- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 08-09/06/2017, 8-9 Meitheamh 2017
Na príomhthorthaí
Saincheisteanna teileachumarsáide, 9 Meitheamh 2017
Chomhaontaigh an Chomhairle cur chuige ginearálta maidir le togra le haghaidh maoirseacht rialála agus trédhearcacht praghsanna a mhéadú le haghaidh seirbhísí beartseachadta trasteorann. Tá sé mar aidhm leis na rialacha nua feabhas a chur ar an iomaíocht ar an margadh agus praghsanna a ísliú, go háirithe do shaoránaigh agus do ghnólachtaí beaga.
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le rialacha teileachumarsáide an Aontais a athchóiriú. Tá sé mar aidhm leis an athbhreithniú feabhas a chur ar nascacht sheasta agus shoghluaiste san Eoraip trí infheistíocht, iomaíocht agus nuálaíocht a spreagadh agus tomhaltóirí a chosaint go maith i gcomhthráth. Díríodh i ndíospóireacht an lae inniu ar an méid comhordaithe AE is inmhianaithe chun go mbainfear amach na spriocanna uaillmhianacha i dtaca le nascacht. Chuir cuid mhaith Ballstát in iúl le linn na díospóireachta go measann siad gurbh fhusa leathanbhanda soghluaiste 5G a rolladh amach agus infheistíocht a dhéanamh i líonraí den chéad ghlúin eile i gcoitinne dá mba rud é go mhéadófaí malartú an dea-chleachtais rialála trí leas a bhaint as na struchtúir atá ann cheana. “Má táimid chun nascacht ar ardcháilíocht agus ar luas an-ard a sholáthar do chách, ní mór dúinn a áirithiú go mbeidh na rialacha nua teileachumarsáide iomchuí” a dúirt Uachtaránacht Mhálta. “Le díospóireacht an lae inniu tugtar spreagadh nach beag dúinn i leith obair a bheidh le déanamh amach anseo chun an méid sin a bhaint amach”.
Chomh maith leis sin mheas na hairí an dul chun cinn a rinneadh maidir le togra le haghaidh nuashonrú a dhéanamh ar rialacha príobháideachais don chumarsáid leictreonach (ríomh-Phríobháideachas).
Ina theannta sin chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i leith dhá chomhad reachtacha eile:
Foilsíodh an rialachán fánaíochta mórdhíola in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh inniu. Bhí sé mar réamhchoinníoll le go gcuirfí tús le ‘táillí fánaíochta is ionann agus táillí intíre” ar an 15 Meitheamh 2017 go mbeadh an rialachán seo i bhfeidhm. “Iarraimid ar na saoránaigh uile é sin a cheiliúradh trína gcuid taithí a chomhroinnt trí na haischlibeanna # RoamLikeAtHome agus # EURoaming,” a dúirt Uachtaránacht Mhálta.
Thángthas ar chomhaontú polaitiúil ar an 29 Bealtaine maidir leis an dréachtrialachán WiFi4EU i ndáil le teophointí idirlín a mhaoiníonn an tAontas. Is é an cuspóir go mbeidh an scéim WiFi4EU ullamh a luaithe is féidir ionas go bhféadfaidh comhlachtaí san earnáil phoiblí agus saoránaigh leas a bhaint aisti go luath.
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin staid mar atá i ndáil leis an straitéis maidir le margadh aonair digiteach, saincheisteanna cibearshlándála agus an tuarascáil is déanaí ar dhul chun cinn na hEorpa i gcúrsaí digiteacha.
Ar deireadh, thíolaic an uachtaránacht nua a clár oibre.
Saincheisteanna iompair, 8 Meitheamh 2017
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta faoi rialacha nuashonraithe i leith oiliúint agus cáilíochtaí tiománaithe gairmiúla leoraithe agus busanna. Leis an nuashonrú sin leagtar níos mó béime ar an tsábháilteacht san oiliúint agus cuirfear feabhas ar aithint na gcáilíochtaí a fuarthas i dtír eile san Aontas.
Ghlac an Chomhairle dhá shraith de chonclúidí: conclúidí maidir le tosaíochtaí an Aontais dá bheartas iompair muirí suas go dtí 2020 agus conclúidí maidir le sábháilteacht ar bhóithre. Sainaithnítear sna conclúidí maidir le cúrsaí muirí an t-iomaíochas, an dícharbónú, agus an digitiú mar threoirphrionsabal do bheartas an Aontais sa réimse sin. Leagtar sprioc síos sna conclúidí maidir le sábháilteacht ar bhóithre líon na ndaoine a mbaineann drochghortuithe dóibh ar na bóithre san Aontas a laghdú faoina leath faoin mbliain 2030 le hais bhonnlíne na bliana 2020. Leis an dá shraith de chonclúidí, formhuinítear dearbhuithe a glacadh ag cruinnithe aireachta neamhfhoirmiúla a d’eagraigh an Uachtaránacht i Vaileite i mí an Mhárta 2017.
- Council conclusions on "Priorities for the EU's maritime transport policy until 2020: Competitiveness, Decarbonisation, Digitalisation to ensure global connectivity, an efficient internal market and a world-class maritime cluster"
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an tsábháilteacht ar bhóithre, 8 Meitheamh 2017
“Rinneamar plé inniu ar líon mór tionscnamh a mbeidh an t-iompar níos sábháilte, níos glaise agus níos cothroime mar gheall orthu. Beidh an dá shraith de chonclúidí ón gComhairle mar threoir dár mbeartas muirí sna blianta atá le teacht agus tabharfar spreagadh dúinn ár seacht ndícheall a dhéanamh chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú.”
Uachtaránacht Mhálta
Chuir na hairí a mbarúlacha tosaigh in iúl maidir leis an bpacáiste soghluaisteachta a sheol an Coimisiún ar an 31 Bealtaine. “Cé go bhfuil na Ballstáit fós i mbun anailís a dhéanamh ar na tograí seo a tíolacadh le déanaí, ba mhór acu i gcoitinne iarrachtaí an Choimisiúin soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha atá ann faoi láthair agus a bhforfheidhmiú a ghéarú,” a dúirt Uachtaránacht Mhálta. “Beidh gá áfach le codanna tábhachtacha den phacáiste a mheas ó thaobh tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus, i roinnt cásanna, comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith acu.”
Áiríodh slándáil eitlíochta freisin ar na míreanna faisnéise a pléadh as measc ábhair eile, go háirithe earraí leictreonacha i mbagáiste cábáin, agus thíolaic an Coimisiún an tionscnamh ‘Eoraip atá Oscailte agus Nasctha’ dá chuid a foilsíodh inniu.
Maidir le cáilíochtaí gairmiúla i gcúrsaí uiscebhealaí intíre, leag an Uachtaránacht béim ar a thábhachtaí atá iompar ar uiscebhealaí intíre mar bhealach éifeachtúil chun an brú tráchta ar bhóithre na hEorpa a mhaolú agus astaíochtaí a laghdú in earnáil an iompair. Tá an Uachtaránacht tiomanta i gcónaí do chlabhsúr a chur ar an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir leis an gcomhad seo.
Le linn an lóin phléigh na hairí an obair maidir leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta a chumasú chun straitéis tosaigh uaillmhianach a ghlacadh in 2018 maidir le laghdú a dhéanamh, mar a comhaontaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2016 é, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a thagann as longa.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Cúlra faisnéise - Saincheisteanna iompair
- Cúlra faisnéise - Saincheisteanna teileachumarsáide
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 8 agus 9 Meitheamh 2017
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 8 agus 9 Meitheamh 2017
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
- Seirbhísí beartseachadta trasteorann níos trédhearcaí - tagann an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh
- 09/06/2017
- Beartas iompair mhuirí an Aontais go dtí 2020
- 08/06/2017
- Leagan an tAontas Eorpach sprioc nua síos chun líon na ndaoine a ghortaítear go dona ar na bóithre s’againne a laghdú faoina leath
- 08/06/2017
- Níos mó béime ar an tsábháilteacht in oiliúint do thiománaithe leoraithe agus busanna - tagann an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh
- 08/06/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025