- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 8 Meitheamh 2017 10:30
Níos mó béime ar an tsábháilteacht in oiliúint do thiománaithe leoraithe agus busanna - tagann an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh
Is mian leis an Aontas cur le feasacht na dtiománaithe gairmiúla maidir le gnéithe sábháilteachta agus comhshaoil na tiomána. Ag obair chun an cuspóir seo a bhaint amach, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú inniu maidir lena seasamh (’cur chuige ginearálta') i ndáil le nuashonrú beartaithe ar na rialacha maidir le hoiliúint agus cáilíochtaí do thiománaithe leoraithe agus busanna. Leis na rialacha feabhsaithe, beidh níos mó béime ar an tsábháilteacht agus ar an gcomhshaol san oiliúint agus cuirfear feabhas ar aithint oiliúna i dtír eile san Aontas.
Beidh ár mbóithre níos sábháilte mar thoradh ar na rialacha nuashonraithe maidir le hoiliúint,” a dúirt Uachtaránacht Mhálta. “Le haitheantas níos fearr ar cháilíochtaí tiománaithe beidh tuilleadh soghluaisteacht don lucht saothair, rud atá chun leas an mhargaidh aonair, an fháis agus an iomaíochais.”
Chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, faoin togra díreofar tuilleadh ar thiománaithe a oiliúint chun bheith fadcheannach sa trácht agus oiriúnaitheach ó thaobh riosca. Áirítear leis sin tiomáint chuí i ndálaí éagsúla bóthair, tráchta agus aimsire, agus cúinsí contúirteacha a d’fhéadfadh a bheith ann d’úsáideoirí soghonta bóithre, amhail coisithe agus rothaithe, a aithint.
Ba cheart béim a leagan san oiliúint ar thiomáint éifeachtúil ó thaobh breosla de freisin. Mar shampla, is féidir tiománaithe a oiliúint chun an sreabhadh tráchta a thuar, stíl tiomána réidh a ghlacadh agus brú cuí na mbonn a sheiceáil.
Sa bhreis ar an oiliúint tosaigh, ní mór do thiománaithe 35 huaire d’oiliúint leanúnach a dhéanamh gach cúig bliana chun a gcuid scileanna a choinneáil agus a thabhairt cothrom le dáta. Ciallaíonn sé sin go mbeidh tionchar i bhfad níos forleithne ná tiománaithe nua a ullmhú dá ngairm bheatha.
Leagtar síos sna dréachtrialacha gur cheart do thiománaithe gairmiúla cáilithe cód comhchuibhithe 95 de chuid an Aontais a bheith acu ar a gceadúnas tiomána nó, i gcás nach féidir é sin, ar chárta cáilíochta tiománaí ar leith. Cuirtear in iúl leis an gcód sin go gcomhlíonann an tiománaí na ceanglais ábhartha. Ní mór do na Ballstáit uile ansin a cáilíochtaí nó a cháilíochtaí a aithint. De réir meastachán ón gCoimisiún, d’fhéadfaí go raibh deacrachtaí ag tuairim is 46,700 tiománaí in 2016 agus iad ag iarraidh aitheantas a fháil ar oiliúint a fuarthas i dtír eile san Aontas.
Go teicniúil, leis an dréacht-treoir leasófar an treoir atá ann cheana maidir le cáilíocht tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe gairmiúla a bhfuil ceadúnas C nó D acu. Tabharfar isteach leis freisin athruithe ar an treoir maidir le ceadúnais tiomána, go háirithe i ndáil leis an soiléiriú ar na ceanglais íosta maidir le haois.
Is é an cur chuige ginearálta sin seasamh na Comhairle le haghaidh cainteanna le Parlaimint na hEorpa. Caithfidh an dá institiúid teacht ar chomhaontú faoin téacs deiridh.
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
- @timmermansniels
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024