"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.

Féach ár leathanach beartais maidir le fianáin chun tuilleadh eolais a fháil agus chun do shocruithe a athrú.

български español čeština dansk Deutsch eesti Ελληνικά English français Gaeilge hrvatski italiano latviešu lietuvių magyar Malti Nederlands polski português română slovenčina slovenščina suomi svenska
Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 21 Meitheamh 2017 15:15

Substaintí guaiseacha i dtrealamh leictreach agus leictreonach - comhaontú bainte amach ag an gComhairle agus an Pharlaimint

Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú ar an 21 Meitheamh 2017 maidir le togra le haghaidh srian a chur ar úsáid substaintí guaiseacha áirithe i dtrealamh leictreach agus leictreonach. Beidh ar ambasadóirí an Aontais Eorpaigh (Coreper) an comhaontú a dheimhniú le linn an chruinnithe a bheidh acu ar an Aoine seo, an 23 Meitheamh.

Leis an treoir nua déantar athbhreithniú ar raon feidhme Threoir 2011/65/AE (RoHS 2). Áirítear léi leasuithe arb aidhm leo go gcaithfear go cothrom leis na táirgí a chumhdaítear faoin treoir, agus moltar táirge ar leith, eadhon orgáin phíobáin, a eisiamh; tugtar aghaidh go sonrach freisin ar ábhair imní i ndáil leis an ngrúpa táirgí den chineál “raon oscailte”.

“Táimid tar éis teacht ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa chun go laghdófar na substaintí guaiseacha a bhíonn i dtrealamh leictreach agus leictreonach. Leis an reachtaíocht nua seo, is fearr a fhéadfar dramhaíl a chosc agus a bhainistiú, agus spreagfar athúsáid agus athchúrsáil na dtáirgí agus na n-ábhar sin san Aontas. Tá rún daingean ag Uachtaránacht Mhálta a chinntiú go ndéanfaidh an tAontas Eorpach dul chun cinn chun geilleagar níos ciorclaí a bhaint amach.”

José Herrera, Aire Forbartha Inbhuanaithe, Comhshaoil agus Athraithe Aeráide Mhálta

Is é an príomhchuspóir atá leis an téacs leasaithe aghaidh a thabhairt ar roinnt fadhbanna a sainaithníodh sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún ar raon feidhme na treorach. Leis an téacs athbhreithnithe, áiritheofar go sonrach go bhféadfar oibríochtaí tánaisteacha a dhéanamh sa mhargadh (e.g. athdhíol, an margadh athláimhe) i gcás trealamh leictreach agus leictreonach a cumhdaíodh le déanaí le RoHS 2 agus go bhféadfar páirteanna spártha don trealamh sin a úsáid má chuirtear ar an margadh iad roimh an 22 Iúil 2019.

Tá an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa araon i bhfábhar an chur chuige a ghlac an Coimisiún, is é sin gan raon feidhme an athbhreithnithe sin a leathnú agus gan athbhreithniú ginearálta a dhéanamh ar an Treoir go dtí 2021, mar atá beartaithe. De réir an téacs a comhaontaíodh, ceanglaítear ar an gCoimisiún an t-athbhreithniú ginearálta sin ar RoHS2 a dhéanamh faoin 22 Iúil 2021.

Maidir le hiarratais chun díolúine faoin treoir a athnuachan, beidh ar an gCoimisiún freisin iarratasóirí a chur ar an eolas faoin méid ama a mheastar a bheidh i gceist leis an bpróiseas cinnteoireachta.

Na chéad chéimeanna eile

A luaithe a fhormheasann Coiste na mBuanionadaithe sa Chomhairle an comhaontú, beidh ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa an treoir nua a ghlacadh go foirmiúil.

Tiocfaidh an gníomh reachtach i bhfeidhm 20 lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Cúlra

Thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh treoir nua lena leasófaí Treoir 2011/65/EU (RoHS 2) ar an 26 Eanáir 2017. Ghlac an Chomhairle a sainordú caibidlíochta ar an 14 Meitheamh. Thug Parlaimint na hEorpa údarú ar an lá céanna le go gcuirfear tús leis an gcaibidlíocht láithreach.

Le RoHS 1 agus RoHS 2 tugadh isteach bearta chun na substaintí díobhálacha sin a theorannú i dtrealamh leictreach agus leictreonach. Le Treoir RoHS2 leathnaíodh an raon feidhme go mór sa chaoi is go bhfuil feidhm aici anois maidir leis an trealamh uile leictreach agus leictreonach (EEE) a chuirtear ar an margadh san Aontas.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024