Skip to content
  • An Chomhairle Eorpach
  • Preaseisiúint
  • 8 Bealtaine 2021 11:45

Dearbhú Porto

1. Cuirimid i dtreis a thábhachtaí atá aontacht agus dlúthpháirtíocht na hEorpa i gcomhrac phaindéim COVID-19. Is iad na luachanna sin a shainigh freagairt shaoránaigh na hEorpa ar an ngéarchéim seo agus is iad freisin atá i gcroílár ár dtionscadail choitinn agus ár samhla sóisialta sainiúla. Níos mó ná riamh, ní mór gurb í an Eoraip mór-roinn an chomhtháthaithe shóisialta agus an rathúnais. Athdhearbhaímid an gealltanas a thugamar go n-oibreoimis ionsar Eoraip shóisialta.

2. Ó thosaigh paindéim COVID-19, rinneadh na milliúin duine, post agus gnólacht a chosaint i ngeall ar ghníomhaíocht ghasta, chriticiúil, chuimsitheach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

3. Is trí mheon na haontachta agus na dlúthpháirtíochta céanna sin a spreagadh an comhaontú stairiúil ar thángamar air i mí Iúil na bliana 2020 maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil agus an iarracht shonrach Téarnaimh faoi Next Generation EU. Anois agus dlús á chur againn leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, cuirfidh an infheistíocht ollmhór Eorpach seo agus na hathchóirithe gaolmhara an tAontas agus na Ballstáit go daingean ar bhóthar an athchóirithe ionsar théarnamh cothrom, inbhuanaithe agus athléimneach. Le téarnamh comhchoiteann cuimsitheach tráthúil comhtháite, neartófar iomaíochas, athléimneacht agus gné shóisialta na hEorpa agus treiseofar ról na hEorpa os comhair an domhain mhóir.

4. Is díol sásaimh dúinn an chomhdháil ardleibhéil a d’eagraigh Uachtaránacht na Portaingéile i gcomhthéacs Chruinniú Mullaigh Sóisialta Porto agus tugaimid dár n-aird toradh na comhdhála sin. Is gné bhunúsach den téarnamh é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ach an Colún a chur chun feidhme, neartófar dua an Aontais ionsar aistriú digiteach, glas agus cothrom a bhaint amach agus cuideofar le cóineasú sóisialta agus eacnamaíoch aníos a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhéimeagrafacha. Bhí an ghné shóisialta, an t-idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta riamh i gcroílár an gheilleagair shóisialta mhargaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar. Ciallaíonn ár dtiomantas don aontacht agus don dlúthpháirtíocht freisin nach mór a áirithiú go mbeidh comhdheiseanna ann do chách agus nach bhfágfar aon duine ar lár.

5. Mar a bunaíodh le Clár Oibre Straitéiseach an Aontais Eorpaigh 2019-2024, tá sé de rún daingean againn leanúint de chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a dhoimhniú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus aird chuí á tabhairt ar ár gcuid inniúlachtaí faoi seach agus ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Tugtar treoir úsáideach sa Phlean Gníomhaíochta a thíolaic an Coimisiún an 4 Márta 2021 maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, lena n-airítear i réimsí na fostaíochta, scileanna, sláinte agus na cosanta sóisialta freisin.

6. Is díol sásaimh dúinn príomhspriocanna nua an Aontais maidir le poist, scileanna agus laghdú na bochtaineachta agus an Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe a mholtar sa Phlean Gníomhaíochta a chuideoidh chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ionsar chur chun feidhme phrionsabail an Cholúin Shóisialta, agus imthosca éagsúla náisiúnta á gcur san áireamh, agus mar chuid den chreat comhordúcháin beartais i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

7. Agus an Eoraip ag teacht chuici féin de réir a chéile tar éis phaindéim COVID-19, is é ár dtosaíocht bogadh ó chosaint post go cruthú post agus feabhsú cháilíocht na bpost, áit a mbeidh ról tábhachtach ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (lena n-áirítear fiontair shóisialta). Beidh cur chun feidhme na bprionsabal atá i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta ríthábhachtach chun a áirithiú go gcruthófar níos mó post agus poist níos fearr do chách faoi chuimsiú téarnamh cuimsitheach. I ndáil leis sin, ba cheart an obair reachtach agus neamhreachtach ábhartha a thabhairt chun cinn ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát.

8. Beidh an t-oideachas agus scileanna i gcroílár ár ngníomhaíochta polaitiúla againn. Leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, tabharfar deiseanna as cuimse do shaoránaigh na hEorpa ach is iomaí dúshlán a thabharfaidh na haistrithe sin leo freisin, rud a éileoidh tuilleadh infheistíochta san oideachas, sa ghairmoiliúint, san fhoghlaim ar feadh an tsaoil, san uas-sciliú agus san athsciliú, ionas go spreagfar aistrithe fostaíochta chuig earnálacha ina bhfuil éileamh méadaitheach ar shaothar. San am céanna, caithfear aird ar leith a thabhairt ar athruithe a bhaineann le digiteáil, intleacht shaorga, teilea-obair agus geilleagar na n-ardán d’fhonn cearta oibrithe, córais slándála sóisialta agus an tsláinte agus an tsábháilteacht ceirde a atreisiú.

9. Táimid tiomanta an éagothromaíocht a laghdú, pá cothrom a chosaint, an t-eisiamh sóisialta a chomhrac agus an bhochtaineacht a ghleic, agus díriú ar an gcuspóir comhrac na bochtaineachta leanaí a shaothrú agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí eisiaimh atá ann do ghrúpaí sóisialta fíorleochaileacha amhail daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas nó daoine gan dídean.

10. Cuirfimid dlús leis na hiarrachtaí an t-idirdhealú a chomhrac agus oibreoimid go gníomhach chun bearnaí idir na hinscní san fhostaíocht agus i gcúrsaí pá agus pinsin a dhruidim agus chun comhionannas agus cothroime a chur chun cinn do gach duine den tsochaí, i gcomhréir le bunphrionsabail an Aontais Eorpaigh agus le prionsabal 2 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

11. Tabharfaimid tús áite don ghníomhaíocht a thacóidh le daoine óga, dream atá thíos go mór le géarchéim COVID-19 agus a bhfuil a rannpháirtíocht i margadh an tsaothair agus ar a bpleananna oideachais agus oiliúna curtha trína chéile aici. Is foinse riachtanach dinimicis, tallainne agus cruthaitheachta don Eoraip iad na daoine óga. Ní mór dúinn a áirithiú gurb iadsan a thiomáinfidh an téarnamh cuimsitheach glas digiteach a chuideoidh le hEoraip na todhchaí a chur ar bun, lena n-áirítear trí leas a bhaint as acmhainneacht iomlán Erasmus + chun soghluaisteacht ar fud na hEorpa a chothú do gach mac agus iníon léinn agus do gach printíseach.

12. Cuirimid i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé súil ghéar a choinneáil ar an dul chun cinn a dhéantar chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus príomhspriocanna an Aontais do 2030 a chur chun feidhme, lena n-áirítear ar an leibhéal is airde.

13. Is díol sásaimh dúinn, mar theist eile ar rathúlacht an idirphlé shóisialta Eorpaigh, go bhfuil moladh comhpháirteach déanta ag na Comhpháirtithe Sóisialta Eorpacha le haghaidh tacar malartach táscairí chun an dul chun cinn eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a thomhas a dhéanfadh forlíonadh ar OTI mar bheart leasa don fhás cuimsitheach inbhuanaithe.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Eanáir 2025