"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An pacáiste ‘Oiriúnach do 55’: Tá an Chomhairle tagtha ar chur chuige ginearálta maidir le laghduithe astaíochtaí agus an tionchar sóisialta a bheidh acu
Ghlac an Chomhairle a seasaimh chaibidlíochta (cur chuige ginearálta) maidir le tograí reachtacha tábhachtacha sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Cuirfidh an pacáiste, a thíolaic an Coimisiún Eorpach an 14 Iúil 2021, ar chumas an Aontais Eorpaigh a ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 le hais leibhéil 1990 agus an aeráidneodracht a bhaint amach in 2050.
Is céim ríthábhachtach é an méid a baineadh amach, faoi stiúir Uachtaránacht na Fraince, maidir le comhaontú idir na Ballstáit i dtaca leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ i ndáil lenár gcuspóirí aeráide laistigh de phríomhearnálacha an gheilleagair a bhaint amach. Maidir leis an aistriú éiceolaíoch agus fuinnimh, beidh gá le rannchuidiú ó na hearnálacha agus na Ballstáit uile, ar bhealach cothrom cuimsitheach. Tá an Chomhairle réidh anois le dul i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa maidir leis an bpacáiste a thabhairt chun críche, rud a chuirfidh an tAontas Eorpach níos mó ná riamh ar thús cadhnaíochta i gcomhrac an athraithe aeráide.
Agnès Pannier-Runacher, Aire na Fraince um an aistriú fuinnimh
Ghlac na Ballstáit comhsheasamh maidir le córas trádála astaíochtaí an Aontais (CTA AE), comhroinnt díchill idir na Ballstáit sna hearnálacha nach mbaineann le trádáil astaíochtaí (an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill), astaíochtaí agus aistrithe ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF), ciste aeráide sóisialta (SCF) a chur ar bun agus caighdeáin feidhmíochta nua maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin agus veaineanna.
Leis na comhaontaithe sin, réitítear an bealach don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.
Córas trádála astaíochtaí an Aontais
Is margadh carbóin é Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA) atá bunaithe ar chóras teorannaithe agus trádála astaíochtaí lamháltas astaíochtaí do thionscail dianfhuinnimh agus don earnáil giniúna cumhachta.
Chomhaontaigh an Chomhairle go gcoinneofaí an uaillmhian fhoriomlán de laghduithe 61% ar astaíochtaí faoi 2030 sna hearnálacha a chumhdaítear le CTA AE, mar a mhol an Coimisiún.
Chomhaontaigh an Chomhairle freisin laghdú aonuaire de 117 milliún lamháltas a dhéanamh ar an uasteorainn fhoriomlán astaíochtaí (‘athbhunú’) agus ráta laghdaithe bliantúil de 4.2% in aghaidh na bliana ar an uasteorainn a mhéadú (‘fachtóir laghdaithe línigh’).
D’fhormhuinigh an Chomhairle an togra maidir le cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh (MSR) a neartú, tríd an méadú ar ráta iontógála bliantúil na lamháltas (24%) a fhadú go dtí tar éis 2023 agus tairseach de 400 milliún lamháltas a shocrú, agus nach bhfuil lamháltais os cionn an luacha sin a bhí curtha sa chúlchiste bailí a thuilleadh.
Chomhaontaigh an Chomhairle go ndéanfaí seoladh an tsásra lena ngníomhachtaítear scaoileadh na gcuótaí MSR ar an margadh, i gcás ardú iomarcach praghsanna, uathoibríoch agus níos frithghníomhaí.
A mhéid a bhaineann leis na hearnálacha a chumhdaítear leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (CBAM), d’fhormhuinigh an Chomhairle an togra maidir le deireadh a chur le lamháltais saor in aisce do na hearnálacha a mbaineann an CBAM leo de réir a chéile, thar thréimhse 10 mbliana idir 2026 agus 2035. Mar sin féin, ghlac an Chomhairle le laghdú níos moille ag an tús agus le ráta laghdaithe luathaithe ag deireadh na tréimhse 10 mbliana sin. Beifear in ann tacú le dícharbónú na n-earnálacha sin tríd an gCiste don Nuálaíocht. D’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún freisin faireachán a dhéanamh ar thionchar CBAM, lena n-áirítear ar sceitheadh carbóin tráth an onnmhairithe, agus a mheas an raibh gá le bearta breise.
Maidir leis an gCiste don Nuachóiriú, choinnigh an Chomhairle an méadú ar mhéid an chiste trí 2.5% breise den uasteorainn a chur ar ceant, an méadú ar sciar na n-infheistíochtaí tosaíochta go dtí 80%, agus earnálacha incháilithe nua a chur leis, mar a mhol an Coimisiún. Chinn an Chomhairle cur le liosta na mBallstát a bhaineann leas as an gCiste don Nuachóiriú. I bprionsabal, ní bheidh tionscadail gáis nádúrtha incháilithe don Chiste. Mar sin féin, thug an Chomhairle beart idirthréimhseach isteach lenar féidir le tairbhithe an Chiste leanúint de thionscadail gáis nádúrtha a mhaoiniú faoi choinníollacha áirithe.
Neartaigh an Chomhairle freisin forálacha áirithe den Chiste don Nuálaíocht, go háirithe maidir leis na hacmhainní atá dírithe ar rannpháirtíocht i dtionscadail a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos cothroime ó thaobh geografaíochta de, agus prionsabal an bharr feabhais i leithdháileadh tionscadal á chaomhnú ag an am céanna. Chomhaontaigh an Chomhairle aird ar leith a thabhairt ar dhícharbónú na hearnála muirí faoin gCiste don Nuálaíocht.
D’fheabhsaigh an Chomhairle rialachas agus trédhearcacht an dá chiste.
Féadfar saor-leithdháileadh idirthréimhseach breise a thabhairt faoi choinníollacha áirithe d’earnáil an téimh ceantair i mBallstáit áirithe faoi réir coinníollacha áirithe, chun dícharbónú na hearnála sin a spreagadh.
Chomhaontaigh an Chomhairle astaíochtaí loingseoireachta muirí a áireamh faoi raon feidhme CTA AE. Leis an gcur chuige ginearálta, glactar leis an togra ón gCoimisiún maidir le hoibleagáidí a thabhairt isteach de réir a chéile do chuideachtaí loingseoireachta maidir le lamháltais a thabhairt suas. Ós rud é gurb iad na Ballstáit a bhraitheann go mór ar mhuiriompar a bheidh thíos leis seo ar ndóigh, chomhaontaigh an Chomhairle 3.5% d’uasteorainn na lamháltas ceantáilte a athdháileadh ar na Ballstáit sin. Ina theannta sin, cuirtear san áireamh sa chur chuige ginearálta sainiúlachtaí geografacha agus moltar bearta idirthréimhseacha d’oileáin bheaga, do loingseoireacht gheimhridh agus do thurais a bhaineann le hoibleagáidí seirbhíse poiblí, agus treisítear bearta chun dul i ngleic leis an mbaol atá ann maidir le sceitheadh carbóin san earnáil mhuirí.
Áirítear sa chur chuige ginearálta astaíochtaí neamh-CO2 sa Rialachán maidir le MRV ó 2024 amach agus tugtar isteach clásal athbhreithnithe lena gcur san áireamh in CTA AE ina dhiaidh sin.
Chomhaontaigh an Chomhairle córas nua trádála astaíochtaí ar leithligh a chruthú d’earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar. Beidh feidhm ag an gcóras nua maidir le dáileoirí a sholáthraíonn breoslaí lena dtomhailt in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar. Mar sin féin, cuirfear moill aon bhliain amháin le tús na ceantála agus na n-oibleagáidí chun tabhairt suas i gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún (lamháltais a chur ar ceant ó 2027 ar aghaidh agus an oibleagáid chun tabhairt suas ó 2028 ar aghaidh). D’fhanfadh an chonair laghdaithe astaíochtaí agus an fachtóir laghdaithe línigh a socraíodh ag 5.15 ó 2024 agus 5.43 ó 2028 mar a mhol an Coimisiún. Choinnigh an Chomhairle an togra chun 30% breise den mhéid ceantála a chur ar ceant don chéad bhliain de sheoladh an chórais, ionas go n-éireoidh go geal leis (‘tús-ualú’).
Thug an Chomhairle rogha a bheith páirteach isteach i gcás na mbreoslaí iontaise uile. Thug sí isteach ceanglais shimplithe maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú do sholáthraithe beaga breosla.
Chuir an Chomhairle isteach deis shealadach do gach Ballstát soláthraithe a dhíolmhú ó lamháltais a thabhairt suas go dtí mí na Nollag 2030, má tá siad faoi réir cáin charbóin ar an leibhéal náisiúnta, a bhfuil a leibhéal coibhéiseach nó níos airde ná an praghas ceantála le haghaidh lamháltais in CTA don earnáil foirgneamh agus iompair.
Chomhaontaigh an Chomhairle deireadh a chur de réir a chéile le lamháltais astaíochtaí saor in aisce d’earnáil na heitlíochta de réir a chéile faoi 2027 agus an togra a ailíniú leis an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA). Beidh feidhm ag CTA an Aontais maidir le heitiltí laistigh den Eoraip (lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe agus an Eilvéis), agus beidh feidhm ag CORSIA maidir le hoibreoirí de chuid an Aontais i gcás eitiltí lasmuigh den Eoraip chuig tríú tíortha agus uathu atá rannpháirteach in CORSIA. Chomhaontaigh an Chomhairle 20 milliún de na lamháltais saor in aisce a bhfaighfear réidh leo de réir a chéile a chur i leataobh chun na costais bhreise a bhaineann le húsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chúiteamh. Ina theannta sin, cuirtear san áireamh i gcomhaontú na Comhairle cúinsí sonracha geografacha agus, sa chomhthéacs sin, moltar maoluithe idirthréimhseacha teoranta.
Ciste aeráide sóisialta
Chomhaontaigh an Chomhairle Ciste Aeráide Sóisialta a bhunú chun tacú le teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair chun tacú le córas trádála astaíochtaí a chruthú d’earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar.
Chuirfeadh gach Ballstát ‘plean aeráide sóisialta’ faoi bhráid an Choimisiúin, ina mbeadh bearta agus infheistíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na praghsála carbóin ar shaoránaigh leochaileacha. Leis an gciste, cuirfear tacaíocht airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a sainaithníodh ina bpleananna a mhaoiniú, chun éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh a mhéadú, foirgnimh a athchóiriú, dícharbónú a dhéanamh ar chórais téimh agus aerchóiriúcháin i bhfoirgnimh agus glacadh modhanna soghluaisteachta agus iompair astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, lena n-áirítear bearta lena gcuirtear tacaíocht ioncaim dhíreach ar fáil ar bhealach sealadach agus teoranta.
Chomhaontaigh an Chomhairle go mbeadh an ciste mar chuid de bhuiséad an Aontais agus go gcuirfí ioncam sannta seachtrach suas go huasmhéid 59 mbilliún euro leis. Leis an struchtúr buiséadach sin, bheadh an ciste in ann leas a bhaint as sraith ráthaíochtaí a bheadh nasctha leis an mbuiséad Eorpach, gan creat airgeadais ilbhliantúil an Aontais a athoscailt.
Bhunófaí an ciste i gcaitheamh na tréimhse ó 2027 go 2032, agus bheadh sé i gcomhthráth le teacht i bhfeidhm CTA d’earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar, agus bheadh incháilitheacht chúlghabhálach caiteachais i gceist ón 1 Eanáir 2026.
Chinn an Chomhairle uasteorainn 35% de chostais iomlána mheasta na bpleananna aeráide sóisialta a chur i bhfeidhm maidir leis an deis a bheith ag na Ballstáit tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach a thairiscint.
Chomhaontaigh an Chomhairle go rachadh an ciste chun tairbhe na mBallstát uile agus choimeád sí an modh leithdháilte a mhol an Coimisiún. Chinn an Chomhairle gan an ranníocaíocht náisiúnta (cómhaoiniú) dá bhforáiltear sa togra ón gCoimisiún a choinneáil. Maidir le modh bainistíochta an Chiste, roghnaigh an Chomhairle bainistíocht dhíreach ar fheidhmíocht mar aon le gnéithe den bhainistíocht chomhroinnte. Chinn sí, dá bhrí sin, an deis a thabhairt do na Ballstáit cúnamh teicniúil a fháil chun bearta an Phlean a chur chun feidhme.
An Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill
Chomhaontaigh an Chomhairle sprioc laghdaithe 40% maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ar leibhéal an Aontais i gcomparáid le 2005, do na hearnálacha nach gcumhdaítear le CTA, eadhon muiriompar intíre, talmhaíocht, dramhaíl agus tionscail bheaga. Clúdófar earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar faoin gCóras Trádála Astaíochtaí nua agus faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill araon. Gineann na hearnálacha sin le chéile thart ar 60% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais faoi láthair.
Chomhaontaigh an Chomhairle go gcoinneofaí na spriocanna náisiúnta méadaithe a sannadh do gach Ballstát, mar a mhol an Coimisiún. Chuir sí isteach tagairt gur gá iarrachtaí uile na mBallstát a chóineasú le himeacht ama chun cuspóirí an rialacháin a bhaint amach, agus imthosca sonracha náisiúnta á gcur san áireamh ag an am céanna. Chomhaontaigh an Chomhairle nach ndéanfaí conairí líneacha na n-astaíochtaí do gach Ballstát a choigeartú in 2025 ach amháin i gcás ina dtiocfadh as sin teorainneacha bliantúla níos airde don Bhallstát lena mbaineann, ar chúiseanna intuarthachta agus chun tionchar imeachtaí gan choinne amhail paindéim COVID-19 ar astaíochtaí a chur san áireamh.
Go háirithe, méadaítear leis an gcur chuige ginearálta méid na gcuótaí bliantúla astaíochtaí is féidir a aistriú idir na Ballstáit go 10% i ndáil leis na blianta 2021 go 2025, agus 20% i ndáil leis na blianta 2026 go 2030. Leis an téacs freisin, déantar na malartuithe sin níos trédhearcaí, go háirithe trí oibleagáidí tuairiscithe feabhsaithe. Leis an téacs éascaítear solúbthacht an chórais trádála astaíochtaí a úsáid lena gceadaítear do naoi mBallstát méid teoranta lamháltas CTA a úsáid chun astaíochtaí a fhritháireamh sna hearnálacha ina bhfuil comhroinnt díchill ó 2021 go 2030. Chomh maith leis sin, déantar na socruithe maidir le húsáid an chúlchiste bhreise atá molta ag an gCoimisiún níos solúbtha. Ina theannta sin, coimeádtar ann an togra chun an tsolúbthacht a bhaineann le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF) a roinnt ina dhá thréimhse.
Úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht
Cuimsíonn earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta (LULUCF) úsáid ithreacha, crann, plandaí, bithmhaise agus adhmaid. Cuirtear astaíochtaí agus ionsúcháin arna nginiúint ag earnáil LULUCF san áireamh i sprioc fhoriomlán an Aontais do 2030.
Dhearbhaigh an Chomhairle cuspóir foriomlán 310 Mt CO2 de ghlan-aistrithe a shocrú ar leibhéal an Aontais in earnáil LULUCF in 2030. Is ionann sin agus méadú de thart ar 15% ar aistrithe i gcomparáid leis an lá atá inniu ann. Leanfar d’fheidhm a bheith ag na rialacha reatha nach sáraíonn astaíochtaí na haistrithe (an ‘gealltanas faoi thoradh neodrach nó dearfach’) ó 2021 go 2025. Don tréimhse 2026 go 2030, beidh sprioc cheangailteach náisiúnta ag gach Ballstát do 2030. Ina theannta sin, leag an Chomhairle síos gealltanas do gach Ballstát suim glanastaíochtaí gás ceaptha teasa agus glanaistrithe gás ceaptha teasa a bhaint amach don tréimhse iomlán ó 2026 go 2030 (‘buiséad 2026-2030’). Bunófar an buiséad ar chonair luachanna bliantúla táscacha. Chinn an Chomhairle go gcoinneofaí leithdháileadh na spriocanna i measc na mBallstát, mar a mhol an Coimisiún.
Chomhaontaigh an Chomhairle feabhas a chur ar sholúbthachtaí chun tacú leis na Ballstáit a bhfuil deacrachtaí acu a gcuid spriocanna a bhaint amach mar gheall ar thosca nach bhfuil neart acu orthu agus a bhfuil tionchar acu ar an earnáil LULUCF, ar choinníoll go gcomhlíonann an tAontas ina iomláine a sprioc do 2030.
Go háirithe, thug an Chomhairle isteach solúbthacht bhreise atá nasctha le héifeachtaí an athraithe aeráide agus ithreacha orgánacha, bunaithe ar chritéir agus ar tháscairí atá oibiachtúil agus intomhaiste. Chun rochtain a bheith acu ar an tsolúbthacht sin, beidh ar na Ballstáit lena mbaineann fianaise a chur faoi bhráid an Choimisiúin de réir modheolaíochta atá sainithe go maith. Thairis sin, chinn an Chomhairle leanúint den rogha astaíochtaí ó shuaitheadh nádúrtha a eisiamh ó chuntais LULUCF le linn na tréimhse 2026-2030, faoi réir gan an cúiteamh as suaitheadh nádúrtha faoi sholúbthachtaí a úsáid.
Dhearbhaigh an Chomhairle gur baineadh an rogha maidir le creidmheasanna LULUCF a bhancáil idir an dá thréimhse chomhlíonta (2021-2025 agus 2026-2030).
Chomhaontaigh an Chomhairle go gcuirfeadh an Coimisiún tuarascáil isteach laistigh de 6 mhí ón gcéad stocáireamh domhanda faoi Chomhaontú Pháras (atá le cur i gcrích in 2023), maidir le cuspóirí a leagan síos don earnáil talún tar éis 2030, astaíochtaí gás ceaptha teasa ó thalmhaíocht nach astaíochtaí CO2 iad a áireamh faoi raon feidhme an rialacháin agus spriocanna tar éis 2030 a leagan síos d’earnáil na húsáide talún.
Caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna
Chomhaontaigh an Chomhairle na spriocanna maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú do ghluaisteáin nua agus veaineanna nua a ardú faoi 2030 go 55% do ghluaisteáin agus go 50% do veaineanna. Chomhaontaigh an Chomhairle freisin sprioc 100% maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú a thabhairt isteach faoi 2035 do ghluaisteáin agus veaineanna nua.
Áiritheofar go gcuirfear ar chumas tiománaithe a bhfeithiclí a athluchtú ar fud na mBallstát trí athbhreithniú gaolmhar a dhéanamh ar chur in úsáid bonneagair breoslaí malartacha (AFIR).
In 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh i dtreo na spriocanna maidir le laghdú 100% ar astaíochtaí a bhaint amach agus ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna sin agus forbairtí teicneolaíocha á gcur san áireamh, lena gcuimsítear maidir le teicneolaíochtaí hibrideacha inluchtaithe agus an tábhacht a bhaineann le haistriú inmharthana agus cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de i dtreo astaíochtaí nialasacha.
Chomhaontaigh an Chomhairle deireadh a chur leis an sásra dreasachta rialála le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle (ZLEV) amhail ó 2030.
Na chéad chéimeanna eile
Anois agus a seasaimh maidir leis na tograí comhaontaithe ag an gComhairle, is féidir tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa chun teacht ar chomhaontú maidir leis na téacsanna dlíthiúla críochnaitheacha.