Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 6 Nollaig 2016 14:45

An tAontas Eorpach-Cúba: Caibidil nua á hoscailt ag an gComhairle sa chaidreamh

Ar an 6 Nollaig 2016, bheartaigh an Chomhairle Comhaontú maidir le hIdirphlé Polaitiúil agus Comhar a shíniú idir an tAontas Eorpach agus Cúba. Chinn an Chomhairle freisin codanna den chomhaontú sin a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach. Tarchuirfear an comhaontú chuig Parlaimint na hEorpa lena toiliú a fháil, chun go dtabharfar i gcrích é. Ar an 12 Nollaig 2016 ag 9.30, déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Federica Mogherini, Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, agus Aire Gnóthaí Eachtracha Chúba, Bruno Rodriguez Parrilla é a shíniú.

Dúirt Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an méid seo a leanas: “Cor cinniúnach atá ann sa chaidreamh idir an tAontas agus Cúba, gan amhras. Le chéile, táimid ag gluaiseacht i dtreo comhpháirtíocht níos dlúithe agus níos cuidithí, lena léirítear na naisc stairiúla, eacnamaíocha agus chultúrtha a thugann le chéile sinn, an Eoraip agus Cúba. Tríd an gComhaontú nua, tá an tAontas réidh chun tacú le próiseas an nuachóirithe eacnamaíoch agus shóisialta i gCúba, agus táim ag súil lenár gcaidreamh déthaobhach a chur chun cinn tuilleadh."

An comhaontú maidir le hIdirphlé Polaitiúil agus Comhar a bheidh sa chreat nua dlíthiúil don chaidreamh idir an tAontas agus Cúba, arb é an chéad chomhaontú riamh idir an tAontas Eorpach agus Cúba é. Foráiltear leis d’idirphlé feabhsaithe polaitiúil, comhar feabhsaithe déthaobhach agus forbairt na gníomhaíochta comhpháirtí i bhfóraim iltaobhacha.

Is é is aidhm don chomhaontú tacú le próiseas aistrithe gheilleagar agus shochaí Chúba. Cuirtear idirphlé agus comhar chun cinn chun forbairt inbhuanaithe, an daonlathas agus cearta an duine a spreagadh, agus chun teacht ar réitigh chomhroinnte ar dhúshláin dhomhanda.

Sa chomhaontú, tá trí phríomhchaibidil i ndáil le hidirphlé polaitiúil, le comhar agus le hidirphlé beartais earnála chomh maith le trádáil agus comhar trádála.

Ghlac an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha treoracha idirbheartaíochta ar an 10 Feabhra 2014. Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht i mí Aibreáin 2014 agus tugadh i gcrích iad tar éis seacht mbabhta i mí an Mhárta 2016. Ar an 11 Márta 2016, thug an tArdionadaí cuairt ar Chúba don seachtú cruinniú foirmiúil idir an tAontas agus Cúba maidir le hidirphlé polaitiúil, ar lena linn a cuireadh inisealacha go foirmiúil leis an gcomhaontú.

Déanfar an comhaontú a shíniú agus a thabhairt i gcrích mar chomhaontú “measctha”. Ar thaobh an Aontais, ciallaíonn sé sin gur gá don Aontas féin agus do na Ballstáit é a shíniú agus gur gá do gach parlaimint náisiúnta agus réigiúnach ábhartha é a dhaingniú. Cuirfear an comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go ndaingneoidh gach Ballstát é. Bainfidh an cur i bhfeidhm sealadach leis na forálacha faoi inniúlacht an Aontais.

Ina theannta sin, d’aisghair an Chomhairle comhsheasamh 1996 an Aontais maidir le Cúba. Ba é príomhchuspóir chomhsheasamh 1996 an Aontais maidir le Cúba an t-aistriú chuig an daonlathas iolraíoch a spreagadh agus urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, chomh maith le téarnamh inbhuanaithe agus feabhas a chur ar chaighdeáin mhaireachtála mhuintir Chúba.

Searmanas sínithe - Deiseanna do na meáin Dé Luain, 12 Nollaig:

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024