Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 28 Meitheamh 2022

Na príomhthorthaí

An pacáiste ‘Oiriúnach do 55’

Tháinig na hairí comhshaoil ar chur chuige ginearálta maidir leis na comhaid seo a leanas den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’:

  • athbhreithniú ar an scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa (EU ETS)
  • athbhreithniú ar an Rialachán maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit (an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill)
  • athbhreithniú ar an Rialachán maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF)
  • athbhreithniú ar na rialacha i ndáil le caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaíCO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus dʼfheithiclí tráchtála éadroma nua
  • an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta
Agnès Pannier-Runacher, Aire na Fraince um an aistriú fuinnimh
Agnès Pannier-Runacher, Aire na Fraince um an aistriú fuinnimh
Agnès Pannier-Runacher, Aire na Fraince um an aistriú fuinnimh

Beidh ról tábhachtach ag na tograí sin maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú laistigh de phríomhearnálacha an gheilleagair. Is rannchuidiú tábhachtach iad chun sprioc fhoriomlán an Aontais a bhaint amach, is é sin laghdú 55% ar a laghad a dhéanamh ar na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990.

Dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí

Tháinig na hairí ar chur chuige ginearálta i ndáil le togra ón gCoimisiún maidir le tomhaltas táirgí ó shlabhraí soláthair a bhaineann le dífhoraoisiú nó díghrádú foraoise a laghdú a mhéid is féidir.

Is é is aidhm don togra sin a chinntiú nach gcuirfidh táirgí a bhíonn á n-úsáid ar mhargadh an Aontais le dífhoraoisiú ná le díghrádú foraoisí ar fud an domhain.

D’fhoilsigh an Coimisiún an togra le haghaidh rialacháin an 17 Samhain 2021. Is é fairsingiú an talaimh talmhaíochta is cionsiocair leis an dífhoraoisiú domhanda agus an dhíghrádú foraoise, rud a luaitear le táirgeadh na dtráchtearraí siúd a áirítear faoi raon feidhme an rialacháin. Ós rud é gur mhó an t-allmhairiú a dhéanann an tAontas ar thráchtearraí den sórt sin, is féidir leis an Aontas an tionchar atá aige ar an dífhoraoisiú domhanda agus ar an díghrádú foraoise a laghdú trí rialacha nua a ghlacadh chun na tráchtearraí sin a rialú ar theacht isteach dóibh i margadh an Aontais agus ag onnmhairiú as an Aontais dóibh. Is féidir sin a dhéanamh ar bhealach lena gcuirfear táirgí chun cinn ‘nach mbeidh dífhoraoisiú mar thoradh orthu’ agus ar bhealach lena gcinnteofar slabhraí soláthair nach mbeidh dífhoraoisiú mar thoradh orthu.

Loingsithe dramhaíola

Thíolaic an Uachtaránacht tuarascáil ar dhul chun cinn an phlé maidir le togra le haghaidh rialacháin chun rialacha an Aontais maidir le loingsiú dramhaíola a dhéanamh níos doichte. Is é is aidhm don togra a áirithiú nach n-easpórtálfaidh an tAontas a dhúshláin dramhaíola chuig tríú tíortha. Tá sé mar aidhm aige freisin iompar dramhaíola lena hathúsáid agus lena hathchúrsáil a éascú san Aontas. Ar deireadh, tá sé mar aidhm aige loingsithe neamhdhleathacha dramhaíola a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí.

Cúrsaí eile

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi na príomhchruinnithe idirnáisiúnta a tionóladh le déanaí.

Chuir an Coimisiún eolas ar fáil do na hairí faoi thograí reachtacha áirithe atá ar feitheamh.

  • An Rialachán maidir le Gás Ceaptha Teasa Fluairínithe
  • Athbhreithniú ar an Treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha
  • Rialachán maidir le héicidhearthóireacht táirgí
  • Rialachán maidir le cuspóirí athchóirithe an dúlra

Cuireann an tSualainn na hairí ar an eolas faoin toradh a bhí ar chomhdháil Stócólm + 50. Chuir an Chipir na hairí ar an eolas faoin 9ú comhdháil aireachta dar teideal ʻComhshaol don Eoraip’.

Ar deireadh, chuir Poblacht na Seice i láthair clár oibre a huachtaránachta inteachta.

Ghlac an Chomhairle, gan díospóireacht, na míreanna ‘A’ a liostaítear thíos.

Mínítear sa ghrafaic eolais an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, príomhréimsí gníomhaíochta an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an próiseas cinnteoireachta chun dlí an Aontais a dhéanamh de na tograí.
Oiriúnach do 55: an chaoi a ndéanfaidh an tAontas dlí de spriocanna aeráide (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: an chaoi a ndéanfaidh an tAontas dlí de spriocanna aeráide (Grafaic faisnéise)

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025