- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 11 Iúil 2017 15:40
Carcanaiginí nó só-ghineacha ag an obair: Teorainneacha nua nochta leagtha síos ag an gComhairle
Ar an 11 Iúil 2017, d’fhormheas Coiste Buanionadaithe na Comhairle an comhaontú sealadach ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa ar an 28 Meitheamh i ndáil leis an treoir maidir le hoibrithe a chosaint ó nochtadh ar charcanaiginí nó ar shó-ghineacha ar an láthair oibre.
Trí theorainneacha a leagan síos do charcanaiginí agus do shó-ghineacha, féachann an comhaontú seo le dul i ngleic leis an bpríomhchúis báis a bhfuil baint aige leis an obair san Aontas. Táthar ag súil go mbeifear in ann oiread agus 100 000 duine a shábháil sna 50 bliain atá romhainn.
Leagfar síos sa treoir teorainneacha nochta do 11 charcanaigin eile chomh maith leis na cinn a chumhdaítear leis an treoir atá ann ó 2004. Is iad sin: deannach silice criostalta inanálaithe, 1,2-eapocsaprópán, 1,3-bútaidhé-éin, 2-nítreaprópán, aicriolaimíd, comhdhúile áirithe cróimiam (VI), ocsaíd eitiléine, ó-tolúidíní, snáithíní ceirmeacha teasfhulangacha, bróiméitiléin agus hiodraisín.
Athbhreithnítear na teorainneacha do chlóireitiléin agus do dheannaigh chrua-adhmaid sa treoir freisin, i bhfianaise sonraí eolaíocha a tháinig chun cinn le deireanas.
Beidh íoscheanglais ann maidir le fáil réidh le gach carcanaigin agus gach só-ghineach nó a líon a laghdú. Beidh ar fhostóirí na rioscaí atá ann d’oibrithe a bhfuil baint acu le nochtadh ar charcanaiginí (agus ar shó-ghineacha) áirithe a shainaithint agus a mheas, agus ní mór dóibh an nochtadh a chosc áit a bhfuil rioscaí ann.
Is iad seo a leanas na príomhathruithe a rinneadh ar thogra an Choimisiúin:
- Substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh: beidh ar an gCoimisiún a mheas an féidir substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh a chur san áireamh i raon feidhme na treorach faoin gcéad ráithe de 2019 ar a dhéanaí; d'fhéadfadh sé go ndéanfadh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh faoin ábhar seo.
- Cróimiam VI: beidh teorainnluach nochta 0.010 mg/m3 ann ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis dháta trasuite na treorach; tar éis na tréimhse sin, beidh feidhm ag teorainn 0.005 mg/m³. Tá maolú ann don tathú agus do phróisis ghearrtha plasma nó do phróisis chomhchosúla oibre lena ngintear múch: teorainnluach nochta0.025 mg/m3 a bheidh i gceist ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis dháta an trasuite agus 0,005 mg/m3 ina dhiaidh sin.
- Deannaigh chrua-adhmaid: beidh teorainnluach nochta 3 mg/m3 ann ar feadh 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na treorach agus 2 mg/m3 ina dhiaidh sin.
- Deannach silice criostalta inanálaithe: gheall an Coimisiún go bhféachfadh sé an gá an teorainnluach do dheannach silice criostalta inanálaithe a mhodhnú mar chuid den chéad mheastóireacht eile ar chur chun feidhme na treorach.
- Faireachas sláinte: féadfaidh an dochtúir nó an t-údarás atá freagrach as faireachas sláinte oibrithe laistigh de Bhallstáit a chur in iúl nach mór leanúint leis an bhfaireachas sláinte tar éis dheireadh an nochta ar feadh tréimhse a mheasfar a bheith riachtanach chun sláinte an oibrí a chosaint.
Na chéad chéimeanna eile
Glacfaidh an Chomhairle an Treoir nua go foirmiúil ag céim níos déanaí.
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
- @eo_press
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024