Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 17 Márta 2017 15:10

Dearbhú ón Ardionadaí Federica Mogherini thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir leis an gCrimé

Tá an doiciméad seo ar fáil i dteangacha nach teangacha AE iad :

Trí bliana tar éis do Chónaidhm na Rúise Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus cathair Sevastapol a nasc-ghabháil go mídhleathach, tá an tAontas Eorpach i gcónaí an-tiomanta do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

Athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach nach n-aithníonn sé an sárú seo ar an dlí idirnáisiúnta agus cáineann sé go seasta é. Tugtar dúshlán díreach don tslándáil idirnáisiúnta leis an sárú seo, agus gabhann impleachtaí tromchúiseacha leis ó thaobh an dlíchórais idirnáisiúnta lena ndéantar aontacht agus ceannasacht na Stát uile a chosaint.

Tá rún daingean ag an Aontas i gcónaí a bheartas neamhaitheantais a chur chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear trí bhearta sriantacha. Iarrann an tAontas an athuair ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe féachaint an bhféadfaidís bearta comhchosúla neamhaitheantais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rún 68/262 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (UNGA). Ní thugann an tAontas Eorpach aitheantas do thoghcháin arna dtionól ag Cónaidhm na Rúise i leithinis na Crimé ná d’ionadaithe tofa idir áitiúil agus náisiúnta.

Le bliain anuas bhí éifeacht ag míleatú leanúnach na leithinse ar an staid slándála i réigiún na Mara Duibhe agus tá staid chearta an duine i leithinis na Crimé níos measa anois ná mar a bhí. Sáraíodh cearta phobal Tatarach na Crimé go tromchúiseach nuair a dúnadh síos meáin chumarsáide de chuid phobal Tatarach na Crimé, nuair a cuireadh toirmeasc ar ghníomhaíochtaí na Mejlis agus ar a gcomhlacht féinrialaitheach agus nuair a rinneadh géarleanúint ar a gcuid ceannairí. Cúisíodh dlíodóirí amhail Emil Kurbedinov agus Mykola Polozov i gcoireanna fiú, daoine a chosnaíonn cearta Tatarach na Crimé chomh maith le cearta iad siúd nach dtugann aitheantas do nasc-ghabháil mhídhleathach na leithinse.

Maidir leis sin, iarraimid go scaoilfear saor an Chéad Leas-Chathaoirleach Akhtem Chiygoz, go gcuirfear ar ceal na cúisimh i gcoinne Leas-Chathaoirleach Ilmi Umerov agus go n-urramófar go hiomlán an ceart chun comhairle dlí a fháil. Thairis sin, iarann an tAontas an athuair go scaoilfear saor láithreach Oleh Sentsov, Oleksandr Kolchenko agus iad siúd go léir a gabhadh agus a gearradh pionós orthu de shárú ar an dlí idirnáisiúnta.

Ba cheart na cásanna uile atá ar feitheamh maidir le sáruithe ar chearta an duine amhail daoine a bheith ar iarraidh de thoradh fornirt, céasadh agus maruithe a ghrinnfhiosrú. Tá sé ríthábhachtach i gcónaí go dtabharfaí rochtain iomlán, shaor agus neamhshrianta do ghníomhaithe idirnáisiúnta chearta an duine ar chríoch iomlán na hÚcráine, an Chrimé agus Sevastopol san áireamh. Sa chomhthéacs sin, meabhraíonn an tAontas Rún 71/205 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 19 Nollaig 2016, agus iarrann sé go gcuirfí chun feidhme go hiomlán é.

Tá na Tíortha is Iarrthóirí, Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine*, Montainéagró* agus an Albáin*, agus na tíortha ar comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus den Limistéar Eacnamaíoch iad an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, mar aon leis an Úcráin agus an tSeoirsia ag seasamh leis an dearbhú seo.

Tá *Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró agus an Albáin páirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcónaí.

____________________________

Eisítear an dearbhú seo ar ócáid chomóradh trí bliana nasc-ghabháil mhídhleathach na Crimé ag Cónaidhm na Rúise (an 18 Márta 2017).

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024