Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 17 Iúil 2017 12:17

Conclúidí ón gComhairle maidir le Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

Seo a leanas na conclúidí a ghlac an Chomhairle:

"1. Tá dlús á chur i gcónaí ag Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC) lena cláir núicléacha agus diúracán balaistíoch, agus ar an 4 Iúil 2017, sheol sí diúracán balaistíoch a raibh raon idir-ilchríochach aige. Cáineann an Chomhairle na gníomhaíochtaí sin go láidir, ar rí-léir gur deargshárú iad ar oibleagáidí idirnáisiúnta DPDC mar a leagtar amach i rúin éagsúla ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iad, agus ar bagairt thromchúiseach iad ar an tslándáil agus ar an tsíocháin idirnáisiúnta.

2. Baineann gníomhaíochtaí DPDC an bonn den chóras neamhleata agus dí-armála domhanda ar thacaigh an tAontas go diongbháilte leis ar feadh na mblianta agus cuirtear i bhfios go láidir, leis na gníomhaíochtaí sin, gur gá uilíochas an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBT) a chur chun cinn.

3. Tathantaíonn an Chomhairle ar DPDC géilleadh go hiomlán gan choinníoll agus gan mhoill do na hoibleagáidí atá uirthi faoi na rúin ábhartha uile ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus gan aon ghníomhaíocht chonspóideach eile a dhéanamh a d’fhéadfadh cur leis an teannas réigiúnach agus domhanda.

4. Tá córas smachtbhannaí an Aontais i leith an DPDC ar cheann de na córais is sriantaí dá bhfuil ann. Déanfaidh an Chomhairle a machnamh ar fhreagairtí iomchuí eile i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe tábhachtacha i gcomhréir leis an bplé a dhéanfaidh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, go háirithe trí bhearta sriantacha breise. Ag meabhrú di Rún 2321(2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, is ábhar imní don Chomhairle na gníomhaíochtaí atá ar siúl ag an réimeas chun airgeadra crua a fháil chun a chláir núicléacha agus diúracán balaistíoch a mhaoiniú agus iarrann sí ar stáit a bheith san airdeall.

5. Tacaíonn an Chomhairle le ról ceannródaitheach Phoblacht na Cóiré agus leis an gcaoi ar iarr sí ar DPDC dul i mbun idirphlé fónta inchreidte, lena n-áirítear trí bhearta fothaithe muiníne , chun an teannas a mhaolú agus chun go bhféadfaí oibriú chun dí-armáil núicléach a bheadh iomlán infhíoraithe do-athraithe a bhaint amach i Leithinis na Cóiré agus rúin ábhartha de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme ina n-iomláine. Tá an tAontas réidh chun tacú leis an bpróiseas sin i gcomhairle leis na príomh-chomhpháirtithe.

6. Creideann an Chomhairle go láidir gur le modhanna síochánta amháin a bheifear in ann síocháin agus dí-armáil núicléach fhadtéarmach a bhaint amach ar leithinis na Cóiré. Athdhearbhaíonn an Chomhairle beartas an Aontais maidir le rannpháirtíocht chriticiúil le DPDC, beartas lena nasctar brú agus smachtbhannaí le bearta eile ach lena ndéantar, ag an am céanna, an chumarsáid agus na bealaí idirphlé a choinneáil ar oscailt. Ní críoch ann féin é beartas na rannpháirtíochta criticiúla ach meán chun tathaint ar Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré Rúin na Comhairle Slándála a chomhlíonadh trína cuid clár núicléach, arm ollscriosta agus diúracán balaistíoch a thréigean go hiomlán, go hinfhíoraithe, go do-aisiompaithe, agus dul chun cinn a dhéanamh ar na ceisteanna eile sin is cúis le himní. Áitíonn an Chomhairle ar DPDC dul chun cinn inchreidte a dhéanamh maidir lena hoibleagáidí i ndáil leis an dí-armáil núicléach le go bhféadfar dul i mbun idirbheartaíochta chun réiteach síochánta a bhaint amach.

7. Leagann an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá aontacht an chomhphobail idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo. Tá rannpháirtíocht níos dlúithe le príomh-chomhpháirtithe uile an Aontais sa réigiún agus ar fud an domhain bunriachtanach ina leith sin, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar ghníomhaíochtaí for-rochtana agus trí thacaíocht do chur chun feidhme iomlán smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe ag na tíortha uile.

8. Le cláir arm agus diúracán núicléach DPDC, atreoraítear acmhainní ó na hinfheistíochtaí a theastaíonn san fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch agus san athchóiriú sóisialta agus eacnamaíoch, infheistíochtaí a rachadh chun tairbhe mhuintir DPDC i gcoitinne. Sa chomhthéacs sin, tacaíonn an Chomhairle le sprioc Phoblacht na Cóiré go gcuirfí tús an athuair le hidirphlé idir an dá Chóiré i dtaca le ceisteanna daonnúla.

9. Measann an Chomhairle gur mór an díol náire na sáruithe leanúnacha tromchúiseacha atá á ndéanamh ag réimeas DPDC ar chearta an duine agus tá sí meáite ar leanúint de bheith ag obair lena comhpháirtithe chun aird a tharraingt ar na sáruithe sin, chun an chuntasacht idirnáisiúnta a áirithiú agus chun an brú a choimeád ar DPDC deireadh a chur leis na sáruithe atá á ndéanamh aici ar chearta an duine.”

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024