Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 16 Aibreán 2018 10:35

Glacann an Chomhairle a seasamh maidir le creat dlíthiúil nua in aghaidh iomaíocht trádála éagórach

Ghlac an Chomhairle a seasamh inniu maidir leis an rialachán lena ndéantar nuachóiriú ar ionstraimí cosanta trádála an Aontais, tar éis an chomhaontaithe pholaitiúil ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa i mí na Nollag 2017. Leis an gcéim sin, réitítear an bealach le glacadh críochnaitheach an téacs ag an bParlaimint sna seachtainí amach romhainn.

Leis an rialachán, leasaítear an creat dlí reatha a fhágann gur féidir taraifí níos airde a fhorchur ar allmhairí dumpáilte nó ar allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith d'fhonn feabhas a chur ar chosaint táirgeoirí an Aontais ón damáiste mar gheall ar iomaíocht éagórach. Leis an Rialachán nua tá ionstraimí cosanta trádála an Aontais níos intuartha, níos trédhearcaí agus níos inrochtana, go háirithe i gcomhair fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

“Tá glacadh na n-ionstraimí cosanta trádála nua seo thar a bheith tráthúil. I bhfianaise brú caomhnaitheachta agus bagairtí méadaitheacha ar luachanna agus ar phrionsabail an chórais trádála riailbhunaithe, tá sé ríthábhachtach go mbeidh na huirlisí cearta ag an Aontas Eorpach, agus é ag tacú leis an tsaorthrádáil agus leis an gcóirthrádáil ag an am céanna.” a dúirt Emil Karanikolov, an t-aire a bhfuil freagracht air maidir leis an trádáil sa Bhulgáir, an tír a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle aici faoi láthair

Leis an rialachán atá beartaithe, déanfar an méid a leanas:

  • Trédhearcacht agus intuarthacht bearta sealadacha frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais a mhéadú. Áirítear leis seo tréimhse réamhnochta de thrí seachtaine tar éis don fhaisnéis a chur ar fáil go poiblí nach gcuirfear dleachtanna sealadacha i bhfeidhm lena linn, chomh maith le líontáin slándála bhreise a bhaineann leis an gcarnadh stoic.
  • Go bhféadfar imscrúduithe a sheoladh gan iarraidh oifigiúil ó earnáil na tionsclaíochta, i gcás ina bhfuil díoltas á bhagairt ag tríú tíortha.
  • Go gcuirfear ar chumas na gceardchumann gearáin a chur isteach in éineacht le tionscal, agus a bheith ina bpáirtithe leasmhara sna himeachtaí.
  • Gnáththréimhse an imscrúdaithe a laghdú go dtí tréimhse 7 mí, le tréimhse uasta nach faide ná 8 mí. Caithfear dleachtanna cinntitheacha a fhorchur laistigh de 14 mhí.
  • Go bhféadfar dleachtanna níos airde a fhorchur i gcás saobhadh amhábhair agus i gcás ina seasann na hamhábhair sin, fuinneamh san áireamh, do níos mó ná 17% d'admhálacha nuair a ghlactar iad leo féin. Leis seo, bheifí in ann oiriúnú a dhéanamh ar leibhéal na ndleachtanna a fhorchuirtear faoi riail na dleachta is lú, más chun leas an Aontais é é sin a dhéanamh. Forchuirfear dleachtanna níos airde agus áiritheofar leo spriocbhrabús ar ráta 6% ar a ísle.
  • Cur ar chumas na n-allmhaireoirí aisíocaíocht a fháil ar na dleachtanna a bailíodh le linn imscrúdú ar athbhreithniú maidir le dul in éag i gcásanna nach gcloítear le bearta cosanta trádála.
  • Caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a chur san áireamh nuair atá inghlacthacht gnóthais á meas agus nuair atá corrlach díothaithe díobhála á bhunú.

Glacadh seasamh na Comhairle trí thromlach cáilithe, agus Éire ag staonadh agus an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe ag vótáil in aghaidh. Tá Parlaimint na hEorpa ceaptha le vótáil ar théacs críochnaitheach an rialacháin ag seisiún iomlánach, agus ar an gcaoi sin críoch a chur leis an nós imeachta reachtach ag an dara léamh.

Meastar go ndéanfar síniú foirmiúil an rialacháin in Strasbourg i ndeireadh mhí na Bealtaine. Ba cheart go bhfoilseofaí an rialachán san Iris Oifigiúil go luath ina dhiaidh sin.

Tá an tAontas ag obair ar an gcéad athbhreithniú ó bhonn ar a chuid ionstraimí cosanta trádála ó 1995 i leith
Ionstraimí cosanta trádála an Aontais (Grafaic faisnéise)

Ionstraimí cosanta trádála an Aontais (Grafaic faisnéise)

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024