Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 28 Meitheamh 2017 17:00

Rialacha níos simplí d’úsáideoirí chistí de chuid an Aontais

Is mian leis an gComhairle cúrsaí a shimpliú do thairbhithe agus lucht riaracháin chistí an Aontais araon. Thug an Chomhairle sainordú don Uachtaránacht ar an 28 Meitheamh 2017 tús a chur le cainteanna le Parlaimint na hEorpa maidir le togra ón gCoimisiún le haghaidh rialacha airgeadais an Aontais a dhéanamh níos simplí agus níos dírithe ar thorthaí. Leis an dréachtrialachán omnibus, mar a thugtar air, leasófar an rialachán airgeadais lena rialaítear cur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus cur chun feidhme 15 de ghníomhartha reachtacha earnála, a mbaineann cuid díobh le réimse na talmhaíochta agus le beartas comhtháthaithe.

“Is éard is brí le seasamh caibidlíochta na Comhairle tréaniarracht cúrsaí a dhéanamh níos fusa. Chuirfí ar chumas an Coimisiún cistí a íoc níos tapa gan an oiread sin rialú maorlathach a dhéanamh ar chostais incháilithe. Is mian linn a áirithiú, ag an am céanna, go ndéanfar bainistiú stuama ar chistí de chuid an Aontais i gcónaí.”

An tOllamh Edward Scicluna, Aire Airgeadais Mhálta agus Uachtarán na Comhairle

Díriú ar thorthaí

Mar chuid dá seasamh caibidlíochta, thacaigh an Chomhairle le híocaíochtaí de chuid an Aontais a bhunú ar thorthaí, b’fhéidir, seachas ar aisíoc na gcostas a thobhaítear. Bheadh sin tíosach ó thaobh am na dtairbhithe agus na n-údarás agus ó thaobh na gcostas a bhaineann le cur chun feidhme chistí de chuid an Aontais agus laghdófaí an baol earráide.

Leis na rialacha nua, b'fhusa freisin úsáid a bhaint as cnapshuimeanna agus bheadh na roghanna costais níos simplí. Chiallódh sin, mar shampla, go bhféadfadh lucht taighde níos mó ama a chaitheamh sa tsaotharlann seachas a bheith i mbun a gcuid costas a thaifead.

An rómhaorlathas a laghdú

Chun go laghdófaí an méid rialaithe a dhéantar, thacaigh an Chomhairle freisin leis an smaoineamh go bhféadfadh an Coimisiún brath a mhéid is féidir ar iniúchadh, measúnú nó údarú a rinneadh cheana. Laghdófaí an rómhaorlathas agus chuirfí ar chumas na dtairbhithe agus ar chumas an Choimisiúin araon níos mó ama a chaitheamh le cúraimí eile seachas le páipéarachas.

Leis an dréachtrialachán omnibus, mar a thugtar air, cuirtear rialachán airgeadais an Aontais agus na rialacha cur chun feidhme a ghabhann leis i dtoll a chéile in aon leabhar rialacha amháin.

Cúlra

Thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh an rialacháin omnibus i Meán Fómhair 2016 mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chreat airgeadais ilbhliantúil AE 2014-2020.

Na chéad chéimeanna eile

Tosóidh an plé trípháirteach idir Uachtaránacht na Comhairle, ionadaithe na Parlaiminte agus ionadaithe an Choimisiúin sna seachtainí atá amach romhainn.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024