bhaintear as seirbhísí a chuireann imreoirí nua sa mhargadh ar fáil. Beidh dian-fhíordheimhniú custaiméirí i gceist le go sainaithneofar an cliant i gcás gach idirbheart ar leith. Leis an gcóras nua maoirseachta neartaithe, cuirfear le leibhéal na slándála agus na cosanta do thomhaltóirí sa réimse seo.
An spriocdháta do na Ballstáit
Glacadh an Treoir ag cruinniú den Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, gan phlé. Beidh dhá bhliain ag na Ballstáit leis an Treoir a thrasuí ina ndlíthe agus ina rialacháin náisiúnta féin.
Thángthas ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir leis an téacs an 5 Bealtaine 2015. Ghlac an Pharlaimint a seasamh ar an gcéad léamh an 7 Deireadh Fómhair.
Teagmhálaithe preasa
-
Azadeh Sharafshahi Preasoifigeach
- +32 2 281 31 95
- +32 475 69 18 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024