- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 1 Nollaig 2020 23:15
An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir le rialacha an bheartais comhtháthaithe
Tháinig Uachtaránacht na Gearmáine ar an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir leis na rialacha nuashonraithe lena rialaítear na cistí struchtúracha arb iad is bonn ag beartas an Aontais maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach.
Cumhdaítear sa chomhaontú an chuid is mó de théacs an dréachtrialacháin nua maidir le forálacha coiteanna (CPR). Déantar comhdhlúthú sa phíosa uileghabhálach reachtaíochta seo ar na rialacha a bhaineann le hocht gcinn de chistí agus is leis a rialófar na cláir a bheidh le glacadh sa tréimhse 2021-2027.
Thar aon ní eile, sainítear ann cúig chuspóir nua beartais lena léirítear tosaíochtaí polaitiúla an Aontais agus lena gcinnfear réimsí na hinfheistíochta a mhaoineofar as na cistí:
- Eoraip níos cliste – claochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste
- Eoraip níos glaise a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin
- Eoraip níos nasctha – an tsoghluaisteacht agus an nascacht réigiúnach TFC
- Eoraip níos sóisialta – cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta
- Eoraip atá níos giorra do na saoránaigh – forbairt inbhuanaithe chomhtháite limistéar uirbeach, tuaithe agus cósta trí thionscnaimh áitiúla.
Tugtar roinnt athruithe isteach leis an dréachtrialachán freisin, amhail:
- an rómhaorlathas a laghdú do na húdaráis bhainistíochta
- an tsolúbthacht a mhéadú chun acmhainní a leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtúla
- an nasc leis an Seimeastar Eorpach a neartú
- coinníollacha cumasúcháin a thabhairt isteach a chuirfear ó thús deireadh na clárthréimhse, amhail faireachán éifeachtach ar sholáthar poiblí, comhlíonadh na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus cur i bhfeidhm Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas
- athbhreithniú meántéarmach nua a dhéanamh in 2025 chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh go leordhóthanach sna cláir ar na dúshláin nua a thiocfaidh chun cinn sna blianta amach romhainn
- sásra nua um fhaireachán na haeráide a thabhairt isteach mar rannchuidiú mór ó na cistí struchtúracha chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach
Freagairt ar ghéarchéimeanna
Chonacthas le linn phaindéim COVID-19 an ról lárnach a bhí ag an gcreat comhtháthaithe reatha ó thaobh tacaíocht a chur ar fáil go pras do na Ballstáit chun dul i ngleic le héifeachtaí tosaigh na paindéime. Bunaithe ar an dea-chor sin, agus de fhreagairt ar imthosca eisceachtúla agus neamhghnácha, táthar tar éis foráil nua a thabhairt isteach faoina gceadófar bearta sealadacha tráth a mbeidh cistí á n-úsáid.
Ina theannta sin, ó tharla gur fhág an phaindéim a lorg ar an ngeilleagar, beidh solúbthacht bhreise ag na Ballstáit chun acmhainní a aistriú idir na cistí chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar a gcuid riachtanais shonracha.
Réigiúin agus cómhaoiniú
Faoin rialachán nua seo, Rialachán na bhForálacha Coiteanna, déantar athchóiriú de bheagán ar thairseacha na dtrí chatagóir réigiún:
- réigiúin bheagfhorbartha - ag a bhfuil OTI per capita faoi bhun 75 % de mheán an Aontais
- réigiúin trasdula - ag a bhfuil OTI per capita idir 75 % agus 100 % de mheán an Aontais
- réigiúin níos forbartha - ag a bhfuil OTI per capita os cionn 100 % de mheán an Aontais
Beidh ar na Ballstáit féin ranníocaíochtaí a dhéanamh le gach clár comhtháthaithe anuas ar an maoiniú a thiocfaidh ón Aontas. Chomhaontaigh na comhreachtóirí nach mbeadh sciar acmhainní an Aontais níos airde ná:
- 85 % do na réigiúin bheagfhorbartha agus na réigiún is forimeallaí
- 70 % do réigiúin trasdula a aicmíodh mar réigiúin bheagfhorbartha sa tréimhse 2014-2020
- 60 % do réigiúin trasdula
- 50 % do réigiúin níos forbartha ba ghnáth a aicmiú go nuige seo mar réigiúin trasdula
- 40 % le haghaidh na réigiúin níos forbartha
Ní thacóidh an Ciste Comhtháthaithe ach leis na Ballstáit sin ar lú ná 90 % de mheán an Aontais an OIN per capita atá acu. Ní sháróidh ráta cómhaoinithe an Aontais 85 %.
Is iad Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus an Ciste Comhtháthaithe na príomhchistí struchtúracha agus infheistíochta. Is cuid den Chomhaontú Glas don Eoraip é an Ciste um Aistriú Cóir. Is é is aidhm do na cláir a mhaoinítear leis na cistí sin na héagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta, laistigh de na Ballstáit agus ar fud na hEorpa, a laghdú, agus an margadh aonair a threisiú dá réir.
Na chéad chéimeanna eile
Cuirfidh na comhreachtóirí bailchríoch ar théacs iomlán an dréachtrialacháin, faoi Uachtaránacht na Portaingéile, sna chéad mhíonna de 2021.
Teagmhálaithe preasa
-
Svetla Bobeva Preasoifigeach
- +32 2 281 60 92
- +32 473 53 32 41
- @Svetla_Bv
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024