- An Chomhairle Eorpach
- Preaseisiúint
- 9 Bealtaine 2019 13:00
Dearbhú Sibiu
Táimidne, ceannairí an Aontais Eorpaigh, tagtha le chéile anseo in Sibiu chun a bhfuil i ndán dúinn feasta a phlé agus a scrúdú.
I gceann cúpla seachtain, toghfaidh muintir na hEorpa a gcuid ionadaithe do Pharlaimint na hEorpa, daichead bliain ó rinne siad an ceart bunúsach sin a fheidhmiú den chéad uair. Ar cheann de na héachtaí iomadúla atá bainte amach againn, tá athaontú na hEorpa faoi shíocháin agus faoi dhaonlathas. Ó cuireadh ar bun an chéad lá é, tá an tAontas Eorpach tar éis cobhsaíocht agus rathúnas a leathadh ar fud na hEorpa, bunaithe ar luachanna agus ar shaoirsí an Aontais, laistigh agus lasmuigh dá theorainneacha. Ón am sin i leith, tá fás agus forbairt tagtha air ionas go bhfuil sé anois ina mhórghníomhaí ar an ardán idirnáisiúnta. Faoin tráth seo, is beag nach bhfuil leathbhilliún saoránach san Aontas. Tá margadh iomaíoch aonair aige, bíonn sé ar thús cadhnaíochta sa trádáil dhomhanda agus múnlaíonn sé an pholaitíocht dhomhanda.
Tá an saol ag éirí níos corraithí agus níos dúshlánaí lá i ndiaidh lae. Athdhearbhaímid gur treise sinn ach seasamh le chéile. Tuigimid an fhreagracht atá orainn, mar Cheannairí, an tAontas a neartú agus gealadh a chur faoin am atá le teacht, agus aitheantas á thabhairt againn, san am céanna, don pheirspictíocht Eorpach atá ag Stáit eile de chuid na hEorpa. Sin é an fáth ar thángamar ar chomhaontú inniu, d’aon ghuth, maidir le deich gcinn de ghealltanais a chabhróidh linn an fhreagracht sin a iompar:
- Déanfaimid an t-aon Eoraip amháin a chosaint – Thoir agus Thiar, Thuaidh agus Theas. Tríocha bliain ó shin, throid na milliúin ar son na síochána agus na haontachta agus réab siad anuas an Cuirtín Iarainn a d’fhág an Eoraip scoilte ar feadh na mblianta. Ní mian linn an deighilt óir ní hé ár leas coiteann a leithéid a bheith ann.
- Seasfaimid le chéile más olc maith a thiocfaidh an saol. Seasfaimid gualainn ar ghualainn in am an ghátair. Seasfaimid le chéile i gcónaí. Tig linn labhairt d'aon ghuth agus déanfaimid amhlaidh.
- Féachfaimid de shíor le teacht ar réitigh chomhpháirteacha, agus tabharfaimid cluas éisteachta dá chéile, de mheon tuisceana agus muiníne.
- Leanfaimid dár slí mhaireachtála, den daonlathas agus den smacht reachta a chosaint. Is go daor a saothraíodh cearta doshannta agus saoirsí bunúsacha mhuintir na Eorpa ar fad agus ní dhéanfar dóigh díobh choíche ná go brách. Déanfaimid cosaint ar na luachanna agus na prionsabail chomhpháirteacha atá againn atá cumhdaithe sna Conarthaí.
- Déanfaimid beart san áit ar gá. Beidh aird mhór ag an Eoraip ar na ceisteanna móra. Leanfaimid orainn ag éisteacht le muintir na hEorpa ar fad, lena ndíol imní agus lena ndíol dóchais agus an tAontas á thabhairt níos cóngaraí dár saoránaigh againn, agus gníomhóimid dá réir, le teann uaillmhéine agus dúthrachta.
- Urramóimid prionsabal na córa i gcónaí, más i margadh an tsaothair é, nó i réimsí an leasa, an gheilleagair nó an aistrithe dhigitigh. Déanfaimid na héagothromaíochtaí atá eadrainn a laghdú a thuilleadh agus cuideoimid i gcónaí leis na daoine is leochailí san Eoraip – cuirfimid an duine roimh an bpolaitíocht.
- Cinnteoimid go mbeidh sé d'acmhainn againn ár n-uaillmhianta a chomhlíonadh. Cuirfimid na hacmhainní riachtanacha ar fáil don Aontas chun go mbeidh sé in ann a chuspóirí a bhaint amach agus a bheartais a chur i ngníomh.
- Déanfaimid an todhchaí a chosaint do na hEorpaigh sin a thiocfaidh inár ndiaidh. Infheisteoimid i ndaoine óga agus tógfaimid Aontas a bheidh oiriúnach don todhchaí, a bheidh in ann déileáil leis na dúshláin is práinní sa 21ú haois.
- Déanfaimid ár saoránaigh a chosaint agus a choinneáil slán trí infheistiú inár gcumhacht bhog agus inár gcumhacht chrua agus trí oibriú i gcomhar lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta.
- Is ceannródaí stuama ar leibhéal domhanda a bheidh san Eoraip. Téann na dúshláin atá romhainn inniu i bhfeidhm orainn uile. Leanfaimid de bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe ar fud na cruinne chun an t-ord idirnáisiúnta, bunaithe ar rialacha, a urramú agus a fhorbairt, chun deiseanna trádála nua a thapú a mhéid is féidir agus chun dul i ngleic le saincheisteanna domhanda, mar shampla an comhshaol a chaomhnú agus an t-athrú aeráide a chomhrac, ar bhonn comhpháirteach.
Beidh na cinntí sin i gcomhréir le spiorad agus le fuarlitir na ndeich ngealltanas sin. Is láidre an tAontas atá inniu ann ná an tAontas a bhí inné ann agus táimid ag iarraidh leanúint dá neartú go mbeidh sé faoi réir don lá amárach. Sin é ár gcoimitmint do na glúine atá le teacht. Sin é meon Sibiu agus meon an Aontais nua, Aontas na 27 mBallstát, iad réidh le tabhairt faoina bhfuil ag teacht i dteannta a chéile.
Teagmhálaithe preasa
-
Beatriz Navarro Deputy spokesperson for the European Council President
- +32 471 33 22 92
- +32 2 281 51 50
- @beanavarro
- @beanavarro.bsky.social
-
Maria Tomasik Spokesperson for the European Council President
- +32 470 88 23 83
- +32 2 281 51 50
- @maria_tomasik
- @mariatomasik.bsky.social
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 26 Márta 2025